Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘is-cuis-choir-cheart-i-cuis-na-bpalaistineach-–-seasaimis-leo!’

‘Is cúis chóir cheart í cúis na bPalaistíneach – seasaimis leo!’

| sean o muireagain | ,

Is iontach liom go gcreideann aon duine beo rud ar bith a deir na meáin chumarsáide in Iarthar an domhain. Tá na mórmheáin, ar fud an Iarthair, ag iarraidh orainn leagan amháin de scéal na Palaistíne a chluinstin agus a chreidiúint. Tá ag éirí leo. 

Is cuma gur arm forghabhála iad arm Iosrael a dhiansmachtaíonn na críocha gafa le lámh róláidir. Is cuma go sáraíonn an Iosrael líon rómhór rún na Náisiún Aontaithe, gan iarmhairtí ar bith. Is cuma gur coilínigh iad muintir Iosrael. Is cuma go bhfuil smacht ag Iosrael ar sholáthar bia, ar sholáthar aibhléise, ar sholáthar uisce agus ar sholáthar rud ar bith eile na bPalaistíneach agus a chasann sconna na maireachtála bealach amháin nó eile nuair is mian leo féin. 

Is cuma go bhfuil an tríú arm is mó ar domhan ag Iosrael. Is cuma go bhfuil aerarm ollmhór acu, go bhfuil cabhlach cogaidh acu, is cuma sin uile agus níos mó, tá na meáin ag iarraidh orainn a chreidiúint gurb iad na Palaistínigh an dream ionsaitheach agus an pobal bagrach agus nach bhfuil Iosrael ach dá chosaint féin. Pobal nach bhfuil arm acu, nach bhfuil aon eitleán amháin acu fiú, nach bhfuil acu ach báid iascaigh. 

Ná creid nach bhfeicim na roicéid á scaoileadh isteach go cathracha Iosrael, agus aontaím go bhfuil na hionsaithe sin scéiniúil agus sceirdiúil, ach ní thig an dá thaobh a chur i gcomparáid lena chéile. Chuala mé an argóint sin le barraíocht blianta go bhfuil pobal amháin, na hIosraelaigh, á chosaint féin agus gurb é an pobal eile, na Palaistínigh, atá ar an ionsaí. 

Níl lucht Iosrael ag fulaingt mar an gcéanna. Ní mhothaíonn siadsan go bhfuil siad sa phríosún is mó ar domhan. Ní chailleann siadsan a gcuid talaimh agus a gcuid tithe lá i ndiaidh lae. Ní bhactar á soláthar uisce, ní mhúchtar an aibhléis, ní chuirtear bac ar sholáthar bia go rialta. Ná déanaimis an chomparáid sin gan na fíricí.

Is é atá ann ach gur finnéithe sinn den ghlanadh eitneach, den ghadaíocht talaimh, de na coireanna cogaidh, atá ag dul ar aghaidh le 70 bliain anuas. Ach ní hionadh é nach dtuigeann an gnáthdhuine gurb í sin an fhírinne. Cheapfá gur a mhalairt atá fíor, shílfeá gurb iad na Palaistínigh is ciontach as gach olc sa réigiún seo. Ach mharaigh fórsaí forghabhála Iosrael 80 Palaistíneach le seachtain anuas, páistí a bhí in 13 acu agus b’fhéidir níos mó anois ó scríobh mé seo. 

Maraíodh seachtar Iosraelach sa tréimhse sin chomh maith, agus beidh na teaghlaigh sin ag fulaingt chomh maith. Ní shéanaim sin, ach nuair a deirim go bhfuil ionsaithe Iosrael thar fóir agus as compás, tuigim go maith gur neamhleor an ráiteas é. Níl siad ag dul thar fóir, mar is cuid de stráitéis leathán fhada é seo. Ní gnáthchogadh é seo mar ba mhian leis na meáin go gcreidfidh muid, níl na Palaistínigh ag iarraidh tír choimhthíoch a ghabháil agus níl aon arm acu leis sin a dhéanamh. 

Tá na mílte Palaistíneach i bpríosún gan chúis, idir óg agus aosta, gan aon chuairt ceadaithe ag teaghlaigh ná lucht dlí. Pionós achomhair as seasamh in éadan Iosrael. 

Ná bíodh aon dul amú ort, is cogadh tnáite é seo go cinnte, glanadh eithneach, agus iarracht iomlán ag lucht Iosrael muintir na Palaistíne a dhíothú, as a dtír féin, le nach mbeidh iomrá ar bith orthu arís go deo ach mar sceimhlitheoirí a cuireadh síos go dlíthiúil agus go cóir. Agus mar a dúirt mé cheana féin, tá ag éirí leo. Ach cad chuige?

Agus cé hiad na dreamanna atá ag tacú leis an uafás críochnaithe seo? Na sean-amhrasaithe céanna, ar ndóighe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a ndrong lústrach comhcheilge, an Ríocht Aontaithe, an Eoraip agus cúpla náisiún eile nach iad, agus is iad mórmheáin na dtíortha sin an t-armlón is láidre atá acu. 

Ach creid nó ná creid é, tá go leor de phobal an domhain in éadan pholasaí Iosrael sa Phalaistín agus seasann siad leis an Phalaistín sna Náisiúin Aontaithe. Ach, tá a veto ag SAM le bac a chur ar aon rún a thacaíonn leis an Phalaistín nó aon rún i gcoinne Iosrael.  

Dá dheasca sin, níl fágtha ag na Palaistínigh ach a dtroid féin a dhéanamh, dá laghad é. Troid nach féidir leo a bhaint leo féin. Ní mór dúinne seasamh leo, tacú leo agus a bheith páirteach sa troid sin. Níl ach aon bhealach éifeachtach amháin againne le troid ar a son – an baghcat! 

Foghlaim fán bhaghcat, labhair le grúpaí eile a thacaíonn leis an Phalaistín, nocht tú féin den domhan agus cuir in iúl dóibh nach mbeidh tú sásta éisteacht le bréaga na meán a thuilleadh.  Is cúis chóir cheart í cúis na Palaistíne. Mura seasfaidh muidne leo, glacfaidh Iosrael leis go dtacaíonn muid lena thaobh agus go bhfuil cead a chinn aige a pholasaí díothaithe a chur i bhfeidhm. 

Ná déanaimis dearmad, tá lucht díolta arm ag súil leis an neamhaird a dhéanann muid, agus nach gcuirfear smachtbhannaí na pionós orth siúd, ná ar Iosrael féin a gcuid arm a cheannach agus a dhíol, gan iarmhairtí ná chiontacht. 

Níl aon dabht agam ach go gcaillfidh Iosrael an troid seo sa deireadh thiar thall. An t-uafás a bheas ann roimhe sin, ná go bhfaighidh barraíocht Palaistíneach neamhchiontach bás agus roinnt eile Iosraelach. An mbeidh aon náire ar an lucht cogaíochta sna rialtais san Iarthar, agus sna meáin? Ní bheidh, ach amháin má éiríonn linne sin a chur orthu. Is fúinn féin é seasamh leis an Phalaistín le crógacht agus dúthracht na bPalaistíneach a bheathú agus a chothú. Seasaimis leo!

Is bréagach iad mórmheáin an Iarthair, ná creid a dhath ar bith a deir siad!

Níos mó