Níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge, de réir tuarascála nua.
De réir anailíse nua a rinne an CSO ar Dhaonáireamh 2016 don tuarascáil, níl an Ghaeilge á labhairt go laethúil ach ag 2,889 den 12,586 teaghlach sa Ghaeltacht ina bhfuil páistí 18 bliain nó níos óige.
De réir na tuarascála, a rinne taighdeoirí i gColáiste Mhuire Gan Smál do Thuismitheoirí na Gaeltachta, is ionann teaghlach ina bhfuil an chlann á tógáil le Gaeilge agus teaghlach a deir gurb í an Ghaeilge atá á labhairt acu go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais nó lasmuigh den chóras oideachais amháin.
Deir údar an taighde gur fianaise dhuairc eile atá sa tuarascáil ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta.
“Is iomaí tuairisc atá feicthe againn le blianta anuas a léiríonn géarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht agus faraor, is ceann eile í seo.
“Moltar go ndéanfaí gach iarracht tacaíocht, treoir, agus comhairle a chur ar fáil don 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge ionas nach dtiocfaidh lagmhisneach orthu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile.
Deirtear gur chóir “tacaíocht chuí” a chur ar fáil chomh maith dóibh siúd ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge.
Deirtear gur léir ó na figiúirí nua a chuir an Príomh-Oifig Staidrimh ar fáil ó Dhaonáireamh 2016 mar chuid den taighde “gur mionlach iad na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht”.
An Ghaeltacht oifigiúil atá i gceist leis na figiúirí nua agus is cinnte go dtarraingeoidh siad aird arís ar a bhailí is atá teorainneacha na Gaeltachta.
Is i nGaeltacht na Gaillimhe atá 1,414 de na teaghlaigh arb í an Ghaeilge an teanga laethúil acu, beagnach 50% den iomlán. 857 de na teaghlaigh atá i nDún na nGall, rud a fhágann go bhfuil 79% de na teaghlaigh sa dá chontae Gaeltachta is mó, Dún na nGall agus an Ghaillimh.
274 teaghlach Gaeltachta a labhraíonn Gaeilge gach lá atá I gCiarraí, 141 atá i nGaeltacht Chorcaí agus 81 atá i nGaeltacht Phort Láirge. 33 teaghlach a labhraíonn an Ghaeilge gach lá atá i nGaeltacht na Mí.
“Is figiúirí iad seo atá sách duairc d’inmharthanacht na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thagann le go leor den tráchtaireacht go dtí seo ar ghéarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a deir údair Staidéar ar Theaghlaigh atá ag Tógáil a gClann le Gaeilge Laistigh de Limistéir Oifigiúla na Gaeltachta.
Bhí céatadán an-ard de na teaghlaigh nár cuireadh eolas ar fáil faoi labhairt na Gaeilge iontu – 37%.
B’ionann sin agus 4,620 den 12,586 teaghlach sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil daoine idir 0-18.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil eolas beacht ar fáil ón Daonáireamh faoi theanga beagnach dhá cheann de gach cúig theaghlach sa Ghaeltacht.
“Suntasach go leor, is airde an ráta “gan a bheith ráite” sna LPT ina bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge níos ísle, mar shampla, 33% i Maigh Eo Thiar, 43% i mBearna agus Cnoc na Cathrach, 47% sna Rosa agus 56% in Oirthear Chathair na Gaillimhe,” a deir údair na tuarascála, an Dr Neasa Ní Chuaig, an Dr Conchúr Ó Brolcháin, an Dr Karen Ní Chlochasaigh agus an Dr TJ Ó Ceallaigh.
Deir údar na tuarascála gur léiriú eile ar na ngéarchéim a laghad páistí sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
Líon iomlán na dteaghlach | Ag tógáil clainne le Gaeilge | |
---|---|---|
Gaillimh/Maigh Eo | ||
Conamara Láir | 311 | 201 |
An Cheathrú Rua | 306 | 210 |
Ceantar na nOileán | 257 | 199 |
Oileáin Árann | 118 | 84 |
Cois Fharraige | 850 | 434 |
Maigh Cuilinn | 681 | 53 |
Bearna agus Cnoc na Cathrach | 1,742 | 115 |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 929 | 24 |
An tEachréidh | 1,144 | 33 |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 323 | 61 |
Maigh Eo Thuaidh | 830 | 72 |
Maigh Eo Thiar | 198 | 20 |
Dún na nGall | ||
Tuaisceart Dhún na nGall | 336 | 32 |
Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | 519 | 220 |
Toraigh | 15 | 12 |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 754 | 414 |
Na Rosa | 683 | 54 |
Árainn Mhór | 46 | 27 |
An Ghaeltacht Láir | 200 | 54 |
Dún na nGall Theas | 367 | 44 |
Ciarraí | ||
Ciarraí Theas | 193 | 20 |
Ciarraí Thiar | 747 | 254 |
Corcaigh | ||
Múscraí | 487 | 138 |
Cléire | 14 | 3 |
Port Láirge | ||
Na Déise | 260 | 81 |
An Mhí | ||
Ráth Chairn agus Baile Ghib | 276 | 33 |
Iomlán | 12,586 | 2,889 |
4,090 den 25,207 leanbh agus déagóir (0-18) sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Is ionann sin agus 16% de pháistí na Gaeltachta.
11,000 den 25,207 páiste sa Ghaeltacht oifigiúil a labhraíonn an Ghaeilge sa chóras oideachais amháin. 3,216 díobhsan baineann siad leis na ceantair uirbeacha thart ar chathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht oifigiúil i gcónaí cé go bhfuil an Béarla ina theanga phobail iontu le fada an lá.
Deirtear gur “ábhar imní” do limistéir pleanála teanga Ghaeltacht na Mumhan é go bhfuil líon na bpáistí a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais níos lú ná 30%.
De réir fhigiúirí an Daonáirimh, níl ach dhá Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, an Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán sa Ghaillimh ina a labhraíonn níos mó ná 50% de na páistí Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
“Is mór an t-údar díomá agus duairce iad na figiúirí seo maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht,” a deirtear.
Laistigh den chóras oideachais agus go laethúil lasmuigh de | Lasmuigh den chóras oideachais amháin | Lasmuigh den chóras oideachais | |
---|---|---|---|
Gaillimh/Maigh Eo | |||
Conamara Láir | 147 | 143 | 290 |
An Cheathrú Rua | 175 | 166 | 341 |
Ceantar na nOileán | 172 | 88 | 260 |
Oileáin Árann | 71 | 45 | 116 |
Cois Fharraige | 349 | 313 | 662 |
Maigh Cuilinn | 24 | 27 | 51 |
Bearna-Cnoc na Cathrach | 87 | 49 | 136 |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 14 | 14 | 28 |
An tEachréidh | 34 | 13 | 47 |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 38 | 23 | 61 |
Maigh Eo Thuaidh | 51 | 53 | 104 |
Maigh Eo Thiar | 22 | 8 | 30 |
Dún na nGall | |||
Tuaisceart Dhún na nGall | 37 | <10 | 42 |
Cloich Cheann Fhaola; Gort a’ Choirce; An Fál Carrach; Machaire Rabhartaigh | 163 | 138 | 301 |
Dún na nGall Theas | 7 | 12 | 19 |
Gaoth Dobhair; Rann na Feirste; Anagaire; Loch an Iúir | 312 | 272 | 584 |
Na Rosa | 24 | 19 | 43 |
Árainn Mhór | 32 | 18 | 50 |
An Ghaeltacht Láir | 45 | 22 | 67 |
Dún na nGall Theas | 32 | 21 | 53 |
Ciarraí | |||
Ciarraí Theas | 16 | 10 | 26 |
Ciarraí Thiar | 201 | 128 | 329 |
Corcaigh | |||
Múscraí | 146 | 60 | 206 |
Cléire | <6 | <6 | 615 |
Port Láirge | |||
Na Déise | 98 | 53 | 151 |
An Mhí | |||
Ráth Chairn agus Baile Ghib | 50 | 35 | 85 |
Iomlán | 2,351 | 1,739 | 4,090 |