5 nod do shaol níos inbhuanaithe
Is annamh nach mbíonn an focal “inbhuanaitheacht” i mbéal an phobail, go háirithe agus ár n-aird tarraingthe ar an athrú aeráide agus cúrsaí timpeallachta faoi láthair. Seo 5 nod beag chun athruithe beaga a dhéanamh agus saol níos inbhuanaithe a chaitheamh.
1. Tóg cupán in-athúsáidte go dtí an siopa caife
Ní féidir liom fiú comhaireamh a dhéanamh ar an líon cupán aonúsáide a bhí mar chuid de mo chaifé laethúil thar na blianta. Bíonn cupáin in-athúsáidte i bhfad níos so-aimsithe ar na saolta seo áfach. Leis an athrú beag seo, beidh tú fós in ann do steall chaiféine a fháil go laethúil, ach le tionchar níos lú ar an timpeallacht anois. Seo nasc chun cupán in-athúsáidte a cheannach.
2. Ná bain úsáid as sop plaisteach le do dheoch
Is annamh nach mbíonn sop sna deochanna a fhaighim i mbialanna, srl. Ach cuireann gach sop leis an méid phlaistigh atá san fharraige. Abair leis an bhfreastalaí nach bhfuil sop plaisteach ag teastáil an chéad uair eile a chuireann tú ordú isteach le haghaidh deochanna. Níos fearr fós, tóg sop in-athúsáidte i do mhála leat! Seo nasc chun sop in-athúsáidte a cheannach.
3. Faigh mála gualainne
Is maith is cuimhin liom na turais chuig an tsiopa grósaera agus málaí plaisteacha mar chuid den turas agus tú ag an scipéad. Cinnte go mbíodh siad siad ag cur isteach ar ár dtimpeallacht. Ach le mála gualainne mar seo, beidh tú in ann do chuid siopadóireachta a fháil, an timpeallacht a chosaint agus a bheith faiseanta ag an am céanna. Seo nasc chun mála gualainne (as Gaeilge) a fháil.
4. Seachain an mearfhaisean agus tabhair cuairt ar shiopa carthanais
Ní féidir linn féachaint ar na sobaldrámaí ná scrolláil ar na meáin shóisialta gan fhógra do na brandaí nua méarfhaisin atá ar an bhfód. Ach bíonn tionchar ag an mearfhaisean ar an timpeallacht toisc nach bhfuil a n-éadaí marthanach ná inbhuanaithe. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar shiopa carthanais chun éadaí atá faiseanta agus inbhuanaithe a cheannach. Seo nasc do shiopa carthanais ar líne: Thriftify
5. Faigh leabhar ón leabharlann, seachas leabhar nua a cheannach
Conas is féidir linn a bheith ag léamh gan drochthionchar a bheith againn ar an timpeallacht? Tabhair cuairt ar an leabharlann áitiúil agus faigh gach leabhar ar iasacht! Seo nasc do liosta leabhar faoin inbhuanaitheacht (seans maith go mbeidh siad ar fáil i do leabharlann áitiúil).