Tá 1,181 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
309 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 321 inné, agus bhí 60 acusan in aonad dianchúraim, ardú ar an 58 a bhí i gceist inné.
1,590 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,468 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
441 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 457 inné, agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim, mar a bhí inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,298,956 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,197,505 duine.