Tá an beart déanta ag Paul O’Donovan agus Finbar McCarthy agus bonn óir tugtha leo acu sa chomórtas rámhaíochta Bád Beirte Éadrom ar maidin.
Ba iad na hÉireannaigh rogha láidir na coitiantachta tar éis dóibh Craobhacha na hEorpa agus an Domhain a bhuachan le blianta beaga anuas agus bhí siad dosháraithe arís ag an leibhéal is airde.
Is é seo an chéad uair d’Éirinn bonn óir a bhuachan sa rámhaíocht sna Cluichí Oilimpeacha agus an deichiú bonn óir riamh atá buaite ag Éirinn ag na Cluichí. Is é an bonn óir an dara bonn atá buaite ag O’Donovan a bhuaigh bonn airgid lena dheartháir Gary sa bhád leis cúig bliana ó shin i Rio.
Cúpla lá iontach a bhí ann do rámhaithe na hÉireann agus bonn cré-umha buaite ag Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty inné.
Thug foireann na Gearmáine dúshlán na nÉireannach sa rás ceannais ar maidin ach léirigh O’Donovan agus McCarthy a gcumas sa dara cuid den rás chun críochnú 0.86 soicind chun tosaigh ar bheirt na Gearmáine. An Iodáil a thug leo an bonn cré-umha agus iad beagnach ocht soicind chun deiridh ar O’Donovan agus McCarthy.
Cé gur chuir na Gearmánaigh an-thús leis an rás, dúirt Paul O’Donovan i ndiaidh na rása nach raibh sé féin ná McCarthy róbhuartha faoin teacht aniar a bhí le déanamh acu.
“Déanann muid an t-am go léir é agus oibríonn sé amach dúinn go hiondúil,” a dúirt O’Donovan le RTÉ.
“Nuair a bhí muid ag breith suas leo, bhí a fhios againn go mbeadh muid in ann coinneáil orainn ag an leibhéal sin.”
D’fhág taispeántais O’Donovan agus McCarthy le cúpla bliain anuas gurb iad rogha láidir na coitiantachta chun an bonn óir a bhaint ag na Cluichí Oilimpeacha ach dúirt McCarthy nár chuir an brú isteach orthu.
“Bhí mé ag smaoineamh air sin i rith an lae. Bhí mé ar mo shuaimhneas. Bhí sé ait. Go hiondúil, bíonn mé i bhfad níos neirbhísí roimh rásaí.”
Bhí ábhar díomá d’Éirinn freisin, áfach, nuair a theip ar Sanita Puspure áit a bhaint amach i rás na mbonn sa chomórtas Bád Aonair. Cé gur bhuaigh Puspure Craobh an Domhain faoi dhó le cúpla bliain anuas, chríochnaigh sí sa chúigiú háit ina rás leathcheannais ar maidin. Bhí uirthi críochnú sa chéad trí háit chun an rás ceannais ‘A’ a bhaint amach. Is sa rás ceannais ‘B’ a bheidh Puspure amárach.