Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
deireadh-le-heisteacht-faoi-chas-pleanala-gaeltachta-san-ard-chuirt-agus-suil-le-cinneadh-an-mhi-seo-chugainn

Deireadh le héisteacht faoi chás pleanála Gaeltachta san Ard-Chúirt agus súil le cinneadh an mhí seo chugainn

| Tuairisc.ie | , ,

Táthar ag súil le cinneadh ar an 10 Samhain san Ard-Chúirt faoin gcéad chás riamh a tógadh ansin faoi bhailíocht na measúnachta tionchar teanga.

Cuireadh críoch an tseachtain seo le hathbhreithniú breithiúnach a d’iarr comharchumann Ráth Chairn i gcoinne chinneadh an Bhoird Pleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach sa bhaile beag Gaeltachta.

Mhaígh foireann dlí an Chomharchumainn go raibh an mheasúnacht tionchar teanga a rinneadh i gcás na forbartha lochtach, rud a shéan an Bord Pleanála.

Cé go ndearnadh scagadh ar bhailíocht an mheastacháin tionchar timpeallachta agus cineálacha eile meastacháin san Ard-Chúirt cheana, seo an chéad uair a ndearnadh scagadh ar mheastachán a bhain le cúrsaí teanga.

Dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon go raibh súil aici a breithiúnas a fhógairt ar an 10 Samhain.

Léadh amach sa chúirt le linn na héisteachta a mhair ceithre lá tuairisc chigire ón mBord Pleanála a dúirt nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, forbróir ón áit.

Dúirt an cigire ina thuarascáil gur cheart diúltú don fhorbairt mar gheall ar an dochar a dúirt sé a d’fhéadfadh sí a dhéanamh don Ghaeilge, mar go raibh amhras air an mbeadh éileamh ar a leithéid agus mar gheall ar “scála” na forbartha.

Dá bhrí sin ní bheadh an fhorbairt ag teacht leis an “pleanáil chuí” ná le “forbairt inchothaithe an limistéir”, a dúirt sé.

Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt mí an Mheithimh seo caite agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Deir an Bord Pleanála gurb amhlaidh go ndéanfadh an fhorbairt leas an cheantair agus na teanga mar go gcuirfí tithe ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Mhaígh siad chomh maith go gcinnteodh coinníoll go gcuirfí 70% de na tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge nach ndéanfaí dochar ach a mhalairt don teanga i Ráth Chairn.

Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%.

Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm nó nach bhféadfaí é a athrú.

Deir an Comharchumann gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Dúirt abhcóide an Chomharchumainn, Séamus Ó Tuathail nár cuireadh ar fáil don Bhord Pleanála agus cinneadh á dhéanamh acu faoin bhforbairt ach achoimre i mBéarla ar na haighneachtaí a bhí curtha faoi bhráid Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag Comharchumann Ráth Chairn.

Toisc go raibh an Bord Pleanála i dtaobh le hachoimre Béarla ar na haighneachtaí ní raibh siad ar an eolas faoi chuid mhór den chás a bhí á dhéanamh ag Comharchumann Ráth Chairn, a dúradh.

Bhí imní ar an gComharchumann nach duine a bhí cáilithe don chúram a scríobh an ráiteas tionchar teanga don fhorbróir, ach níor thuig an Bord Pleanála an t-údar imní sin a bheith ann mar nár cuireadh ar fáil i mBéarla dóibh na haighneachtaí go léir, a mhaígh Ó Tuathail.

Léadh amach ráiteas ón sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin a dúirt nach raibh na cáilíochtaí cuí ag an té a d’ullmhaigh an ráiteas tionchar teanga agus nár éirigh leis a chruthú gur chun leas na teanga a bheadh an fhorbairt.

Dúradh freisin go raibh locht ar an measúnú a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil an teanga níos láidre i Ráth Chairn ná mar a tugadh le fios.

Mhaígh foireann dlí an Chomharchumainn chomh maith nach raibh sé d’údarás ag an mBord Pleanála ceisteanna polasaí a bhain le polasaí teanga a fhágáil faoin gComhairle Contae agus faoin bhforbróir.

Níos mó