Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
5-bhuaicphointe-i-gcontae-dhun-na-ngall

5 bhuaicphointe i gContae Dhún na nGall

| 1 |

Póilín Nic Géidigh

Tá liosta foilsithe ag an suíomh taistil goadventure.com de na háiteacha is deise in Éirinn, ina bhfuil na radhairc is fearr, agus ní chuirfidh sé iontas ar dhuine ar bith a raibh sé de phribhléid acu riamh tréimhse a chaitheamh ar thalamh naofa an Iarthuaiscirt – mo chondae dúchais féin, Dún na nGall – go bhfuil muid ag barr an liosta.

Tá seoda luachmhara le feiceáil sa chontae nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile sa tír, ó bhailte beaga suite idir cnoic agus cósta, go barr na hEaragaile, an pointe is airde sa chondae atá ag seasamh go bródúil os cionn Ghleann Nimhe. Ó thráigh Ros Neamhlach go beanna Shliabh Liag, go Ceann Mhálainne, áit a dtig seasamh faoi sholas glé na nGealán Thuaidh, tá go leor suilt agus tairbhe le baint as turas go Tír Chonaill.

Mar sin, shíl mé go ndéanfainn liosta s’agam féin de (chuid) de na háiteacha ar fiú cuairt a thabhairt orthu sa chontae, le taispeáint cén fáth ar bhain muid amach an chéad áit ar an liosta.

  1. Tráigh Dhroim na Tine

B’fhurast cailleadh amach ar an tráigh álainn seo muna bhfuil aithne agat ar an cheantar ach 5 bhomaite ar shiúl ó na Croisbhealaí – An Fál Carrach – tá Tráigh Dhroim na Tine. 4km de thráigh aoibhinn, a dhéanann cuan de Bhá Bhaile an Easa, agus atá scartha ag béal na mara ó Thráigh Mhachaire Rabhartaigh.

Tá seoid rúnda le fáil ag bun na tráigh, trasna na habhann, áit a bhfuil áirse farraige i bhfolach ar chúl na mbeann, nach dtig dul a fhad leis ach le linn lag trá. Ar do bhealach ar ais, faigh toastie ag veain Mountain Melts sa charrchlós. Níor bhlais tú ceapaire cosúil leis riamh.

  1. Machaire Rabhartaigh / Na hOileáin

Níl mé ag dul rófhada ó Dhroim na Tine don dara háit ar mo liosta, ach caithfear a bheith claonta i dtreo do pharóiste féin. Is tráigh fhada fhairsing í Machaire Rabhartaigh atá ina bunáit le cuairt a thabhairt ar na hoileáin amach ón chósta; Inis Bó Finne, Inis Dumhaigh, Inis Beag, agus Oileán Thoraí.

Ní strainséirí iad muintir Thoraí de bheith ag fáiltiú roimh chuairteoirí, agus go leor le feiceáil thart ar an oileán, le turais threoraithe ar fáil anois ón chomhlacht Turais Thoraigh @toryfastferrytours.

Tá seirbhís úr farantóireachta ar bun fosta go hInis Bó Finne, rud a thugann deis do mhuintir na háite agus do thurasóirí cuairt a thabhairt ar an oileán álainn atá le feiceáil díreach amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh.

Más spórt uisce atá á lorg agat, tá ionad úr foscailte ag scoil surfála Narosa ar an ché, ina bhfuil siopa agus caifé. Reáchtáiltear ranganna surfála suas le trí huaire sa lá i rith na seachtaine sa tsamhradh.

  1. Gailearaí agus Teach na Gléibe

Suite in aice le Loch Ghartáin, áit bhreithe Naomh Colmcille, a bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ar 1500 bliain óna bhreith i mbliana, tá Gailearaí agus Teach na Gléibe, áit a raibh cónaí ar an ealaíontóir Derek Hill ar feadh 30 bliain. Fuair Derek Hill spreagadh dá phíosaí ealaíne ó thírdhreach na contae agus óna thréimhse ar oileán Thoraí. Ba é a theagasc na chéad ealaíontóirí ar an oileán, James Dixon ina measc, a bhfuil cliú leitheadach orthu mar gheall ar a bpéinteáil.

Spreag an áit seo go leor de mo chuid suime féin san ealaín agus mé ag tabhairt cuairt air i m’óige. Tá Teach na Gléibe maisithe le patrúin William Morris, le pictiúir de chuid Picasso, agus le píosaí a bhailigh Derek Hill ón tSeapáin agus ó i bhfad i gcéin. Sa Ghailearaí, atá foscailte arís anois, bíonn taispeáintais éagsúla ó ealaíontóirí áitiúla agus as níos faide ó bhaile. B’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar an láthair díreach le tailte agus garraithe an tí agus an ghailearaí a fheiceáil, agus tú féin a chailleadh i measc na mbláthanna.

  1. Teach Solais Fhánada

Suite go bródúil ar leathinis Fhánada, tá an Teach Solais, atá in úsáid ón bhliain 1817, agus a bhfuil duaiseanna buaite aige de bharr a áilleachta. Thig radharc iontach a fháil ar na tonnta ag pléascadh in éadan na mbeann, nó thig cuairt a thabhairt ar an fhoirgneamh féin, faoi threoir na n-oibrithe a thugann aire dó.

Tá deis ar leith ar fáil do chuairteoirí fanacht thar oíche i lóistín an tí solais, agus múscailt le fuaim na dtonnta agus na n-éan i bhfiántas iargúlta Cheann Fhánada.

  1. An Charraig Fhinn

Níl ach bealach amháin le taisteal go Dún na nGall ó Bhaile Átha Cliath, i mo thuairimse. Má tá deis agat theacht ar an eitleán go hAerfort na Carraige Finne, gheobhaidh tú radharc ón spéir ar chnoic agus ar chósta na contae. Tá gradam don Aerfort is deise ar an domhan le tuirlingt ann buaite ag Aerfort Dhún na nGall le roinnt blianta anuas, agus b’fhurast a fheiceáil cad chuige. Faigh suíochán ag fuinneog an eitleáin le radharc a fháil ar na tráigheanna rúnda, lochanna na Rossa, an fharraige fhiáin, agus sléibhte Dhoire Bheatha. Nuair a bhaineann tú an talamh amach, tabhair cuairt ar thráigh na Carraige Finne, tráigh a bhfuil Brat Gorm buaite aige bliain ar bhliain. Nó, más cuan beag suaimhneach ba mhaith leat, léim isteach san uisce soiléir ag Tráigh an Bháid, taobh thiar den Aerfort.

Níl anseo ach blaiseadh beag claonta den mhéid atá le feiceáil i gcontae Dhún na nGall, ach is léargas é ar tharraingt na contae, agus ar an chúis ar roghnaíodh Dún na nGall mar an áit is deise in Éirinn (Mí-ádh oraibhse, muintir Chiarraí, ach tá muid á rá le blianta).

Cibé áit ar domhan a dtéann tú, níl áit ar bith cosúil linn, agus beidh fearadh na fáilte romhat i gcónaí san Iarthuaisceart.

Níos mó