Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ba-cheart-dul-ar-aghaidh-le-‘plean-b’-d’ionad-nua-in-indreabhan-mura-feidir-teacht-ar-chomhreiteach-–-cumann-forbartha-chois-fharraige

Ba cheart dul ar aghaidh le ‘Plean B’ d’ionad nua in Indreabhán mura féidir teacht ar chomhréiteach – Cumann Forbartha Chois Fharraige

Tuairisc
| Tuairisc.ie | , ,

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige gur cheart dul ar aghaidh le ‘Plean B’ Roinn na Gaeltachta d’ionad nua óige agus oideachais sa cheantar mura féidir teacht ar chomhréiteach le Coláiste Lurgan faoin scéal.

I ráiteas a chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige amach ar maidin dúradh gur chóir don Roinn “iarracht amháin eile” a dhéanamh roimhe sin teacht ar chomhréiteach le Coláiste Lurgan maidir le forbairt an ionaid nua ag láthair an choláiste in Indreabhán.

“B’fhearr leis an gCumann Forbartha go ndéanfaí iarracht amháin eile teacht ar réiteach le stiúrthóirí Choláiste Lurgan Teo faoin dá phíosa talún a theastódh le go bhféadfaí Plean A a chur i gcrích, seachas Plean B atá níos lú.

“Sa gcás nach féidir teacht ar réiteach le Coláiste Lurgan Teo., glacann an Cumann Forbartha leis, gur fearr leanacht ar aghaidh le Plean B, ná an infheistíocht stáit agus an deis a chailliúnt Ionad Oideachais agus Óige a fhorbairt ar mhaithe leis an gceantar, Ionad a bheadh ar fáil don Choláiste Gaeilge, don óige agus d’eagraíochtaí eile sa bpobal,” a dúradh sa ráiteas.

Tá an Roinn ag iarraidh dhá phíosa talún a cheannach ó Mhicheál Ó Foighil chun an foirgneamh nua a thógáil ag láthair an choláiste in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige. Mura n-éiríonn leo socrú a dhéanamh faoin talamh sin a cheannach roimh dheireadh na míosa, chuirfí plean nua i bhfeidhm, a deir an Roinn.

Ach deir Micheál Ó Foighil, úinéir Choláiste Lurgan, nach mbeidh “baint ná páirt” aige féin leis an fhorbairt má chuireann an Roinn ‘plean B’ i bhfeidhm.

Tá sé curtha i leith na n-údarás ag Ó Foighil nach bhfuil i ‘bplean B’ na Roinne maidir le forbairt an ionaid óige ach ‘kite-flying’, nó scaipeadh scéil féachaint cén glacadh a bheidh leis.

Faoin phlean nua, bheadh an t-ionad i bhfad níos lú ná mar a bhí beartaithe. Bheadh an líon céanna seomraí ann ach bheadh an príomh-halla níos lú agus áit do níos lú daoine ann dá bharr.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, go mbeadh rogha fós ag Coláiste Lurgan a bheith mar phríomhthionónta san fhoirgneamh le linn an tsamhraidh mura ndíolann Coláiste Lurgan an talamh leis na húdaráis.

Dúirt sé, áfach, gur shíl sé nach mbeadh aon fhadhb ann teacht ar choláiste eile dá mba ghá.

Seachas ceist na talún, is í an chnámh spairne is mó atá idir na húdaráis agus Coláiste Lurgan ná cé a bheadh freagrach as bainistíocht an fhoirgnimh “ó cheann ceann na bliana”.

D’fhoilsigh an Roinn dréachtphlean bainistíochta maidir le reáchtáil an ionaid agus é curtha faoi bhráid grúpaí pobail. Tá go dtí deireadh na míosa ag daoine moltaí a dhéanamh faoin bplean.

Faoin phlean bainistíochta don ionad, tá sé i gceist ag an Roinn coiste comhairleach a bhunú agus bainisteoir a cheapadh don ionad a bheadh i mbun reáchtáil an fhoirgnimh ó cheann ceann na bliana. Bheadh “cead eisiach” á thabhairt do Choláiste Lurgan an foirgneamh a úsáid do na cúrsaí samhraidh gach bliain.

Deir Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige go gcuireann said fáilte “i bprionsabal” le plean bainistíochta na Roinne.

“Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige sásta a bheith páirteach sa gCoiste Chomhairleach atá beartaithe chun cabhrú le bainistiú is le riaradh an Ionaid nua nuair atá sé tógtha,” a dúradh.

Tá amhras ann faoina bhfuil in ndán d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán le tamall mar gheall ar aighneas idir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ar thaobh amháin agus úinéir Choláiste Lurgan ar an taobh eile.

Deir feidhmeannaigh na Roinne agus an Údaráis go bhfuil siad dhá bhliain ag plé an scéil le húinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, agus gur gá dul ar aghaidh leis an bhforbairt. Tá an baol ann, a deir siad, go mbeadh orthu an €6 milliún atá curtha ar leataobh don togra a chaitheamh áit éigin eile.

Deir siad gur dócha anois gur in 2024 a bheadh an foirgneamh tógtha.

Deir Micheál Ó Foighil gur scéal scéil atá ‘i bPlean B’ na Roinne agus go mbeadh sé “thar a bheith dúshlánach” cead pleanála a fháil don ionad atá beartaithe faoin phlean eile.

“Níl ann ach Plean A. Plean B, níl ann ach kite-flying, inseoidh mé an fhírinne ghlan duit,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Foighil go raibh an Roinn agus Údarás na Gaeltachta “théis bogadh” i dtreo phlean Choláiste Lurgan don ionad agus nach raibh “an oiread sin de bhearna” eatarthu maidir leis “na mórcheisteanna”.

“Ach caithfear dul tríd na sonraí…níl a fhios againn céard atá muid a shíniú,” a dúirt sé.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge