Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
teip-an-stait-eolas-agus-seirbhisi-i-ngaeilge-a-chur-ar-fail-le-linn-na-paindeime-le-fiosru-ag-coiste-oireachtais

Teip an stáit eolas agus seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil le linn na paindéime le fiosrú ag coiste Oireachtais

Tuairisc
| Tuairisc.ie | , ,

Beidh fiosrúchán faoi theip an rialtais agus na seirbhísí sláinte eolas agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime ina mhórchuid d’obair Choiste Gaeilge an Oireachtais an fómhar seo.

Tá sé i gceist ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Sláinte a thabhairt os comhair an choiste níos deireanaí i mbliana chun fianaise a thabhairt ar chás na teanga le linn na géarchéime sláinte poiblí.

Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas as teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí bliain go leith ó shin agus is minic go mbíonn moill ar aon ábhar i nGaeilge, má fhoilsítear ar chor ar bith é.

Thug Cathaoirleach Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an Oireachtais, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist na húdaráis sláinte a thabhairt os comhair an choiste i rith an fhómhair chun an scéal a phlé.

“Bhí sé tubaisteach an tslí ar caitheadh leis an nGaeilge le linn na paindéime,” a dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

“Thuig daoine an comhthéacs a bhí ann agus go raibh nithe ag athrú go laethúil, ach ní leithscéal sin le neamhaird iomlán a dhéanamh don Ghaeilge – afterthought a bhí ann i gcónaí seirbhís as Gaeilge a bheith ar fáil. Fógraí, aipeanna, teastas Covid, foirmeacha ‘Filleadh ar scoil’ – nithe go minic a bhí pleanáilte thar thréimhse fhada, níor cuireadh ar fáil i nGaeilge iad.

“Masla agus diúltú cearta teanga a bhí ann, agus tá muid chun deis a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Roinn atá freagrach as an HSE míniú a thabhairt.”

Tá na deacrachtaí éagsúla a bhí ag daoine seirbhísí Gaeilge a fháil le linn na paindéime le plé freisin leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nuair a thiocfaidh sé os comhair an choiste faoi cheann roinnt seachtainí.

I measc na ngearán a rinne pobal na Gaeilge leis an gCoimisinéir faoi sheirbhísí an HSE, bhí gearáin faoin tairseach chlárúcháin don vacsaín a bheith i mBéarla amháin; gan aon eolas a bheith tugtha ar an suíomh gréasáin faoi sheirbhís fóin a bheith ar fáil i nGaeilge; téacsanna a bheith á n-eisiúint i mBéarla chuig daoine a chláraigh i nGaeilge; fógraí réamhthaifeadta a bheith i mBéarla amháin; agus gan an t-eolas céanna a bheith ar fáil i nGaeilge agus a bhí i mBéarla.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill cheana nach léir go bhfuil dualgas reachtúil ar an HSE i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoina bhráid mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. 14 bliain ó shin, sa bhliain 2007, a threoraigh Aire Gaeltachta na linne sin don Fheidhmeannacht scéim teanga a ullmhú ach níl a leithéid curtha i bhfeidhm fós.

Beidh obair ar an mBille Teanga nua ina chuid thábhachtach d’obair Choiste Gaeilge an Oireachtais i rith an fhómhair freisin. Tá an bille ag Céim na Tuarascála I dTithe an Oireachtais agus súil ann go mbeifear ábalta bailchríoch a chur air sna míonna amach romhainn.

Foilsíodh ceannteidil na leasuithe ar an mbille atá á gcur chun cinn ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers mí Iúil seo caite ach tá cruinniú fós le socrú idir an tAire Stáit, a oifigigh agus baill Choiste na Gaeilge chun na leasuithe sin a phlé.

I measc leasuithe an Rialtais, tá sé i gceist go leagfaí síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Tá tuarascáil le cur le chéile ag an gcoiste freisin faoi na athruithe atá beartaithe do chúrsaí Gaeilge na hArdteiste bunaithe ar shraith cruinnithe a bhí acu le heagraíochtaí oideachais. Tá plé le déanamh sa Dáil chomh maith ar an tuarascáil a chuir an coiste faoi bhráid Thithe an Oireachtais bunaithe ar an bhfianaise a thug Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, faoin nGaeilge san eagraíocht.

Is é Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts, an chéad duine a thabharfar os comhair an choiste nuair a chuirfear tús lena gcruinnithe poiblí níos deireanaí an mhí seo. Tá sé i gceist deis a thabhairt freisin d’ionadaithe ó na comharchumainn Ghaeltachta teacht os comhair an choiste chun fianaise a thabhairt ar na deacrachtaí atá rompu de dheasca na paindéime.

Tá súil ag an gcoiste freisin cuairt a thabhairt ar cheantair sa Tuaisceart ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn, amhail Béal Feirste agus Sleacht Néill i nDoire.

Tá sé i gceist freisin cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta ach meastar go mbeidh an bhliain nua ann sula mbeidh deis ann sin a dhéanamh.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge