Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
407-cas-nua-den-choroinvireas-fogartha,-cursai-‘seasmhach-go-maith’

407 cás nua den choróinvíreas fógartha, cúrsaí ‘seasmhach go maith’

| Tuairisc.ie | ,

Tá cúrsaí an Covid-19 seasmhach i gcónaí, a dúradh ag preasocáid a bhí ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna.

Is i Luimneach is measa atá ráta scaipthe an ghalair sa stát le coicís anuas agus Dún na nGall an dara háit is measa atá buailte.

407 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 93 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 34 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Dúirt an víreolaí an Dr Cillian de Gascun, Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta maidir le Víris, tráthnóna go raibh 115 cás deimhnithe go nuige seo den chineál den víreas a dtugtar cineál na hIndia/Delta air.

Bhí líon na gcásanna den chineál sin seasmhach go maith sa mhéid is go raibh ráta fáis líon na gcásanna ag laghdú. Bhíothas sásta, a dúirt an Dr de Gascun, nach raibh cineál na hIndia/Delta den víreas ag scaipeadh níos mó i ngan fhios do na húdaráis.

Dúirt sé gur ‘faoiseamh áirithe’ é nach bhfuil cineál na hIndia den ghalar ag scaipeadh chomh tréan anseo is a tharla i Sasana.

Chaithfí a bheith aireach, áfach, a dúirt an Dr de Gascun.

733 cás den ghalar a deimhníodh i Luimneach le coicís anuas agus 376 cás in aghaidh gach 100,000 duine an ráta coicíse a bhí ann.

201 an ráta coicíse a bhí i gceist le Dún na nGall i gcomparáid le 172 in Uíbh Fhailí, an tríú contae is measa ó thaobh scaipeadh an ghalair agus 155 i mBaile Átha Cliath atá sa cheathrú háit.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Choiste Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go raibh cúrsaí seasmhach go maith ar an mórgóir.  Ar an meán, 420 cás in aghaidh an lae atá á ndeimhniú anois. Níos lú ná céad duine atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá an líon acusan atá sna haonaid dianchúraim “seasmhach”.

Idir 0.9 agus 1.05 atá ráta atáirgthe an ghalair, tá líon na gcásanna laethúla le cúig lá anuas níos lú ná 400 ar an meán den chéad uair le fada.

Chonacthas ardú suntasach, áfach, i líon na gcásanna i measc daoine idir 19-24.

Chosain an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan an cáineadh a rinne sé ar ghrúpaí daoine óga a bhailigh le chéile i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Dúirt sé gurb amhlaidh gur theastaigh uaidh aird a tharraingt ar iompar a bhí ina údar imní ó thaobh na sláinte poiblí agus gur bhain an méid a chonaic sé féin siar as.

“Sílim dá gcromfadh an Chomhairle ar imeacht taobh amuigh a eagrú ní fhéadfaidís níos mó daoine a bhrú isteach san áit chúng sin,” arsa an Dr Holohan.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 84 cás nua a deimhníodh.

17 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,053,150 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 666,957.

Tá cead oscailte ag tithe lóistín agus óstáin inniu, ach ag a n-aíonna féin amháin a bheidh seirbhís ar bith le fáil iontu.

An tseachtain tá cead ag daoine idir 40 agus 44 bliain d’aois clárú do vacsaín in aghaidh an Covid-19. Is féidir le daoine atá 44 bliain d’aois clárú ón lá inniu agus amárach iadsan atá 43. Dé hAoine a bheidh daoine atá 42 ag clárú,  41 Dé Sathairn agus dream an dá scór ar an Domhnach.

Ar a laghad 7,090 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,153 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

383,962 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 261,147 cás ó dheas den teorainn agus 122,815 cás ó thuaidh di.

Níos mó