Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘it-wasn’t-hard-to-love-you’-agus-albaim-eile-na-miosa

‘It Wasn’t Hard to Love You’ agus Albaim eile na Míosa

| Ben O Faolain | ,

Fanfare Ciocarlia – It Wasn’t Hard To Love You (Asphalt Tango)

It Wasn’t Hard To Love You by Fanfare Ciocarlia

Saothar sluachistithe mar cheiliúradh ar bhunú an bhanna práis Rómánaigh Fanfare Ciocarlia cothrom an ama seo 25 bliain ó shin. 

Tá leagan spleodrach an ghrúpa den ‘James Bond Theme’ i mo mhála dioscmharcaíochta agam le fada an lá ach ó tháinig an saothar nua seo dá gcuid tríd an bhosca litreach isteach tá muid ar fad sa teach seo meallta ag an leagan mór dúr d’amhrán Bill Withers, ‘Just The Two Of Us’, a chuireann tús leis. 

Bhuail taom beag sciotaíola mé nuair a chuala duine d’amhránaithe an ghrúpa ag tabhairt faoin líne ‘I see the crystal raindrops fall, and the beauty of it all is when the sun comes shining through’ lena bhlas láidir Rómánach. Buail an cnaipe seinnte go gcloise tú!

Uffe – Words And Endings (On The Corner)

Words and Endings by Uffe

Tá an léiritheoir Danmhargach Uffe Christensen molta agam cheana sin iris seo mar léiritheoir óg a bhfuil tuiscint sheanchríonna aige ar conas ceol foncaí, anamúil a chruthú as seansamplaí díslithe fonc agus dioscó.

Ar ‘Words And Endings’ díríonn sé ar fhuaim i bhfad Éireann níos leithne agus níos eachtrúla ná mar a bhíos ag súil leis uaidh. Tá tionchar an tsnagcheoil spioradálta le clos chomh maith le rithimí na hAfraice, ach thar aon rud eile tá ‘Words And Endings’ faoi chomaoin ag oidhreacht dubcheoil agus fuaim iar-phonc na Breataine. Samhlaigh Theo Parrish ag roinnt stiúideo le Adrian Sherwood, abair.

Rabhadh don éisteoir: ní mór éisteacht le ‘Words And Endings’ trí bhabhta as a chéile sula ndéanann tú do bhreithiúnas féin air.  

Pastor T. L. Barrett & The Youth for Christ Choir – I Shall Wear A Crown (Numero Group)

I Shall Wear A Crown by Pastor T. L. Barrett

Seans maith go bhfuil glór Pastor T. L. Barrett cloiste agat cheana i ngan fhios duit féin, i bhfoirm shampláilte, ar ‘Father Stretch Out My Hands Pt. 1’ de chuid Kanye West. 

Deirtear gur ag an diabhal atá an ceol is fearr ach léiríonn an bailiúchán ollmhór seo de cheol croíúil dóchasach Pastor T. L. Barrett agus a chór amhránaithe nach fíor sin i gcónaí. Caith súil ar an gceolchoirm seo a dhein sé do NPR le déanaí. Tá an fear seo 77 mbliana d’aois, cuimhnigh! Tá fáilte romhat.

José Gonzalez – ‘Local Valley’ (City Slang)

Local Valley by José González

Ar Local Valley cloistear Gonzalez ag filleadh ar stíl shimplí a luathalbam. Canta i Spáinnis, Sualainnis agus Béarla is amhráin bheaga iad seo faoi cheisteanna móra eiseacha agus éiceolaíochta. 

Ná bíodh leisce ort tabhairt faoi – tá glór Gonzalez, agus fuaim a mhéar ar shreanga a ghiotáir, chomh bog binn pléisiúrtha is a bhí riamh. 

Níos mó