Tá easpa feighlithe linbh le Gaeilge ina bac roimh thógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, de réir tuarascála nua.
De réir anailíse nua ar phleananna teanga na Gaeltachta, níl aon chóras ceart ann lena chinntiú go mbeidh feighlithe linbh a bhfuil Gaeilge acu ar fáil do thuismitheoirí.
Deirtear gur minic gur ‘Béarla amháin’ nó ‘Béarla den chuid is mó’ a bhíonn á labhairt ag feighlithe linbh sa Ghaeltacht.
De réir na tuarascála a rinne taighdeoirí i gColáiste Mhuire gan Smál do Thuismitheoirí na Gaeltachta, is fadhb í seo do theaghlaigh atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.
“Tuigtear go mbíonn feighlithe linbh ag obair i dteaghlaigh na Gaeltachta ach de réir dealraimh, gur ar bhonn príobháideach a bhíonn a leithéid de chóras ag feidhmiú.
“Is minic freisin gur i mBéarla a chuirtear an tseirbhís ar fáil agus nach ann do chóras struchtúrtha ná scéim ar leith chun feighlithe linbh le Gaeilge a aimsiú,” a deir údair na tuarascála Staidéar ar Theaghlaigh atá ag Tógáil a gClann le Gaeilge Laistigh de Limistéir Oifigiúla na Gaeltachta.
Moltar sa tuarascáil a seoladh inné go gcuirfí córas oifigiúil ar bun a chuideodh le tuismitheoirí Gaeltachta teacht ar fheighlithe linbh a bhfuil Gaeilge acu.
“Chaithfí a chinntiú go mbeadh buntáiste ann don fheighlí linbh páirt a ghlacadh sa scéim agus gurbh fhiú dóibh é a dhéanamh,” a deirtear.
Géarchéim – 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge
Deir údair na tuarascála nach mór tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh “go leanúnach” agus gur gá go mbeadh “cinnteacht agus buaine ag baint leis an tacaíocht sin”.
Tá gá le plean faoi sholáthar seirbhísí éagsúla, a deirtear.
“Moltar go dtiocfadh na ranna, na heagraíochtaí, na cumainn agus na hoibrithe deonacha a bhíonn ag obair le teaghlaigh na Gaeltachta le chéile le plean cinnte a leagan amach agus go gcinnteodh na húdaráis go mbeadh maoiniú seasta ar fáil don phlean sin.”
Moltar freisin go gcinnteofaí go mbeadh na seirbhísí éagsúla a bhfuil tóir orthu i Limistéar Pleanála teanga ar leith ar fáil i ngach LPT. I gcás na Limistéar Pleanála Teanga a bhfuil an Béarla in uachtar iontu deirtear go bhfuil sé “tábhachtach líonra nó gréasáin a chruthú le deis a thabhairt do na teaghlaigh sin teacht le chéile agus pobal Gaeilge a bhunú dóibh féin”.
Deirtear gur léir go bhfuil “an Béarla i réim” mar “teanga shóisialaithe na bpáistí Gaeltachta” agus moltar imeachtaí sóisialta a eagrú a d’fhreastalódh ar riachtanais teanga éagsúla na dteaghlach éagsúla san.
Moltar go gcinnteofaí go mbeadh oideachas Gaeilge ar fáil do gach páiste sa Ghaeltacht ón réamhscoil go dtí an iarbhunscoil, agus ag an tríú leibhéal nuair is féidir.
Maítear sa tuarascáil gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil do thuismitheoirí sa Ghaeltacht agus na seirbhísí atá ag teastáil uathu. Ní fheileann “cur chuige amháin” do na Limistéir Pleanála Teanga ar fad, a deirtear.
I measc na ndúshlán is mó a aithníodh sna pleananna teanga, dúradh go raibh sé deacair freastal ar riachtanais éagsúla na dteaghlach éagsúla.
“Is mór idir teaghlach amháin agus teaghlach eile a bhfuil an sprioc chéanna acu, clann a thógáil le Gaeilge. Ní mór seirbhísí a bheith ar fáil le freastal ar theaghlaigh ilchineálacha, sé sin nuair is cainteoirí dúchais iad na tuismitheoirí, nuair is cainteoir dúchais duine amháin de na tuismitheoirí, nuair nach cainteoirí dúchais iad ceachtar de na tuismitheoirí ach atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge nó nuair is teanga nach mórtheanga de chuid na dúiche í príomhtheanga an teaghlaigh.”
Deirtear go bhfuil “dúshlán an-mhór” ann maidir leis “an óige a mhealladh i dtreo na teanga agus i dtreo imeachtaí cultúrtha”.
Maíonn na húdair gur “laige” é ar an gcóras pleanála teanga nár leanadh “aon mhodheolaíocht amháin” agus fianaise á bailiú do na pleananna teanga éagsúla.