Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
gearrliosta-do-leabhair-na-bliana-fogartha-ag-an-oireachtas

Gearrliosta do Leabhair na Bliana fógartha ag an Oireachtas

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá 18 leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí Oireachtas na Gaeilge do Leabhar na Bliana i dtrí rannóg. Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin ar an leabhar is fearr do dhaoine fásta, bronnfar Gradam Réics Carlo ar an leabhar is fearr don léitheoir óg, agus bronnfar Gradam de Bhaldraithe ar an aistriúchán is fearr i mbliana. 

Seacht leabhar ar fad atá ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin: Tairseach, le Dairena Ní Chinnéide (Éabhlóid); Rúin Oscailte, le hÁine Ní Ghlinn (Coiscéim); Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981, le Noel Ó Gallchóir (Aisteoirí Ghaoth Dobhair); Madame Lazare, le Tadhg Mac Dhonnagáin (Barzaz); Órchiste Nollag, le Máirín Uí Shé, (Oidhreacht Chorca Dhuibhne); Léachtaí Uí Chadhain, le Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith (Cló Léann na Gaeilge); agus Mé Suibhne, le Fearghal Ó Béarra (Leabhar Breac). 

Tá cúig leabhar ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carlo: Cluasa Capaill ar an Rí, le Bridget Bhreathnach (Futa Fata); Go Ceann Scríbe, le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde (Futa Fata); Rita agus an Lampa Draíochta, le Maire Zepf (An tSnáthaid Mhór); Ceol na Síog le Gráinne Holland (An tSnáthaid Mhór); agus Eachtra ar Oileán na Rún, le Brian Ó Broin (Cló Iar-Chonnacht). 

Tugadh Gradam de Bhaldraithe isteach den chéad uair in 2019, gradam a bhronntar ar an saothar is fearr a aistríodh go Gaeilge ó theanga eile. Bhuaigh File ar Fhile, bailiúchán dánta an chéad ghradam an bhliain sin, agus bhuaigh Ar Luch agus Ar Dhuine, leagan Gaeilge Cholmcille Uí Mhonacháin de Of Mice and Men an gradam anuraidh. 

Tá sé leabhar ar an ngearrliosta do ghradam na bliana seo: An Rás Chuig an Mol Thuaidh, Catherine Johnson/Fearghas Mac Lochlainn (Futa Fata); Dialann Dlúthchara Jeff Kinney/Máirín Nic Con Iomaire (Futa Fata); Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta, Liam Ó Flaithearta/Mícheál Ó Conghaile; Dialann Scubaidín, Jeanne Willis/Caitlín Ní Chualáin (Cló Iar-Chonnacht); Tiasce Raga Ruga Hergé/Gabriel Rosenstock (Dalen Éireann); agus Tinte na Farraige Duibhe Tim Armstrong/Eoin P Ó Murchú. 

“Léiriú ar an gcur chuige cruthaitheach treallúsach atá le sonrú in earnáil na foilsitheoireachta is ea líon agus feabhas na saothar a bhí istigh ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta i mbliana. Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta atá ainmnithe ar na gearrliostaí agus molaim iad as saothar ár sárscríbhneoirí Gaeilge a chur ar fáil go slachtmhar ealaíonta snasta.

“Is fiú go mór, ar iliomad cúiseanna, cinneadh coinsiasach a dhéanamh le leabhar Gaeilge a cheannach, a léamh agus a thabhairt mar bhronntanas idir seo agus deireadh na bliana – le tacú le scríbhneoirí, le healaíontóirí agus le heacnamaíocht na tíre, chomh maith le taitneamh a bhaint as an saibhreas leabhar Gaeilge atá nua chun an mhargaidh,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. 

Tá duaischiste €17,000 ann do na trí ghradam. Bronnfar €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a bhuafaidh Gradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair; €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a bhuafaidh Gradam Réics Carlo, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair; agus bronnfar €1,500 ar fhoilsitheoir an leabhair a bhuafaidh Gradam de Bhaldraithe agus €500 ar aistritheoir an tsaothair. 

Níos mó