Deir Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge aitheanta, go bhfuil sí meáite ar bhunú naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste agus nach gcuirfear dá buille í in ainneoin ‘feachtas fuatha’ ar líne.
Tuairiscíodh inné go raibh suíomh eile le fáil ag an chéad naíscoil chomhtháite Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste i ndiaidh “feachtas fuatha” ar na meáin shóisialta in aghaidh a bunaithe.
Dúirt Linda Ervine, atá lárnach sa phlean an naíscoil a bhunú, nach gcuirfí stop le lucht a bhunaithe.
Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach thug lucht na scoile sin le fios inné nach dtarlódh sin mar gheall ar iompar “déistineach” daoine nach raibh aon bhaint acu leis an scoil.
Dúradh gur foilsíodh líomhaintí “gránna bréige” ar líne.
Ní chuirfeadh an scéal as do lucht Naíscoil na Seolta, a dúirt Linda Ervine.
“Tá gníomh stairiúil á dhéanamh againn. Tá na páistí againn, tá an maoiniú againn, tá suíomh nua againn. Táimid ag súil go mór le mí Mheán Fómhair, táimid ar bís faoi a beith ag freastal ar an gcéad dream a thiocfaidh chugainn,” a dúirt Linda Ervine.
Níltear ag rá go fóill cá bhfuil an suíomh nua atá aimsithe don scoil, ach dúirt an gníomhaí teanga go mbeadh sí in áit níos lárnaí in oirthear na cathrach.
“Dornán an-bheag daoine” a bhí taobh thiar den fheachtas i gcoinne na Naíscoile, a dúirt sí. Dúirt sí gurb amhlaidh gur mhaígh lucht an fheachtais go raibh siad ag gníomhú thar ceann tuismitheoirí Bhunscoil Braniel ach go raibh caidreamh maith I gcónaí ag lucht na Naíscoile le lucht na na scoile.
Tá an naíscoil nua á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Dheimhnigh an PSNI go bhfuair siad tuairisc i mí Bealtainefaoin bhfeachtas ar líne agus tuairisc mí Iúil faoi phóstaeir a cuireadh in airde.
“Táimid ag caitheamh leis an dá eachtra mar eachtraí fuatha,” a dúradh.
Dúirt an tAire Pobail, Deirdre Hargey, Sinn Féin, go raibh sé “náireach” go raibh ar lucht na naíscoile bogadh mar “mar gheall ar chiapadh agus feachtas fuatha ar líne”.
D’fhógair Scoil Braniel, mar a raibh an naíscoil Ghaeilge le lonnú i seomra ranga, gur foilsíodh líomhaintí “gránna bréige” ar líne.
“Mar gheall ar fheachtas fuatha leanúnach ar na meáin shóisialta in aghaidh daoine áirithe agus Naíscoil chomhtháite na Seolta, is oth linn go mór go bhfuil cinneadh déanta acu an naíscoil nua a lonnú áit éigin eile.”
Cuireadh fáilte mhór roimh an scéal go raibh an naíscoil nua le hoscailt mí Mheán Fómhair agus dúradh gur dea-chomhartha a bhí ann don athmhuintearas agus gur léirigh an scéal go bhfuil tuiscint ag bláthú sa Tuaisceart go mbaineann an Ghaeilge le cách.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaeltachta, gur scéal “truacánta” agus “céim ar gcúl” a bhí ann go mbeadh ar Naíscoil na Seolta láthair úr a aimsiú.
“Tá an obair mhór curtha isteach ag an choiste áitiúil i mbunú na naíscoile in oirthear Bhéal Feirste agus is buille mór dóibh é. Fuair siad tacaíocht fhlaithiúil ón bhunscoil ón chéad lá.
“An rud is fearr agus is spéisiúla faoin togra seo go raibh an Ghaelscolaíocht agus an Ghaeilge ag cothú caidrimh nua agus go raibh sin déanta ar bhonn dearfach agus ar bhonn oscailte.
“Cuireadh an oiread sin brú ar an naíscoil ar na meáin shóisialta gurbh éigean dóibh tarraingt siar agus is mór an trua é sin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.