Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
laghdu-eile-deanta-ar-an-maoiniu-a-chuireann-rte-ar-fail-do-sheirbhis-nuachta-tg4

Laghdú eile déanta ar an maoiniú a chuireann RTÉ ar fáil do sheirbhís nuachta TG4

Tuairisc

Tá gearrtha siar arís ag RTÉ ar a gcaiteachas ar bhuiséad nuachta TG4 in ainneoin mhaíomh RTÉ go bhfuil ardú tagtha ar an gcaiteachas a dhéantar ar nuacht teilifíse na Gaeilge.

Tá an t-eolas is déanaí faoin gcaiteachas a dhéantar ar an nuacht tagtha chun solais agus ionadaithe ó RTÉ agus TG4 le dul os comhair coiste Oireachtais chun plé a dhéanamh ar an soláthar nuachta i nGaeilge.

Beidh an cruinniú idir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus ionadaithe RTÉ agus TG4 ar siúl i Seomra na Dála tráthnóna.

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil 2020 RTÉ gur cuireadh €4.954 milliún ar fáil do sheirbhís nuachta TG4 anuraidh, laghdú ó €5.037m in 2019. Baintear úsáid as an maoiniú seo chun Nuacht TG4 agus an clár cúrsaí reatha 7Lá a chur ar fáil don stáisiún Gaeilge.

Mhaígh Jon Williams, ceannasaí nuachta RTÉ, faoi dhó le déanaí gurb amhlaidh gur laghdaíodh buiséad nuacht an Bhéarla gach bliain le roinnt blianta anuas agus gur mhéadaigh an caiteachas ar an nuacht Ghaeilge sa tréimhse chéanna.

“Tá tábhacht leis an bhfírinne,” a dúirt Williams agus é ag tagairt do scéalta ar an suíomh seo faoi chiorruithe atá á ndéanamh ar Nuacht TG4/RTÉ.

Dhiúltaigh RTÉ cheana eolas a chur ar fáil do Tuairisc.ie faoin gcaiteachas a rinneadh ar nuacht na Gaeilge i gcomparáid le nuacht an Bhéarla le ceithre bliana anuas.

Ach is léir ón méid atá foilsithe ag RTÉ féin ina dtuarascálacha bliantúla go bhfuil caiteachas an chraoltóra náisiúnta ar sheirbhís nuachta TG4 laghdaithe le linn na tréimhse sin, ó €5.112 milliún in 2017 go dtí €4.954 milliún in 2020.

   Caiteachas RTÉ ar   Nuacht, Cúrsaí Reatha & Aimsir
   TG4   RnaG    Eile (RTÉ 1, Radio One srl)
   2020    €4.954m    €4.783m    €57.427m
   2019    €5.037m    €4.762m    €55.499m
   2018    €5.19m    €4.616m    €57.787m
   2017    €5.112m    €4.74m    €54.679m
   2016    €5.236m    €4.648m    €55.669m

Deir RTÉ go mbíonn idir chláir teilifíse (Nuacht RTÉ, Nuacht TG4 agus 7Lá), nuacht ar líne agus tuairiscí agus ábhar nuachta ar Raidió na Gaeltachta i gceist le soláthar nuachta i nGaeilge na heagraíochta.

Ardú €43,000 a tháinig ar chaiteachas RTÉ ar sheirbhísí nuachta Raidió na Gaeltachta idir 2017-2020, ó €4.74 milliún go dtí €4.783 milliún.

Deirtear i dTuarascáil Bhliantúil 2020 RTÉ chomh maith nár chomhlíon siad a ndualgas reachtúil maidir le cláir a chur ar fáil do TG4 anuraidh. Deirtear gur chomhlíon siad a lán de na gealltanais, nó go ndearna RTÉ “maith ar chuid mhór den ghealltanas” ach go raibh na huaireanta a cuireadh ar fáil do TG4 in 2020 níos lú ná mar a éilítear sa dlí de bharr srianta Covid-19. Chuir na srianta sin bac ar dheiseanna léirithe ábhair, a deir RTÉ.

Dúirt RTÉ go raibh sé i gceist acu an t-easnamh a chúiteamh in 2021 “ag brath ar shrianta”.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana.

Ní leagtar amach i dtuarascáil RTÉ cén t-easnamh a bhí i gceist le soláthar na gclár ach gheall RTÉ don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, níos luaithe i mbliana go gcuirfí 13 uair an chloig breise ar fáil do TG4 in 2021 mar chúiteamh ar theip an stáisiúin a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ le Tuairisc.ie inné gurb iad na cláir Go Gasta agus Cleas Act ba mhó ba chúis leis an easnamh. Tá Go Gasta á léiriú arís ach caithfidh Cleas Act fanacht go mbeidh gasúr ar ais ar scoil, a dúirt an t-urlabhraí ó RTÉ.

Dúirt sé go raibh súil RTÉ an 13 uair an chloig breise a sholáthar “chomh luath agus is féidir” i mbliana, ach go mb’fhéidir go mbeadh 2022 ann sula mbeadh an t-ábhar uile réidh.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, go raibh sé i gceist “fiosrú a dhéanamh” ag cruinniú an lae inniu féachaint an bhfuil “na struchtúir agus na beartais a bhfuil gá leo i bhfeidhm ag RTÉ agus TG4” chun a chinntiú go bhfuil “forbairt leanúnach” á déanamh ar chláir nuachta na Gaeilge “ar gach ardán”.

Ba mhinic an soláthar reachtúil a dhéanann RTÉ do TG4 ina údar easaontais idir an dá stáisiún in imeacht na mblianta.

Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, in 2018 go raibh sé “ríthábhachtach” go gcomhlíonfadh RTÉ a gcuid dualgas reachtúil maidir le TG4” agus go raibh “imní” air faoin “leibhéal infheistíochta atá RTÉ ag déanamh in iriseoireacht na Gaeilge”.

Tá cruinniú beartaithe ag TG4 le RTÉ chun plé a dhéanamh faoi staid na seirbhíse nuachta teilifíse Gaeilge.

Tá an cruinniú speisialta beartaithe tráth a bhfuil conspóid ann faoi chiorruithe a bheith á ndéanamh ag RTÉ ar Nuacht TG4 agus ceisteanna á gcur faoin méid infheistíochta atá á dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge