Dé hAoine, Aibreán 16 2021 ag 6:01 am
Tugadh treoir do dhaoine i gcomhlacht Gaeltachta i nDún na nGall gan ach Béarla a labhairt ag an obair.
Dúradh an méid sin i meamram a scaipeadh ar bhaill foirne comhlacht a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Tarraingíodh siar an treoir neamhbhalbh nuair a d’fhiosraigh RTÉ Raidió na Gaeltachta an scéal.
Dúradh sa mheamram, a raibh ‘Use of English Language’ mar theideal air, go gcaithfí a thuiscint go mb’fhéidir go mbraitfeadh daoine “scoite amach” dá gcloisfidís san ionad oibre teanga eile seachas an Béarla.
“Ní mór Béarla a labhairt i gcónaí, bíodh tú ag comhrá faoin obair nó ag caint go neamhchúiseach le ball foirne eile,” a dúradh sa mheamram foirne.
Ní ghlacfaí le haon teanga eile san ionad oibre ach an Béarla, a dúradh.
“To facilitae effective communication between everyone in the Company, locally and globally, it is essentail that all staff…communicate, both written and verbally,
in English at all times
. Failing to do so is not acceptable,” a dúradh.
Treoir gan ach Béarla amháin a labhairt in ionad mór-chomhlacht Gaeltachta gur cliant chomhlacht de chuid @UdarasnaG iad tarraingthe siar tráthnóna i ndiaidh fiosrúcháin ó @RTERnaG faoin pholasaí úr a scaipeadh ar fhostaithe inniu. Tuilleadh ar Nuacht @RTERnaG ar maidin. pic.twitter.com/ekFddqWZP2
— Aodh Ó Fearraigh (@HMFerry) April 15, 2021