Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
10-mbliana-a-bhunaithe-a-gceiliuradh-ag-lucht-‘gaeilge-amhain’-ar-facebook

10 mbliana a bhunaithe á gceiliúradh ag lucht ‘Gaeilge Amháin’ ar Facebook

NÓS
| Maitiu O Coimin | ,

Tá deich mbliana a bhunaithe á gceiliúradh ag lucht an ghrúpa Facebook ‘Gaeilge Amháin’ an tseachtain seo. Ba ar an 16 Bealtaine 2011 a chruthaigh riarthóir an ghrúpa Ailéin Ó Clúmháin as Doire an grúpa agus thart ar dheichniúr ball ann an chéad lá. Tá fás mór tagtha ar líon na mball ó shin i leith agus beagnach 15,000 páirteach sa ghrúpa anois. 

Ar dhuine de riarthóirí an ghrúpa tá Máire Burns as contae an Dúin, atá ina ball de Ghaeilge Amháin le deich mbliana anuas agus ar dhuine de na daoine is gníomhaí ann.

“Thart fá mhí nó coicís sular thoisigh Gaeilge Amháin a chláraigh mé le Facebook agus chuardaigh mé Gaeilge air. Gaeilge na hAlban a fuair mé agus ní raibh mórán dár nGaeilge féin ann. Chonaic mé Ailéin ag scríobh i nGaeilge ar leathanaigh eile agus thug mé freagra ar rud a dúirt sé – sin an chéad uair a scríobh mé ar Facebook. 

“Chuir sé teachtaireacht chugam go raibh sé le Gaeilge Amháin a thoiseacht agus bhí mé féin i measc an chéad deichniúir a chláraigh sé leis an leathanach. Bhí Bríd Anna Ní Bhaoill as Rann na Feirste, Ailéin a bhí ag déanamh céime sa Ghaeilge i gCúil Raithin, agus mé féin a bhí díreach imithe ar an bpinsean inár riarthóirí. D’aithin mé go raibh deis mhaith ann an Ghaeilge a chur chun cinn ar Facebook,” a dúirt Máire le NÓS.

Bhí míle duine páirteach ann faoi dheireadh na bliana 2011 agus tá ag grúpa ag fás leis ó shin. 

“Tá sé chomh mór sin anois go bhfuil grúpaí eile á mbunú bunaithe ar Ghaeilge Amháin. Thosaigh grúpa eile do lucht na Fraincise agus na Gaeilge, agus tá ballraíocht mhaith acu anois. In amanna bíonn mé ag tabhairt amach faoi na daoine eile a bhíonn ag tabhairt amach go mbíonn barraíocht ceisteanna faoin ghramadach ann, ach thosaigh duine eile ó Ghaeilge Amháin grúpa atá dírithe ar an ngramadach thart fá mhí ó shin agus tá go leor de na ceisteanna á gcur ansin anois.

“Bhí feidhm do ‘Gaeilge Más Féidir, Béarla Más Gá’ fosta, leathanach eile a d’eascair as Gaeilge Amháin do dhaoine a bhí ag iarraidh giota beag Béarla a bheith ann do dhaoine nach raibh a gcuid Gaeilge chomh maith sin,”  a dúirt sí. 

“Tá thart fá 15,000 duine sa ghrúpa anois, agus bíonn daoine ag cuidiú linn mar riarthóirí. Tagann siad agus imíonn siad, glacann sé neart ama an riaradh a dhéanamh agus bím féin ar Facebook achan lá ag coinneáil súl ar an ábhar agus ar an phlé. Ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith eile sa ghrúpa. Bím féin agus Ailéin ag obair le chéile cé nár casadh ar a chéile muid ach trí nó ceithre huaire – déantar achan rud ar líne. Tháinig Bríd Anna isteach ann, agus rinne mé riarthóir di mar ba mhaith liom lucht na Gaeltachta a thabhairt isteach, shíl mé go raibh sin tábhachtach,” a dúirt Máire.

Deir Máire go bhfuil cairdeas mór anois idir go leor daoine a casadh ar a chéile an chéad uair iad ar Ghaeilge Amháin agus go raibh “go leor leor romances” ann freisin. Tá sí féin ar dhuine de na daoine atá tar éis dlúthchairde a aimsiú ar an ngrúpa. 

“An bhliain sular cuireadh tús le Gaeilge Amháin, iarradh orm dul go hOireachtas na Gaeilge i gCiarraí thar ceann an ghrúpa Gaeilge atá againn anseo i Leath Chathail fá choinne agallamh le Glór na nGael. Ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith ag an Oireachtas agus d’airigh mé scoite amach ón phobal thíos ann. Fuair mé amach go raibh cuid de na daoine ar Ghaeilge Amháin ag brath ar dhul chun an Oireachtais an bhliain dar gcionn agus bheartaigh muid teacht le chéile ann le haithne níos fearr a chur ar a chéile. 

“Chuir muid aithne ar a chéile agus rinne muid arís é cúpla uair ina dhiaidh sin. Sin an rud is tábhachtaí agus is fearr faoin ngrúpa, tá aithne againn ar a chéile agus bíonn muid ag bualadh le chéile ag ócáidí agus imeachtaí taobh amuigh den ghrúpa. Tagann daoine chugam ag ócáidí nár casadh orm riamh cheana ach aithníonn muid a chéile ó Ghaeilge Amháin,” a mhínigh Máire. 

I measc na mílte ball ar Ghaeilge Amháin, tá go leor leor daoine atá ina gcónaí thar sáile. Is Éireannaigh iad cuid acu a thug an bád bán orthu féin ach is eachtrannaigh go leor eile – idir dhaoine de shliocht na hÉireann agus daoine nach bhfuil ceangal ar bith acu leis an tír cé is moite dá spéis sa teanga. 

“Tá dlúthchairdeas cruthaithe anois nach mbeadh ann murach Gaeilge Amháin. Ta baill againn i 37 dtír ar a laghad, sin an cuntas deiridh a rinne mé, agus tá siad in achan áit. Tá daoine sa Rúis, i Haváí san Astráil, in Dubai, agus go leor áiteanna eile. Chuaigh mé féin ag stopadh le fear i bPáras agus stop fear as Texas linne i gcontae an Dúin. Ní bhíonn deireadh leis an chaint agus an phlé ar an ghrúpa mar bíonn sé ina mheán lae sna tíortha sin agus é i lár na hoíche anseo. 

“Bhí bean óg as an mBrasaíl ina ball den ghrúpa agus í ag foghlaim na Gaeilge. Thug an grúpa uchtach di agus tháinig sí go hÉirinn. Chuaigh sí i dteagmháil le cainteoirí Gaeilge as Port Láirge ar an ghrúpa agus chuaigh siad i gcion ar a chéile agus tá siad pósta trí nó ceithre bliana anois!” a dúirt Máire. 

Pobal athraitheach atá i nGaeilge Amháin agus “tagann agus imíonn baill ó bhliain go bliain”. Tá Máire, Ailéin, agus Bríd Anna i measc na ndaoine atá cláraithe leis an ngrúpa ón lá a thosaigh sé ach deir Máire gur iomaí duine a tháinig, a d’imigh, agus a tháinig ar ais i gcaitheamh na mblianta. 

“Má théim siar ocht mbliana nó mar sin, beidh daoine a bhí iontach gníomhach ann nach gcloiseann muid uathu anois, agus inniu féin tá daoine ann a bhíonn an-ghníomhach nach mbíodh ann ceithre nó cúig bliana ó shin. Is maith liom go bpléitear achan rud ann agus is maith liom go mbíonn cead cainte ag gach duine ann. Bíonn sé deacair déileáil leis sin in amanna mar caithfidh muid srian a chur ar rudaí nuair a éiríonn an plé gránna. 

“Ba iad ceist an ghinmhillte agus uachtaránacht Donald Trump i Meiriceá na ceisteanna ba mhó a tharraing conspóid le deich mbliana anuas, agus tá scéal na Palaistíne ina ábhar achrainn anois díreach. Bhí orainn cúpla duine a chuir den leathanach nach raibh in ann díospóireacht agus plé a dhéanamh mar is ceart ach is annamh a tharlaíonn sé sin. Caitheann na riarthóirí suas le sé huaire an chloig achan lá ar an ghrúpa ag coinneáil súl ar chúrsaí. Bíonn na hargóintí ceannann céanna ann ag na daoine seo arís agus arís eile agus déarfaidh Ailéin ‘tá ár sáith de sin againn’ agus bainfidh sé an phostáil,” a mhínigh Máire. 

Ach ar an mórchuid deir sí gur áit dheas é Gaeilge Amháin agus go ndéantar “neart fógraíochta agus ceiliúradh ann” faoi shaol na Gaeilge in Éirinn agus thar lear. 

“Na trí rud is fearr faoin ghrúpa ná an cairdeas a chothaítear ann ar líne agus sa bhfíorshaol: na himeachtaí a reáchtáiltear ag an Oireachtas agus an ócáid Ghaeltachta a reáchtálann Bríd Anna do mhuintir an ghrúpa i Rann na Feirste. An dara rud ná na scéalta grá – ba rud mór an pósadh sin i bPort Láirge agus bhí go leor romances eile ann mar gheall ar an ghrúpa. Agus ar deireadh an cuidiú agus an tacaíocht a thugtar do na baill – bhí mé ag caint le bean an oíche faoi dheireadh a bhí i ndrocháit nuair a tháinig sí ar an ghrúpa den chéad uair. Bhí muid maith di, fuair sí comhairle, agus tá an saol i bhfad níos fearr anois aici. 

“Rud millteanach a tharla dom féin, bhí fadhb ag iníon de mo chuid féin le leanbh sa bhroinn. Chuir mé an scéala ar Ghaeilge Amháin agus fuair mé os cionn 500 teachtaireacht idir phostálachta agus ríomhphost. Ní chreidfeá an tacaíocht ó mhuintir an ghrúpa,” a dúirt sí.

Tá Gaeilge Amháin ar cheann de na grúpaí Gaeilge is mó ar Facebook agus is féidir clárú leis anseo. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge