Tá cáineadh géar déanta ag Gearóid Denvir, údar agus iar-ollamh le Gaeilge, ar an chúrsa nua Ardteiste atá le tabhairt isteach don Ghaeilge.
Ag trácht dó faoin siollabas nua, T1 agus T2, atá beartaithe don Ghaeilge, dúirt Gearóid Denvir go raibh “díchultúrú iomlán” á dhéanamh ar an teanga “mar ábhar, mar earra cultúrtha agus mar oidhreacht choitinn de chuid na tíre seo”.
“Tá sé togha a bheith in ann, mar a deir siad, cumarsáid a dhéanamh nó cupán caife a cheannach nó comhrá a dhéanamh bunaithe ar phictiúr faoi thimpiste ghluaisteáin ach tá i bhfad níos mó i dteanga ná an chumarsáid thanaí sin ar leibhéal an-íseal.
“Tá dhá mhíle go leith bliain d’fhorás daonna, d’fhorbairtí in intinn agus in anam an duine… le feiceáil in san traidisiún sin agus má tá muid le feidhmiú ar leibhéal ard daonnachta, má tá muid le feidhmiú ar leibhéal atá fiúntach dúinn mar dhaoine daonna, caithfidh muid a bheith in ann é sin a dhéanamh in sa teanga atá againn,” a dúirt Gearóid Denvir.
Agus a leabhar nua An Peann is a Bhfuil Ann, foilsithe ag Coiscéim á sheoladh ar an chlár Iris Aniar ar maidin, cháin sé a theoranta is atá an siollabas nua Ardteiste don Ghaeilge T1 i gcomparáid le siollabas an Bhéarla.
“Má dhéanann tusa Béarla mar T1, mar a chaitheas chuile duine sa tír seo a dhéanamh, muintir na Gaeltachta, muintir na Polainne, na Sínigh atá ag teacht isteach, na nua-Éireannaigh seo uilig atá ag teacht isteach sa tír, léann tú 48 dán le ochtar nó naonúr filí, léann tú trí nó ceithre úrscéal, léann tú dráma le Shakespeare.
“Má dhéanann tú Gaeilge, té ceithre scór leathanach próis, tá dhá cheann déag nó trí cinn déag de dhánta agus cuid acu sin coillte, ‘An Spailpín Fánach’, gan ann ach ceithre véarsa faoi láthair. Ní thugann sé sin saibhreas cultúrtha sách domhain don duine agus é nó í ag iarraidh dul i ngleic leis an saol.”
Dúirt Denvir go raibh “faitíos” air go raibh “dearmad glan déanta” ag an stát ar an dualgas atá air daoine a chumasú sa teanga.
“Tá sé de dhualgas ar an stát freastal orainne, pobal an stáit sin, agus a chumasú dúinn go mbeadh muid in ann é sin a bhaint amach agus faitíos orm in san machnamh ar fad atá ar bun mar shampla, sa dréachtsonraíocht don Ardteist, go bhfuil dearmad glan déanta ar an mbunphrionsabal sin.
“Níl tú ag iarraidh an seansaol a thabhairt ar ais, níl tú ag iarraidh Peig a thabhairt ar ais mar bhuntéacs ar an Ardteist ach fós féin caithfidh tú an dream atá ag déanamh an chúrsa a chumasú in sa teanga sin, is cuma más leibhéil atá i gceist agus más T1 atá i gceist, sin do theanga dhúchais, do chéad teanga agus níl sé sin á dhéanamh in sa chineál machnaimh atá ar bun ag an Stát, agus an NCCA agus an Roinn Oideachais faoi láthair,” a dúirt Gearóid Denvir.
An scríbhneoir agus Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Alan Titley a sheol leabhar nua Ghearóid Denvir ar Raidió na Gaeltachta ar maidin agus a cháineadh féin á dhéanamh aige ar an Ghaeilge sa chóras oideachais.
Dúirt Titley gur léiriú é “teip ghránna” an chórais oideachais i leith na Gaeilge go bhféadfadh mic léinn tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge agus gan oiread agus leabhar amháin léite acu.
“Bhí mic léinn agamsa a tháinig isteach go UCC agus chuirfinn ceist orthu cad a bhí léite agat i nGaeilge agus ní bhíodh oiread agus leabhar amháin léite acu. Tá tú ag tosú ar chúrsa ollscoile agus gan oiread agus leabhar amháin léite agat. Tá sé sin scannalach agus uafásach agus is teip ghránna í sin,” a dúirt Alan Titley.