Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘camino-cholm-cille’-ar-siul-i-ngaeltacht-thir-chonaill

‘Camino Cholm Cille’ ar siúl i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá na scórtha daoine ag siúl ar ‘Shlí Cholm Cille’ i nGaeltacht Dhún na nGall an mhí seo agus comóradh 1,500 bliain á dhéanamh ar an naomh. Thosaigh an tsiúlóid mhór i nGleann Cholm Cille inné agus beidh na hoilithrigh ar an bhealach go deireadh na seachtaine seo chugainn agus iad ag dul trí cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall – Ard an Rátha, an Clochán Liath, Gaoth Dobhair, Machaire Rabhartaigh, agus Toraigh féin. 

Siúlóid 12 lá, 270 ciliméadar í Slí Cholm Cille agus beifear ag tabhairt cuairte ar áiteanna a luaitear leis an naomh mór i nDún na nGall agus i nDoire. 

“Is turas é ina dtugtar cuairt ar na príomhláithreacha oidhreachta Cholm Cille, agus tugtar an deis do na hoilithrigh siúl trí chuid de na ceantair is áille i nDún na nGall agus i nDoire. Beifear in ann í a shiúl an dá threo amach anseo, agus tá súil againn í a shíneadh chomh fada soir le cósta thuaidh Aontroma agus trasna na farraige go hAlbain fosta. 

“Is slite atá ann cheana féin a úsáidtear den chuid is mó, slite na Gaeltachta ina measc: Slí Cholm Cille i nGleann Cholm Cille, Slí an Earagail, Slí na Rosann, agus Slí na Finne. Téitear ar chuid na de bealaigh ghlasa a tógadh fsta. Beidh muid ag siúl ar chosáin oifigiúla agus i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha an oiread agus is féidir,” a dúirt Brian Mac Gairbheith, ón ngrúpa ‘Turas Colmcille’, le NÓS.

Dúirt an tEaspag Alan Mac Guckian, duine d’eagraithe na siúlóide, gurbh é an rud a spreag Slí Cholm Cille ná “cineál Camino de Santiago” a chur ar bun i ndúiche Cholm Cille, go háirithe agus comóradh 1,500 bliain ó rugadh an naomh ar siúl i mbliana.

“An rud a spreag muid ná toisc gurb é seo 1,500 bliain ó rugadh Colm Cille i nGartán anseo i gCo. Dhún na nGall, agus go bhfuil a oiread sin áiteanna ar fud an chontae nasctha leis an naomh, agus de thairbhe go bhfuil áiteanna eile idir Gleann Cholm Cille agus Doire Cholm Cille, ba léir dúinn go raibh ábhar Camino ann. Mar sin de, don cheiliúradh mór i mbliana, thug muid an dúshlán dúinn féin na háiteanna sin a nascadh le chéile.”

“Beidh muid ag tabhairt cuairteanna ar áiteanna thar a bheith suimiúil ó thaobh thraidisiún Cholm Cille de, agus siúl tríd an Ghaeltacht, Gaeltacht na Rosann; Gaoth Dobhair; Cloch Cheann Fhaola; agus beidh deis againn bualadh leis na daoine ansin agus cultúr Gaelach Chontae Thír Chonaill a bhlaiseadh, agus nuair a bhíonn tú ar oilithreacht mar seo, bíonn ort bheith oscailte do cibé rud atá os do chomhair,” a dúirt an tEaspag Mac Guckian. 

Is féidir túilleadh eolais a fháil ar an tsiúlóid mhór seo nó páirt a ghlacadh ar aon lá má bheidh tú sa cheantar cuí, ach teagmháil a dhéanamh le Maureen Curran ag maureenwcurran@yahoo.ie.

Níos mó