Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ta-rol-mor-le-himirt-ag-na-healaiona-san-eigeandail-aeraide’-–-an-gael-glas

‘Tá ról mór le himirt ag na healaíona san éigeandáil aeráide’ – an Gael Glas

| An Gael Glas | ,

Fear simplí is ea an Gael Glas. Is maith liom beoir agus caid agus chaith mé cúpla uair an chloig le déanaí ag ól agus ag féachaint ar laochra Chiarraí agus iad ag streachailt go dian in aghaidh Thír Eoghain agus in aghaidh na réiteora. Cosúil le formhór mhuintir na tíre, thug mé faoi dheara ar an bpointe boise an easpa cothromaíochta idir conas a láimhseáil an rialtais Cumann Lúthchleas Gael agus conas a láimhseáil siad earnáil na n-ealaíon ag deireadh na paindéime. 

40,000 duine ag an gcluiche, na sráideanna mórthimpeall plódaithe, na sluaite ann agus gan ach masc ar chorrdhuine acu agus na ceoltóirí, amhránaithe agus ealaíontóirí fágtha ar leataobh, gan cead acu dul i mbun a gceirde os comhair an phobail. Lean mé ag smaoineamh air seo – ní raibh spéis agam bheith ag breathnú ar “Taigh Reoghain” agus an réiteoir ag ceiliúradh ar an ngort naofa sin i ndiaidh an chluiche – agus ar thábhacht na n-ealaíon sa tsochaí agus an ról a bheidh acu sa ghéarchéim aeráide amach anseo.

Caithfidh mé a admháil ar dtús gur Filistíneach amach is amach mé. Níl nóta ceoil i mo cheann, níl ach madraí ag imirt pócair ar mo bhalla agus maidir le filíocht, bhuel, níor léigh mé ach luimnigh gháirsiúla ó chríochnaigh mé an Ardteist. Táim cosúil le d’uncail baitsiléara tuaithe ag tabhairt amach faoi na healaíon ‘nua-aimseartha’, ach tuigim chomh maith nach mbeidh réiteach na géarchéime le fáil san eolaíocht amháin. Ní dóigh liom go labhraíonn fíricí loma na heolaíochta le croí an phobail, cé go bhfuilimid go léir in ann iad a thuiscint agus an fhadhb a aithint. Má táimid ag caint faoi athrú suntasach saoil – agus tá – ní mór an saol nua a chur os ár gcomhair i slí mhealltach, tharraingteach.

Is fear mór kitsch mé mar sin, gan eolas dá laghad agam ar chruthaitheacht, ach bíonn súil amháin agam ar na scéalta a bhaineann le hathrú aeráide i gcónaí, agus tamall beag ó shin léigh mé tuarascáil chuimsitheach a d’fhoilsigh Éire Ildánach, darb ainm “Engaging the Public on Climate Change through the Cultural and Creative Sectors.” 

Is tionscnamh poiblí uile-rialtas é Éire Ildánach, a bunaíodh in 2017, agus a “thugann daoine, cruthaíocht agus folláine le chéile,” tionscnamh “a chruthaíonn…bealaí agus deiseanna do dhaoine agus do phobail an cumas cruthaitheachta atá acu a thabhairt chun fíre.” Tugtar léargas sa tuarascáil thuas, a foilsíodh i deireadh na bliana 2019, ar na tograí a bhí ar siúl ag an am, agus ar na deiseanna a bheadh ann san earnáil go náisiúnta agus go háitiúil sna blianta amach romhainn. Mar a deirtear ann – ní thugann an éigeandáil aeráide dúshlán comhshaoil agus eolaíochta amháin dúinn, ach dúshlán cultúrtha chomh maith, agus is féidir le cultúr agus oidhreacht slí a thabhairt dúinn ionas go bhfaighimid tuiscint agus léargas ar athrú aeráide, ar an tionchar a bheidh aige agus ar an méid a bheidh orainn a dhéanamh.

Déantar iarracht sa tuarascáil spreagadh a thabhairt don earnáil chruthaitheach níos mó a dhéanamh agus moltar dóibh gan a bheith róthógtha le ceisteanna amháin, ach a bheith sásta freagraí agus réitigh a chur ós comhair an phobail chomh maith. Bhí ráiteas eile sa tuarascáil a tharraing m’aird – dúradh ann go soiléir go raibh easpa saothair a dhíríonn ar bhunchúiseanna na géarchéime, go háirithe na cúiseanna polaitiúla. Deirtear go bhfuil sé seo ag feabhsú diaidh ar ndiaidh, ach moltar d’ealaíontóirí níos mó comhoibrithe a dhéanamh le gníomhaithe aeráide. Nach bhfuil sé spéisiúil é seo ag teacht amach ó thionscnamh rialtais cosúil le hÉire Ildánach?

I mí Mhárta na bliana seo, d’fhógair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (tá géarghá le hacrainm anseo!) i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go raibh ciste €2 milliún acu chun tacú leis an gClár Éire Ildánach agus “le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíne a chuireann daoine ar an eolas maidir le hathrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe fiúntacha iompraíochta a dhéanamh.” 

Roghnaíodh 14 thionscadal ó 166 iarratasóir i mí Iúil agus beidh dhá cheann dóibh siúd lonnaithe sa Ghaeltacht – ‘Baint an Aeir’ i gConamara, agus ‘Corca Dhuibhne Inbhuanaithe‘. Is maith an rud é an maoiniú seo a bheith ar fáil, ach beidh le feiceáil conas a éiríonn leo an sprioc eile sin ag Clár Éire Ildánach a bhaint amach – is é sin le rá an gcuirfidh airgead ón rialtas srian ar na healaíontóirí díriú isteach ar fhreagracht an rialtais sa ghéarchéim.

Tá níos mó ar siúl in áiteanna eile: taighde ealaíonta ar an gcaidreamh idir an pobal agus na portaigh, cainteanna ar thionchar an athraithe aeráide ar oidhreadht sheandálaíochta na tíre, agus iris a dhéanann nasc idir na healaíon agus an eolaíocht

Ach cad faoin méid atá ag tarlú i saol gníomhach cruthaitheach na Gaeilge? Cosúil le beagnach gach aon chuid den shaol, is é Béarla teanga na heolaíochta, agus teanga na n-ealaíon. B’fhéidir gur cheart dom é sin a fhágáil go halt eile, ní amháin toisc nach saineolaí mé faoi seo ar chor ar bith, ach toisc go bhfuil imeacht eile ag tarlú go luath. Beidh móreagrán comhshaoil á sheoladh ag foireann na hirise Comhar i lár na míosa seo, agus gan dabht beidh níos mó le rá ag bhur gcolúnaí dílis ina dhiaidh sin. 

Is maith an rud é go bhfuil na meáin Ghaeilge ag tabhairt tús áite faoi dheireadh don fhadhb, agus cuirfidh an clúdach iontach a bheidh ag scríbhneoirí Chomhair leis seo. Tá súil agam go mbeidh siad in ann an ghéarchéim aeráide agus an teanga a cheangal le chéile mar is ceart.

Go dtí sin, níl ach teachtaireacht amháin agam. Aithnímid go léir an strus, an brú agus an easpa cothromaíochta atá le feiceáil sa tslí inar láimhseáil an rialtas an earnáil chruthaitheach le linn na paindéime. Tá súil againn go mbeidh sibhse a oibríonn leis na healaíona ar ais ar bhur seanléim go luath, mar tá sibh ag teastáil go géar uainn – chun siamsaíocht, sólás agus spraoi a thabhairt dúinn…agus chun an domhan a shábháil.

Níos mó