Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-iarrachtai-ar-bun-‘yr-wyddfa’-a-chur-chun-cinn-in-ait-‘snowdon’

Iarrachtaí ar bun ‘Yr Wyddfa’ a chur chun cinn in áit ‘Snowdon’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá feachtas ar bun sa Bhreatain Bheag deireadh a chur le húsáid oifigiúil an logainm ‘Snowdon’ agus an t-ainm Breatnaise ‘Yr Wyddfa’ a úsáid festa. Mhol an comhairleoir neamhspleách contae John Pughe Roberts, atá ina chónaí ar imeall Pháirc Náisiúnta Eryri (nó ‘Snowdonia’ i mBéarla, rún go n-iarrfaí ar Údarás Pháirc Náisiúnta Eryri gan an leagan Béarla d’ainm an tsléibhe ná ainm na páirce a úsáid feasta. 

Tá an-imní ar lucht labhartha na Breatnaise le blianta beaga anuas faoin gcreimeadh atá á dhéanamh ar logainmneacha Breatnaise ar fud na tíre, ach go mór mór sna ceantair ina labhraítear an Bhreatnais mar phríomhtheanga. Dúirt John Pughe Roberts go bhfuil sé tábhachtach nach gcailltear logainmneacha Breatnaise agus go bhfuil stair agus oidhreacht an cheantair fite fuaite sna logainmneacha. 

Thagair an comhairleoir contae don chinneadh rinneadh san Astráil le deireanas fáil réidh leis an ainm ‘Ayers Rock’ agus an t-ainm dúchais ‘Uluru’ a thabhairt ar an monailit cháiliúil feasta, agus do na rialacha nua a tugadh isteach i gceantair eile sa Bhreatain Bheag go dtabharfaí ainm i mBreatnais ar shráideanna nua. 

Tá Roberts den tuairim go n-imeodh an t-ainm ‘Snowdon’ as caint na ndaoine de réir a chéile dá n-éireodh Údarás na Páirce as an ainm sin a úsáid i gcomhthéacsanna oifigiúla anois. Tá tascghrúpa curtha le chéile ag an údarás anois le treoirlínte maidir le húsáid logainmneacha Breatnaise a phlé agus a chur le chéile. 

Tá a thacaíocht léirithe ag Ffred Fransis ón ngrúpa teanga Cymdeithas yr Iaith Gymraeg do rún an chomhairleora contae. Dúirt sé nach n-athrófaí ainmneacha rudaí ar nós an Arc de Triomphe san Fhrainc nó an Acropolis sa Ghréig go Béarla. 

“Tá cultúr beo na tíre ina chroí-chuid den turasóireacht agus tá sé sin fíor i gcás Cymru chomh maith tír ar bith eile. Ní hamháin gurb é ‘Yr Wyddfa’ an t-ainm atá ar ‘Snowdon’ agus ‘Cymru’, tír na gcomrádaithe, agus ní ‘Wales’, tír na strainséirí, is ainm dár dtír,” a dúirt sé. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge