Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
329-cas-nua-fogartha,-nios-lu-othar-sna-hospideil-agus-sna-haonaid-dianchuraim-na-mar-a-bhi-aon-uair-o-mhean-fomhair-seo-caite

329 cás nua fógartha, níos lú othar sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim ná mar a bhí aon uair ó Mheán Fómhair seo caite

Tuairisc
| Tuairisc.ie | , ,

329 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

57 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 19 acusan in aonad dianchúraim. Sin an líon is lú othar a bhí buailte ag an Covid-19 sna hospidéil ó lár mhí Mheán Fómhair seo caite agus an líon is ísle in aonaid dianchúraim ó dheireadh na míosa céanna.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig anuas. 143 cás nua a deimhníodh.

16 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Bhí an-mhisneach ag Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu agus é ag caint faoin rath atá ar an gclár vacsaínithe.

Dúirt an Dr Colm Henry go raibh “an dochar” bainte as an víreas i measc na ndaoine a raibh snáthaid faighte acu a bhuíochas don líon mór daoine a bhí sásta vacsaín a ghlacadh. Bhí an “dea-thoradh” sin “i bhfad Éireann níos fearr” ná mar a bhíothas ag súil leis ó na trialacha cliniciúla.

Dúirt an Dr Henry go raibh an chuma air go scaoilfeadh an clár vacsaínithe muid “ó ghreim an fhir bháite a bhí ag an víreas seo orainn” agus dúirt “is údar dóchais é sin”.

Dúirt Henry gur ghlac os cionn 90% de na daoine atá os cionn 60 bliain d’aois le vacsaín agus go mbeadh an vacsaín iomlán faighte ag an aoisghrúpa sin faoi lár mhí Iúil ach a laghdófaí an t-achar idir an dá shnáthaid de vacsaín AstraZeneca.

Dúirt an dochtúir go raibh sé ag súil go mbeadh an vacsaín iomlán faighte ag os cionn 30% den daonra faoin 5 Iúil ach go raibh sin ag brath ar an soláthar vacsaíní a thiocfadh chun na tíre.

Bhí an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan os comhair Choiste Iompair is Líonraí Cumarsáide an Oireachtais inniu agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoi thástálacha antaiginí.

Dúirt an Dr Holohan nach eol dó aon taighde maith in aon áit sa domhan a mholann tástálacha antaiginí a úsáid in earnáil an aerthaistil.

Shéan Holohan go raibh Éire “réchúiseach” ó thaobh tástálacha antaiginí a úsáid ar mhaithe leis an tír a athoscailt.

Agus cúpla staidéar á lua aige, dúirt an Príomhoifigeach Leighis go bhféadfadh roinnt rioscaí a bheith ag baint le mearthástálacha antaiginí a úsáid ar mhaithe le “solas glas” nó cead a thabhairt do dhaoine gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn nach raibh an scéal “chomh simplí le dul chuig an aerfort le cúpla míle tástáil antaiginí agus iad a thabhairt do dhaoine agus fanacht go bhfeicfeá céard a thaispeánfaidís”.

Dúirt an Dr Holohan gur fóinteach an tacaíocht don tástáil PCR na tástálacha antaiginí in áiteanna lena bhfuil ardriosca tolgtha ag baint, amhail monarchana próiseála feola nó i gcásanna a bhfuil an-seans ann go bhfuil an galar tolgtha ag daoine.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,126,677 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 772,933.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge