Beidh beirt de na feidhmeannaigh stáit is sinsearaí atá ag plé leis an nGaeilge á gceistiú ag ócáid speisialta anocht.
Beidh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, mar chuid de phainéal a chuirfidh clabhsúr ar shraith cainteanna faoi staid na Gaeltachta.
Beidh Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí an ghrúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta; Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair; agus Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí pobail i gConamara, ag glacadh páirt sa phlé ar líne anocht freisin.
Cuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ó RTÉ Raidió na Gaeltachta an seisiún i láthair.
Is é an grúpa Teacht Aniar a d’eagraigh an tsraith cainteanna ar cuireadh tús leo mí Feabhra.
Bhí trí mhórthéama leis an tsraith – an pholaitíocht, cúrsaí éiceolaíochta agus cúrsaí reatha sa Ghaeltacht. Bhí tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, an tOlllamh Michael Cronin, Seosamh Ó Cuaig agus na Teachtaí Dála Mairéad Farrell agus Marc Ó Cathasaigh ina measc siúd a bhí i mbun cainte go dtí seo.
Reáchtálfar an seisiún deireanach anocht ar líne ar an gcóras Zoom. Beidh sé ar siúl idir 7.00pm agus 8.00pm agus beidh deis ag an lucht féachana páirt a ghlacadh sa phlé.
Is féidir clárú don ócáid anseo.