Tarrtháladh deilf óg a bhí sáinnithe ar thrá Ghaeltachta i nDún na nGall an tseachtain seo.
Tháinig an deilf liath i dtír ar thrá Mhachaire Rabhartaigh in iarthuaisceart Dhún na nGall.
Cuireadh fios ar bhaill den ghrúpa ORCA, a thagann i gcabhair ar mhamaigh mhara a bhíonn i dtrioblóid, agus d’éirigh leo an deilf a chur ar ais sa bhfarraige agus í a thabhairt slán.
Measadh go raibh drochbhail cheart ar an deilf óg agus tá imní léirithe ag ORCA go bhféadfadh sí teacht i dtír arís. Iarradh ar dhaoine sa cheantar a bheith san airdeall agus fios a chur ar ORCA má fheictear sáinnithe arís í.
Má thagann baill den phobal trasna ar dheilf nó ar mhíol mór atá i dtrioblóid, is féidir teagmháil a dhéanamh le ORCA ag +353 89 462 5374 nó taifead a dhéanamh ar an Observers App.