Níor chóir “cnámh spairne” a dhéanamh de chur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge, a deir an Taoiseach Micheál Martin.
Sin a bhí le rá ag an Taoiseach agus Edwin Poots éirithe as ceannaireacht an DUP de bharr achrann inmheánach sa bpáirtí. Trí seachtaine a bhí Poots ina cheannaire.
D’iarr an Taoiseach ar dhaoine “staidéar a dhéanamh” tar éis “24 uair an chloig an-suaite”.
Thug polaiteoirí an DUP aghaidh a gcraois ar a gceannaire de bharr an margadh a rinneadh le rialtas na Breataine faoin reachtaíocht Ghaeilge agus faoi cheapadh na gcéad-airí.
Agus é ag caint ag Tithe an Rialtais inniu, dúirt an Taoiseach nach dóigh leis go ndearna Rialtas na Breataine botún nuair a gheall siad go dtabharfaidís an reachtaíocht Ghaeilge isteach dá dteipfeadh ar Stormont sin a dhéanamh.
Dúirt an Taoiseach go raibh sé “míthráthúil” ach gur le dea-intinn a rinne an Státrúnaí Brandon Lewis an margadh.
Dúirt Martin go raibh aontú faighte faoin reachtaíocht don Ghaeilge roimhe seo.
“Bhí glactha ag páirtithe éagsúla leis an Acht Gaeilge roinnt uaireanta roimhe seo. Tá sé ar an gclár oibre le tamall fada. Sílimse nár cheart cnámh spairne a dhéanamh den Acht Gaeilge ná dá fheidhmiú.
“Sílimse nár chóir go mbeadh sé ina údar leis an Tionól a bhascadh agus gan an Feidhmeannas a rith.
“Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go n-oibreoimid ar fad ar an oileán as lámha a chéile ar mhaithe leis an tsíocháin ionas go ndéanfaidh daoine staidéar agus muid ar fad ag díriú ar an rud is tábhachtaí i dTuaisceart Éireann, sin a bheith ábalta oibriú ar na fadhbanna bunúsacha práinneacha,” a dúirt an Taoiseach.
Top of Form
Bottom of Form
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach raibh déanta ag Rialtas na Breataine ach gealltanas a thabhairt go gcuirfidís i bhfeidhm reachtaíocht a gheall siad 15 bliain ó shin agus a gealladh arís i gcomhaontú roinnt na cumhachta anuraidh, Ré Nua, Cur Chuige Nua.
“Níl aon rud nua anseo, níl ann ach comhlíonadh an ghealltanas a tugadh leis an bhFeidhmeannas a athbhunú,” a dúirt Coveney.
Dúirt sé gur “pacáiste tomhaiste a bhí ann ar theanga agus ar chultúr”.