Tá measúnú le déanamh maidir le Coláiste Gaeilge a athbhunú i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, atá ar cuairt ar Chiarraí faoi láthair, deontas €5,760 do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun scagadh a dhéanamh ar an moladh go mbunófaí Coláiste Gaeilge sa cheantar.
Coláiste samhraidh Gaeilge a bhunú ceann de na spriocanna a bhí i bPlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh a seoladh in 2019.
Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó 8.5% in 2011 go dtí 6.9% in 2016, rud a fhágann go bhfuil an ceantar ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh na teanga sa tír.
Tá ráite ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh go bhfuil sé mar aidhm acu go mbeadh méadú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa cheantar faoi 2022.
D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers freisin deontas €3,886 do CLG Naomh Mícheál chun trealamh giomnáisiam a cheannach.
Tá an tAIre Stáit i gCorca Dhuibhne inniu, mar a bhfuil sé ag bualadh le grúpaí pobail sa cheantar. Fógraíodh go bhfuil deontas €21,000 ceadaithe aige d’Áiseanna na hÓige chun bus a cheannach don tseirbhís réamhscoile atá á reáchtáil acu.
Rachaidh an tAire Stáit go Baile Bhuirne i gCorcaigh freisin agus é le cuairt a thabhairt ar Choláiste Íosagáin, a bhfuil €2.7 milliún ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun é athfhorbairt, agus ar CLG Naomh Abán.
Dúirt an tAire Stáit go raibh “áthas ar leith” air cuairt a thabhairt ar Chiarraí agus ar Chorcaigh chun an obair atá á déanamh ag coistí agus eagraíochtaí áitiúla agus ag Údarás na Gaeltachta a fheiceáil.
“Rachaidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu chun leasa na bpobal seo, le tionscadail thábhachtacha a fhorbairt agus deiseanna sóisialta, cultúrtha, teanga agus eacnamaíocha a chur ar fáil sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire.