Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
an-dara-heagran-de-‘an-focloir-aiteach’-a-reiteach

An dara heagrán de ‘An Foclóir Aiteach’ á réiteach

NÓS
| Maitiu O Coimin | ,

Tá athbhreithniú a dhéanamh ar An Foclóir Aiteach i láthair na huaire agus súil ag lucht a scríofa “botúin litrithe agus ghramadaí a cheartú” agus “líon na n-iontrálacha a mhéadú” sa chéad eagrán eile. Sheol Aire Gaeltachta na linne, Josepha Madigan, an chéad eagrán de An Foclóir Aiteach trí bliana ó shin, foclóir ina bhfuil focail, téarmaíocht agus nathanna a bhaineann leis an bpobal aiteach in Éirinn. 

Dúirt Laoighseach Ní Choisdealbha, an té a thionscnamh tiomsú an chéad fhoclóra agus í ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn in 2017, le NÓS “nach raibh [an foclóir] iontach acadúil” agus go ndearnadh é “ar son na feachtasaíochta agus ní mar shaothar acadúil”.

“Is dóigh liom nach raibh an t-am agam an uair sin a bheith iontach acadúil faoi. Rinne mé le hAontas na Mac Léinn in Éirinn é mar phíosa feachtasaíochta agus ní raibh rudaí ar eolas agam faoin bhfoclóireacht féin. Ní raibh a fhios agam go raibh an Coiste Téarmaíochta agus foinsí eile mar sin ann agus ar fáil dom le húsáid. Tá athbhreithniú á dhéanamh anois ag fear darb ainm Tadhg Mac Eoghain atá i mbun máistreachta in Ollscoil Mhá Nuad. 

“Chuir sé faoi agallamh mé agus chonaic mé go raibh sárobair á déanamh aige i réimse na téarmaíochta aití, agus dúirt mé liom féin go mbeadh sé iontach athbhreithniú ceart acadúil a dhéanamh ar an bhfoclóir. Is é Tadhg atá ag déanamh thromlach na hoibre anois,” a dúirt Laoighseach. 

Foclóir seacht leathanach a bhí sa chéad eagrán agus liostaí dátheangacha téarmaí, focal, agus nathanna in ord aibítre ann. Anuas ar an obair chothabhála a dhéanfar ar na liostaí sin, tá sé i gceist ag lucht an fhoclóra cuir le líon na n-iontrálacha agus míniúcháin, i nGaeilge agus “b’fhéidir i mBéarla fosta” a chur le cuid den téarmaíocht nach mbeadh an oiread sin taithí ag an mórphobal uirthi. 

“Cuirfidh muid leis, níl mé cinnte faoi na rudaí a chuirfear leis, ach an rud faoin téarmaíocht, i réimse ar bith, ná go mbíonn sé ag athrú an t-am ar fad. Tá an focal ‘homosexual’ cineál ciotach anois, bhí baint aige le cúrsaí leighis agus d’úsáidtí é le cur síos a dhéanamh ar “dhuine a bhí tinn”. An rud is tábhachtaí domsa ná na botúin chló agus earráidí eile atá sa chéad eagrán a ghlanadh. 

“Tá muid ag caint faoi mhíniúcháin a chur taobh leis na focail, nó le cuid acu. Téarmaí cosúil le ‘intersex’ nó cibé rud a bheadh i gceist. Ní hé go gceapann mé go bhfuil an pobal aineolach faoi na cúrsaí seo, ach amanna bíonn focail ann nach mbíonn chomh soiléir céanna le focail eile. B’fhéidir nach dtuigfeadh achan duine coincheap ‘intersex’ nó fiú ‘transgender’, agus go gcabhródh míniúchán, i nGaeilge agus b’fhéidir i mBéarla, leo,” a dúirt Laoighseach le NÓS.

Tá tráchtas a mháistreachta á scríobh ag Tadhg Mac Eoghain faoi láthair agus tá an t-athbhreithniú ar An Foclóir Aiteach á dhéanamh aige mar chuid den saothar acadúil sin. Níl sprioc, mar sin, á lua ag Laoighseach le ag Tadhg d’fhoilsiú an chéad eagráin eile den fhoclóir. 

Agus í ag trácht ar an tionchar a bhí ag an gcéad eagrán de An Foclóir Aiteach ar phobal labhartha na Gaeilge, dúirt Laoighseach go bhfeiceann sí cuid de na téarmaí a chum sí féin nó a bhailigh sí ó fhoinsí eile i mbéal an phobail aitigh Ghaelaigh anois. 

“Chonaic mé amanna go raibh daoine ag úsáid téarmaí ón bhfoclóir sa bio ar Twitter nó ar Instagram, ach níl mé cinnte faoin saol acadúil. Anois, ní hin le rá gur chum mé féin na téarmaí – bhí go leor acu in úsáid cheana féin. Chuala mé an focal ‘aiteach’ féin den chéad uair agus mé ag seimineár i nGaillimh roinnt blianta ó shin. 

“Bhí sé de cheart agam dul i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta agus níor raibh mé go raibh sé ann ag an am agus go raibh saineolaithe ann a bhíonn ag plé leis na rudaí seo. Bhí aiféala orm faoi sin, ach nuair a bhaineann tú le heagraíocht nó le feachtas nó rud ar bith mar sin, is minic a bhíonn tú i mbolgán agus ní smaoiníonn tú faoi na rudaí seo,” a dúirt sí. 

Tá an chéad eagrán den fhoclóir ar fáil ar shuíomh Aontas na Mac Léinn in Éirinn i gcónaí agus bhí cóipeanna crua ar fáil nuair a seoladh in DCU é i mí Mhárta na bliana 2018. Dúirt Laoighseach le NÓS nach bhfuil aon phlé ar bun faoi láthair le tithe foilsitheoireachta leis an dara heagrán a chur i gcló ach go mbeadh spéis aici ina leithéid de thogra. 

“An rud is tábhachtaí, áfach, ná go mbeadh teacht ag an bpobal aiteach in Éirinn ar an leagan digiteach saor in aisce. Bheadh sé iontach dá mbeadh sé i gcló ach an rud is tábhachtaí ná nach mbeadh ar an bpobal airgead a chaitheamh air murar mhaith leo,” a dúirt sí. 

Ba chomhthogra idir Aontas na Mac Léinn in Éirinn, BelongTo agus an Transgender Equality Network of Ireland a bhí in An Foclóir Aiteach agus súil ag lucht a chruthaithe go dtabharfaí deis don phobal LADT labhairt go héasca agus go hoscailte faoina saol i nGaeilge. 

“D’eascair An Foclóir Aiteach as an tuairim nach raibh an téarmaíocht ag an bpobal LADT in Éirinn le cur síos ar a saol féin ina dteanga féin. Níor aistríodh go leor den téarmaíocht cheana agus ní raibh focail a bhí i mbéal an phobail LADT in Éirinn ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Bhí roinnt mhaith scoileanna lán-Ghaeilge i dteagmháil linn freisin faoi théarmaíocht Ghaeilge a d’fhéadfaí a úsáid agus iad ag labhairt lena ndaltaí faoi cheisteanna LADT,” a dúirt Gordon Grehan ó TENI le NÓS in 2018.

Ina léirmheas ar An Foclóir Aiteach a foilsíodh ar an suíomh seo, dúirt Seán Mac Risteaird “nár tugadh cúram do chruinneas na Gaeilge” sa leabhar agus gur léir nach

Ndeachthas i gcomhairle leis “an aos acadúil ná le saineolaithe atá ag obair trí mheán na Gaeilge ar dhioscúrsaí aiteacha”. 

“Is cosúil gur bhraith an grúpa ar an aistriúchán meicniúil agus nach ndearna siad iarracht Gaeilge nádúrtha a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar fhéiniúlacht agus ar chúrsaí gnéis.

“Ní saothar acadúil é An Foclóir Aiteach. Is cáipéis thábhachtach í a thugann léargas ar an bpobal aiteach Gaelach atá timpeall orainn. Baineann scríbhneoirí an eagráin a n-aidhm amach — téarmaíocht nua a chumadh ar thaithí an duine aitigh,” a scríobh Seán Mac Risteaird. 

Féachfar na dearmaid a luaigh ár léirmheastóir a chur ina gceart sa chéad eagrán eile den fhoclóir.

.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge