Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-podchraoladh-nua-gaeilge-faoin-rothaiocht-seolta

Podchraoladh nua Gaeilge faoin rothaíocht seolta

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá podchraoladh nua tosaithe ag an gcraoltóir aitheanta as Conamara Barbara Nic Dhonnacha lena leathbhádóir Dónal Ó Duibhir, as Corcaigh, faoin rothaíocht i gcathair na Gaillimhe agus sa cheantar máguaird. 

Tá trí eagrán den phodchraoladh nua Ar Mo Rothar ar fáil ar na gnáthardáin do phodchraoltaí anois agus tá sé i gceist ag an mbeirt, atá ina gcónaí in iarthar chathair na Gaillimhe, leanacht ar aghaidh sna míonna amach romhainn ag plé shaol an rothaí sa chathair sin.

Dúirt Barbara le NÓS gurbh í an phaindéim a spreag í tabhairt faoin dá rud i gceart: an rothaíocht agus an phodchraoltóireacht. Is mar chraoltóir raidió a bhain Barbara a cáil amach ach seo é an chéad phodchraoladh riamh uaithi. Dúirt sí go raibh sé tábhachtach di go mbeadh an rud i nGaeilge agus go raibh súil aici go spreagfadh sé daoine eile a podchraoltaí Gaeilge a chruthú.

“Bhí muid ag caint air le fada, go dtosódh muid podchraoladh ar ábhar éigin, agus nuair a tháinig an phaindéim go hÉirinn dúirt muid go raibh sé chomh maith againn ceann a thosú. Bhí go leor smaointe agamsa i gcaitheamh na mblianta, nach bhfuil déanta agam fós, ach is a bhuí le Dónal atá muid ag déanamh i bhfad níos mó rothaíochta anois. Bhí an bheirt againn ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt le chéile sa mbaile, agus d’fhiafraigh mé de Dhónall an ndéanfadh sé liom é. Shíl mise nach ndéanfadh!” 

“Is breá le Dónal an rothaíocht, agus is maith liomsa í, mar sin tá téama lárnach againn don phodchraoladh ach bíonn muid ag caint faoi rudaí eile freisin. Leithscéal maith é Dónal a chur ag Gaeilgeoireacht liom!” a dúirt sí. 

Rinneadh taifead ar an gcéad dá eagrán tamall de mhíonna ó shin agus bí píosa ann sular cuireadh in airde ar Apple Podcasts, Spotify, agus áiteanna eile iad ach tá sé i gceist acu eagráin rialta a chrochadh gach dara seachtain nó mar sin anois ina gcíorfar ábhar a gcuireann rothaithe i nGaillimh agus ar fud na tíre spéis ann. 

“Cheap muid i ndáiríre nach gcuirfí an oiread sin spéise ann, ach tá pobal mór rothaíochta i nGaillimh agus tá nascanna acu sin le pobail eile rothaíochta ar fud na hÉireann agus roimh i bhfad bhí go leor daoine dár leanacht ar Twitter agus ag éisteacht leis an bpodchraoladh . Bhí muid ag #3 sa rannóg ‘caitheamh aimsire’ ar Apple Podcast in Éirinn an tseachtain seo – ní raibh súil ar bith againn go mbeadh sé ar chairt ar bith!

“Podchraoladh an-réchúiseach atá ann, déanann muid sa gcisteanach é agus bíonn muid ag caint faoi na rudaí a bhfuil taithí againn féin orthu – an rothaíocht i nGaillimh, raonta nua rothar sa gcathair agus an rothaíocht amuigh faoin tír. Tá an pobal an-láidir i nGaillimh, idir Bhus na Rothar, Fheachtas Rothaíochta na Gaillimhe, Mheitheal na Rothar agus go leor eile,” a dúirt Barbara. 

Tá taithí mhaith ag Dónal ar a bheith ag rothaíocht sa chathair agus in áiteanna eile in Éirinn agus dúirt sé gur mhaith leis tuilleadh áiseanna a fheiceáil i nGaillimh do rothaithe le go mbeadh sé níos sábháilte do dhaoine nach mbíonn ar a suaimhneas agus iad ar na bóithre in éineacht le trácht eile. 

“Níl ach seacht gciliméadar nó mar sin de raonta rothar i gcathair na Gaillimhe, agus airím go mbíonn na tiománaithe anseo níos measa ná mar a bhíonn i go leor áiteanna eile do rothaithe. Pléann muid cuid de na deacrachtaí sin ar an bpodchraoladh ach den chuid is mó beidh muid ag caint faoi na rudaí maithe a bhaineann leis an rothaíocht,” a dúirt sé.

Is féidir éisteacht le Ar Mo Rothar  ar Apple Podcasts, Spotify, agus ardáin eile podchraoltaí.  

Níos mó