Tá 984 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh freisin go bhfuil 31 duine eile básaithe de dheasca an Covid-19 le seachtain anuas. 5,280 duine ar fad atá básaithe leis an víreas sa stát ó thús na paindéime.
343 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, seisear níos lú ná inné, agus bhí 70 acusan in aonad dianchúraim, ardú ó 65 inné.
7,855 duine ar fad atá básaithe in Éirinn de dheasca an víris. 2,575 atá básaithe ó thuaidh den teorainn agus é fógartha ag an Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an víreas tolgtha acu imithe ar shlí na fírinne.
1,339 cás nua a deimhníodh ansin tráthnóna.
362 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, ardú ó 346 inné, agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná Dé Máirt.