Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-tuairisc-on-isiltir:-17-pairti-polaitiuil-sa-pharlaimint,-dha-eite-dheis-eagsula

TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: 17 páirtí polaitiúil sa pharlaimint, dhá eite dheis éagsúla

Ar tharracóir a chuaigh Caroline van der Plas chuig tithe an rialtais sa Háig Déardaoin seo caite, maidin i ndiaidh di suíochán a bhaint amach i bparlaimint na hÍsiltíre dá páirtí nua BoerBurgerBeweging (BBB, ‘Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach’. 

Macalla a bhí i rogha modh iompair Van der Plas de na holl-léirsithe a tharla sa tír le blianta beaga anuas inar bhlocáil feirmeoirí sráideanna na gcathracha móra lena gcuid tarracóirí d’fhonn a míshástacht a léiriú faoi na srianta daingne aeráide atá á gcur i bhfeidhm ar an earnáil talmhaíochta.

Níorbh é an BBB an t-aon pháirtí úrnua ar éirigh leo suíochán a bhaint amach in olltoghchán na seachtaine seo caite. 

Ghnóthaigh an gníomhaí ar son chearta an phobail dhuibh, Sylvana Simons, suíochán dá páirtí nua, Bij1 (‘Le Ché1le’ a thabharfaimid orthu i nGaeilge), páirtí de chuid na heite clé a sheasann don ‘chothromaíocht radacach’.

D’éirigh leis an bpáirtí nua uile-Eorpach Volt agus le páirtí nua de chuid na heite fíordheise, JA21, trí shuíochán an ceann a bhaint amach.

Leis sin, tá ionadaithe ó 17 páirtí polaitíochta éagsúil tar éis suíochán a ghnóthú sa pharlaimint, líon nár baineadh amach ach uair amháin roimhe seo, thiar sa bhliain 1918.

Ach ní hé líon ard na bpáirtithe an t-aon léiriú amháin ar a scoilte is atá tírdhreach polaitiúil agus sóisialta na hÍsiltíre i láthair na huaire.

Ceann de na rudaí suimiúla a tháinig chun solais in olltoghchán na seachtaine seo caite ná nach n-oireann na seantéarmaí ‘eite chlé’, ‘lár’ agus ‘eite dheis’ a thuilleadh don phlé ar chúrsaí polaitíochta na tíre.

Rinneadh slad ar pháirtithe na heite clé traidisiúnta, gan fágtha eatarthu ach 27 den 150 suíochán sa pharlaimint. Ach faoi stiúir an cheannaire nua Sigrid Kaag d’éirigh le D66, páirtí atá tar éis bogadh ar chlé ón lár le blianta beaga anuas agus atá go láidir ar son na haeráide, 23 suíochán a bhaint amach. Fágann sin gurb iad an dara páirtí is mó sa tír anois.

Rinneadh slad freisin ar an aon pháirtí amháin faoina bhféadfaí a rá a thuilleadh gur páirtí de chuid an láir iad, daonlathaigh Chríostaí an CDA nár fágadh acu ach 15 suíochán.

Ach is é an t-athrú is suntasaí ná gurb ann do dhá eite dheis éagsúla anois. Tá an eite dheis thraidisiúnta ann: VVD Mark Rutte, a ghnóthaigh 35 suíochán agus arb iad an páirtí is mó sa tír iad, móide dhá pháirtí bheaga Chríostaí. Ach tá an eite fhíordheis ann freisin: PVV Geert Wilders, Forum voor Democratie Thierry Baudet agus JA21 Joost Eerdmans, trí pháirtí agus triúr ceannairí nach seachnaíonn an chonspóid. 

Tá 28 suíochán i lámha pháirtithe na heite fíordheise ach tá na difríochtaí idé-eolaíochta idir iad agus na páirtithe eile (fiú páirtithe na heite deise traidisiúnta) chomh mór sin gur féidir comhrialtas ina mbeadh páirtí de chuid na heite fíordheise páirteach a chur as an áireamh.

Gach seans go mbeidh ar Rutte agus Kaag, ceannairí an dá pháirtí is mó agus nach féidir comhrialtas a bhunú dá n-uireasa, dul i muinín dhaonlathaigh Chríostaí an CDA agus páirtí nó dhó de chuid na heite clé traidisiúnta sa deireadh. 

Ach tá an chosúlacht ar an scéal faoi láthair go mbeidh an samhradh buailte linn faoin am go mbeidh toradh críochnaitheach ar na cainteanna comhrialtais.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge