Torthaí agus Glasraí Séasúracha na hÉireann
Sa lá atá inniu ann, is féidir leat dul go dtí an t-ollmhargadh agus toradh ar bith a fháil, is cuma cén t-am den bhliain a bhfuil ann. Cé go bhfuil abhacáid deas i mí Feabhra, tá sé níos fearr don timpeallacht torthaí agus glasraí séasúracha a fháil mar ní gá dóibh a sheoladh chuig Éirinn ó thíortha eile. Anuas air sin, tá ár gcuid tacaíochta ó fheirmeoirí áitiúla níos mó ná riamh i ndiaidh na paindéime.
Sméara Dubha
Is minic a fheiceann duine sméara dubha ag fás san fhiántas in Éirinn i rith an tsamhraidh – tá sméara dubha i séasúr ó mhí an Mheithimh go dtí mí Mheán Fómhair. Tá na caora seo lán de vitimín C, vitimín E agus aigéad fólach.
Sútha Talún
Toradh samhraidh is ea an tsú talún agus níl am níos fearr ná anois le sútha talún a fháil ó Loch Garman! Ní hamháin go bhfuil an toradh seo milis, ach tá sé lán de vitimín C chomh maith agus is milseog shláintiúil í.
Piseanna
Tá séasúr gairid ag piseanna ach tá sé linn anois – is dea-scéala é seo do na daoine nach dtaitníonn piseanna práibeacha leo! Tá siad lán de shnáithín, próitéin, vitimín C agus B1 agus ní thógann sé i bhfad iad a réiteach.
Cóilis
Tá cineálacha éagsúla coílise ann, ach bainfear cineálacha áirithe i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Is iomaí bealach cóilis a réiteach – is féidir í a róstadh, nó í a ghríoscadh, nó í a fhriochadh – agus úsáidtear í mar rogha gan ghlútan agus go minic mar ionadaí feoilséantach d’eití sicín. Ar ith tú eití cóilise riamh?
Beacáin
Bíonn beacáin i séasúr an bhliain ar fad ach ná déan neamhshuim díobh dá bharr sin. Tá cuid mhór próitéine agus snáithín sna beacáin agus is féidir iad a úsáid i mbéile ar bith le linn an lae – in uibheagán mar bhricfeasta, in anraith mar lón, agus le feoil mar dhinnéar.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoin na torthaí agus na glasraí atá i séasúr ó fhéilire Bord Bia anseo.