Comórtas Eolaire Gnó: Dearbhán €50 d’Óstán Chuan Charna le buachan!
An bhfuil tú ag smaoineamh ar shaoire a chur in áirithe sa Ghaeltacht agus athoscailt na tíre faoi lánseol faoi láthair? Beidh deis ag an mbuaiteoir ádhúil dearbhán €50 a chaitheamh in Óstán Chuan Charna i gConamara, buíochas leis an Eolaire Gnó ar PEIG.ie.
Is féidir catagóir agus contae a roghnú ar PEIG.ie/Eolaire le gnó le Gaeilge a aimsiú. Agus an bhéim ar laethanta saoire sa bhaile arís i mbliana ná déan dearmad go bhfuil Lóistín, Leaba agus Bricfeasta agus Óstáin a chuireann seirbhís Ghaeilge ar fáil timpeall na tíre.
Tá 23 áit a chuireann lóistín le Gaeilge ar fáil ar ár liosta faoi láthair. Is féidir súil a chaitheamh ar na cinn atá ar an Eolaire anseo.
Óstán Chuan Charna
Tá an t-óstán lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gceartlár Ghaeltacht Thiar Chonamara agus tá sé timpeallaithe ag cuid de na radhairc tíre is breátha in Éirinn, chomh maith le bheith ina bhunáit den scoth le turas a thabhairt ar Réigiún Chonamara. Is féidir gach seirbhís san Óstán a fháil thrí Ghaeilge.
Le bheith san iomaíocht ar Twitter:
- Lean @PEIG_ie ar Twitter
- Tabhair croí don phostáil
- Atvuíteáil
Le bheith san iomaíocht ar Facebook:
- Lean PEIG.ie ar Facebook
- Tabhair ordóg don phostáil
- Cuir clib ar chara
Le bheith san iomaíocht ar LinkedIn:
- Lean PEIG.ie ar LinkedIn
- Tabhair ordóg don phostáil
- Cuir clib ar chara
Le bheith san iomaíocht ar Instagram:
- Lean @PEIG_ie ar Instagram
- Cuir clib ar chara
- Roinn ar bhur scéal Instagram