Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-fag-faoi-na-sioga-a-ndoirse-fein-a-dheanamh!

Fág faoi na síoga a ndoirse féin a dhéanamh!

| Aedin Ni Thiarnaigh |

Le níos mó ná bliain anuas, bhí paindéim ag réabadh fud fad na cruinne. 

Ach a fhad is a bhí ár súile ar chúrsaí COVID-19, bhí eipidéim eile ag bailiú nirt agus ag scaipeadh na bhfréamhacha i ngan fhios dúinn. 

Ní rabhas féin dall ar an bhfadhb, ach níor thuigeas a dháiríre is a bhí sé go dtí go ndeachaigh mé ar shiúlóid an tseachtain seo sa choill áitiúil. 

Áit shuaimhneach shíochánta a bhíonn ann de ghnáth an tráth seo bliana: bláthanna na gcoinnle corra ar creathadh agus talamh na coille mar a bheadh brat geal gorm os do chomhair. Bhainfeadh sé an anáil díot.

Baineadh an anáil díom alright, nuair a shroich mé an choill an lá cheana. Ní na coinnle corra ba chúis leis áfach, ach radharc gránna mínádúrtha i measc na gcrann. 

Doirse beaga ar fud na háite, i ngach aon dath agus tomhas. Ba chosúil gur phreabadar aníos ón talamh thar oíche, dála muisiriúin… muisiriúin ghránna phlaisteacha, maisithe le gliú gealra!

Chroith mé mo cheann, tharraingíos anáil isteach agus lig amach í go mall réidh leis an bhfrustrachas a scaoileadh, agus choinnigh mé orm. 

Ach ainneoin m’iarrachtaí chun suaimhnis, chuir na doirse isteach orm. Gach céim a thugas, bhí ceann nua le feiceáil, radharc gránna eile, caite le chéile ag páiste éigin agus crochta suas ar chrann le tairne – le cúnamh ó thuismitheoir ar thábhachtaí dóibh drochealaín a bpáistí a chur faoi bhráid an phobail ná sláinte chrainnte na coille. 

Ach ainneoin m’iarrachtaí chun suaimhnis, chuir na doirse isteach orm. Gach céim a thugas, bhí ceann nua le feiceáil, radharc gránna eile, caite le chéile ag páiste éigin agus crochta suas ar chrann le tairne – le cúnamh ó thuismitheoir ar thábhachtaí dóibh drochealaín a bpáistí a chur faoi bhráid an phobail ná sláinte chrainnte na coille. 

Tuigim, a léitheoir, go bhfuil cuma shearbh ar na focail sin agus, go deimhin, b’fhéidir go mbeinn níos tuisceanaí dá mbeadh páistí agam féin, ach ní fhaca sibhse cuid de na doirse seo, agus a mheasa is a bhíodar. Ní fhéadfá focal ar bith eile a chur orthu ach bruscar – bruscar a bhí tairneáilte le crann!  

Phrioc an bheach mé le rud a dhéanamh nach ndéanaim go minic: chuas go hInstagram le mo ghearán a chur os comhair an tsaoil. 

Ní ag magadh atáim nuair a deirim nach minic a dhéanaim a leithéid. De ghnáth, bíonn sé mar riail agam gan diúltachas a spreagadh ar mo chuid cuntas sóisialta, ná gearáin a chur in airde ann, ach an uair seo chaill mé mo chiall agus chuireas an scéal in airde. 

B’in mar a thosaigh Díospóireacht Mhór na nDoirse Sí. 

Ní dhearna ach mo thuairim a nochtadh le mo leantóirí agus d’iarr mé orthu an rud céanna a dhéanamh. 

Ní fhéadfainn a bheith ag súil le líon na bhfreagraí a tháinig isteach. Ba léir gur cnámh cheart spáirne a bhí ann agus bhí gach mac máthar ag iarraidh a dtuairimí a nochtadh;

“Mise ar a son, má chaitear leo mar shióga dúchais na hÉireann seachas mar Tinkerbells Disney!”

“Ba cheart do pháistí a bheith in ann a samhlaíocht féin a úsáid”*

“Bíonn corrcheann deas ach nuair a bhíonn an iomarca acu ann níl iontu ach bruscar”*

“Is breá liom iad!”

“Is deas an smaoineamh é ach ba cheart dóibh bheith déanta as ábhar in-bhithmhillte”*

“Meallann siad páistí!”

“Tá siad ceart go leor, a fhad is nach gcuireann siad isteach ar an timpeallacht”*.

“An ghráin agam orthu. Ceart go leor i do ghairdín féin. Bruscar in áiteacha eile”.

“Tá an dúlra draíochtúil agus álainn a dhóthain dá n-uireasa”*

Fuair mé na céadta teachtaireachtaí ar an ábhar (níl thuas ach blaiseadh beag) agus breathnaigh os cionn míle duine ar na scéalta ar Instagram a bhain leis an díospóireacht. Den chéad uair (agus seans maith don uair dheireanach), fuaireas blaiseadh beag de shaol Joe Duffy!

Chuireas vóta in airde chomh maith leis an cás a chíoradh i gceart. 

Tar éis 24 uair an chloig agus os cionn 500 vóta, nochtadh meon na ndaoine;

33% ar son na ndoirse agus 67% ina gcoinne. 

Sin agaibh é a chairde, fág faoi na síoga a ndoirse féin a dhéanamh. 

*Tuairimí aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge ar mhaithe leis an alt seo. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge