Tá 22 gradaim bainte amach ag táirgí bia agus dí Gaeltachta ag comórtas iomráiteach Bhlas na hÉireann 2021.
Naoi gcomhlacht ar fad ó chúig chontae a fuair aitheantas dá gcuid táirgí Gaeltachta.
Bhí an comhlacht Folláin, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gCorcaigh, agus Salann Mara an Daingin i gCiarraí ar phéire de na comhlachtaí is mó a ghnóthaigh gradaim i gcomórtas na bliana seo. Ocht ngradam a bhuaigh comhlacht Mhúscraí agus cúig cinn a bhuaigh Salann Mara as Corca Dhuibhne.
Ba as Corcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo agus Dún na nGall na comhlachtaí Gaeltachta eile ar éirigh leo ag Gradaim Bhlas na hÉireann 2021.
Is iad Údarás na Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar Ghradam Rogha na Gaeltachta ag an gcomórtas agus is é Salann Mara an Daingin, atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, a bhuaigh an gradam sin as a salann a dhéantar ansin. Bhuaigh cineálacha éagsúla salainn boinn óir i gcatagóirí eile chomh maith.
D’éirigh le comhlacht eile as ceantar Chorca Dhuibhne gradaim óir agus airgid a bhaint amach dá gcuid mairteola agus uaineola agus ba é sin Búistéir Uí Chinnéide, siopa búistéara ceardaíochta ar an nDaingean. Bhuaigh Drioglann Dhaingean Uí Chúis gradam airgid freisin don bhfuisce atá acu.
Trí ghradam óir, ceithre cinn airgid agus ceann cré-umha a bhuaigh Folláin dá gcuid táirgí éagsúla agus bhuaigh an comhlacht Táirgí Cáise Bhuabhall Mhaigh Chromtha gradaim óir agus airgid as a gcuid táirgí cáise. Bhuaigh comhlacht Gaeltachta eile i gCorcaigh, Drioglann Chléire, gradam cré-umha dá jin, 3 SQ. MILES.
Bhuaigh an caifé Builín Blasta ar an Spidéal i gConamara gradam óir don mhaonáis oinniún deataithe atá acu, bhuaigh scónaí Chácaí Acla gradam cré-umha agus bhuaigh Bá Earagail gradam cré-umha as na crúba portán a bhíonn á n-iascach ag an gcomhlacht Gaeltachta seo sa gCarraig i gCo. Dhún na nGall.
Is í earnáil an bhia agus na dí an tríú hearnáil is mó fostaíocht sa nGaeltacht agus 17% de na fostaithe ar fad ag obair inti. Bhí suas le 1,250 duine fostaithe ag deireadh 2020.
Cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta iad na comhlachtaí Gaeltachta a bhuaigh gradaim i gcomórtas Bhlas na hÉireann 2021 agus thréaslaigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh, a mbua leo ar fad.
“Is léir ón gcaighdeán a chuireann comhlachtaí bia agus dí na Gaeltachta ar fáil nach bhfuil a sárú le fáil. Tá a gcroí agus a n-anam sna táirgí éagsúla a chuireann siad ar fáil i dtionscal atá fíorchrua le treabhadh,” a dúirt sé.
“Tá muid thar a bheith mórtasach as na cliantchomhlachtaí seo atá lonnaithe sa nGaeltacht agus atá ag déanamh a gcuid chun blas na hÉireann agus Branda Ghaeltacht na hÉireann a chur chun cinn anseo sa mbaile agus thar lear.”
Táirgí Gaeltachta
Comhlacht | Contae | Gradam | Táirge |
Salann Mara an Daingin | Ciarraí | Rogha na Gaeltachta | Salann Mara |
Salann Mara an Daingin | Ciarraí | Táirgí is fearr sa gContae | Salann Mara |
Salann Mara an Daingin | Ciarraí | Ór – Blas | Old Smokehouse Dry Rub |
Salann Mara an Daingin | Ciarraí | Ór – Salann le blas | Salann mara líomóide agus maróis |
Salann Mara an Daingin | Ciarraí | Ór – Salann | Salann Mara siar ón Daingean |
Folláin | Corcaigh | Airgead – Seatnaí | Subh Seatnaí Gaelach Trátaí agus Silí Folláin |
Folláin | Corcaigh | Ór – Blastán | Blastán mailpe agus mustaird Dunnes Stores |
Folláin | Corcaigh | Ór – Mustard | Mustard lánghráin blasta Folláin |
Folláin | Corcaigh | Ór – Anlann goinbhlasta | Anlann Goinbhlasta Úll agus Figí Folláin |
Folláin | Corcaigh | Airgead – Anlann goinbhlasta | Anlann Goinbhlasta Gircíní Dunnes Stores |
Folláin | Corcaigh | Cré-umha – Anlann goinbhlasta | Anlann goinbhlasta Trátaí Folláin |
Folláin | Corcaigh | Airgead – Anlann saillte | Anlann Korma Dunnes Stores |
Folláin | Corcaigh | Airgead – Subh | Glóthach cuiríní dearga Dunnes Stores |
Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha | Corcaigh | Ór – Cáis bhog | Buffaloumi Cáis bhuabhaill Mhaigh Chromtha |
Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha | Corcaigh | Airgead – Cáis bhog | Bocconcini Cáis bhuabhaill Mhaigh Chromtha |
Bá Earagail | Dún na nGall | Cré-umha – Sliogéisc | Crúba Portán Donn Reoite Chuan an Aragail |
Drioglann Dhaingean Uí Chúis | Ciarraí | Airgead – Biotáille dorcha | Drioglann an Daingin uisce beatha braiche singil |
Drioglann Chléire | Corcaigh | Cré-umha – Biotáille Gheal | Drioglann Chléire 3 SQ. MILES, Jin Chósta na hÉireann |
An Builín Blasta | Gaillimh | Ór – Anlann saillte | Builín Blasta Teo Maonáis Oinniún Deataithe |
Búistéir Uí Chinnéide | Ciarraí | Ór – Mairteoil | Búistéirí Kennedy Súil Easnacha Mhairteoil Fhionntrá Spíosraithe an Daingin |
Búistéir Uí Chinnéide | Ciarraí | Airgead – Uaineoil le blas | Búistéirí Kennedy Uaineoil Leithinis an Daingin le spíosraí |
Cácaí Acla | Maigh Eo | Cré-umha– Arán & Cácaí | Scónaí |