Tá ráite ag an Tánaiste Leo Varadkar gur “cúis mhór imní” maíomh Dominic Cummings, iarchomhairleoir sinsearach de chuid Boris Johnson, go raibh sé i gceist i gcónaí ag Rialtas na Breataine Prótacal na Tuaiscirt “a chaitheamh i dtraipisí”.
Dúirt na Tánaiste Leo Varadkar gurb amhlaidh nach bhféadfaí muinín a chur i Rialtas na Breataine dá mb’amhladh gurbh fhíor a raibh le rá ag Cummings ar Twitter.
Mhaígh Cummings gur bealach le teacht slán as deacrachtaí polaitíochta agus “buille” a bhualadh ar Jeremy Corbyn a bhí sa mhargadh Breatimeachta.
Dúirt sé gur chóir go mbeadh cead ag an rialtas dul siar ar mhargadh “mar a dhéanann gach stát eile”.
Dá mb’fhíor do ráiteas Cummings, léiriú a bheadh gur le meon mímhacánta a rinne Rialtas na Breataine an margadh, a dúirt Leo Varadkar.
“Is an-údar imní na ráitis sin mar léiriú a bheadh ann gur de mheon mímhacánta a rinne an rialtas sin socrú,” a dúirt Varadkar.
“Ní mór an teachtaireacht sin a scaipeadh ar fud an domhain mar mura seasann Rialtas na Breataine lena chuid socruithe, mura gcloíonn sé le comhaontuithe a shíníonn sé, is amhlaidh a bheidh sé le gach dream eile chomh maith.
“Faoi láthair tá siad i mbun idirbheartaíochta ar fud an domhain chun conarthaí trádála nua a dhéanamh. Caithfear an scéala a scaipeadh ar fud an domhain nach seasann an rialtas Briotanach seo lena fhocal i gcónaí, nach i gcónaí a bhíonn sé dílis do chonarthaí a dhéanann sé.”
Tá an chonspóid seo ag tarlú tráth a bhfuil an tAontas Eorpach réidh le hathruithe suntasacha a fhógairt ar an mbealach a gcuirfear Prótacal Thuaisceart Éireann i bhfeidhm. Deir lucht taidhleoireachta go mbeidh laghdú mór ar an líon seiceálacha agus rialachán a bheidh ar earraí trádála idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann.
Is iad na moltaí seo freagra an Aontais ar mholtaí a rinne an Bhreatain mí Iúil nuair a chuireadar in iúl gur theastaigh ó Londain go leasófaí codanna den phrótacal a bhain le trádáil agus ról na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.
Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič a chuirfidh i láthair na moltaí nua a bhaineann le cógais leighis, gluaiseacht táirgí bia talmhaíochta, laghduithe ar rialacháin chustaim agus ról níos mó ag institiúidí agus gnóthaí Thuaisceart Éireann.