Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
talamh-tanai-agus-leacacha-crua-is-cuis-le-heaspa-spais-do-na-mairbh-i-gconamara

Talamh tanaí agus leacacha crua is cúis le heaspa spáis do na mairbh i gConamara

Tuairisc
| Mairtin O Cathain | ,

Luaitear suaimhneas agus sólás an tsaoil go minic le tírdhreach Chonamara.

Ach táthar amhrasach faoin gcaoi a bhfaighfear áit dúinn uilig ar an dúchas ach a dtiocfaidh an t-am don suaimhneas síoraí. Tá an spás gann mar go bhfuil an tírdhreach tanaí nó ina dhraoib le fliuchán agus uisce.

Bhí Comhairleoirí Contae Chonamara buailte nuair a tháinig ceist agus fadhb na reiligeacha ar chlár an chruinnithe a bhí acu an lá cheana.

Cuireadh ar a súile dóibh gur beag dul chun cinn a rinneadh nuair a chuaigh oifigeach de chuid na Comhairle Contae ó áit go háit i gConamara le sé mhí anuas agus é sa tóir ar láithreacha cóiriúla le haghaidh reiligeacha nua, no áiteacha a bhféadfaí síneadh a chur le reiligeacha atá ann cheana féin.

Ba iad na cúiseanna céanna a bhí leis an mhífheiliúnacht i mórán chuile chás: an leac ag éirí aníos ró-ard faoin talamh nó an suíomh báite. I gcásanna eile, bhí an bealach isteach ón mbóthar go dtí láthair na reilige achrannach anróiteach.

“Leacacha agus uisce; nach é sin Conamara agus leagadh síos na daoine leis na céadta bliain ann agus níor facthas go raibh aon fhadhb ann ina dhiaidh sin,” a deir an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin. “Chaithfeadh sé go mbeadh bealaí ann, sa lá atá inniu ann, le háiteacha a réiteach agus spás a fháil do na mairbh; bhíothas in ann é sin a dhéanamh an t-am ba mheasa dá raibh an saol,” arsa an Curraoineach.

Ach, ní mar sin a fheictear an cás do na húdaráis sláinte. Tá sé mar choinníoll anois ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeifí in ann dhá chónra a leagan os cionn a chéile i reilig agus go mbeadh an oiread domhain ann agus a thabharfadh spás le haghaidh an tríú cónra. Is beag áit atá i gConamara go bhfuil an cineál sin doimhne ná boige sa talamh.

Bhí tuairim ag an gComhairleoir Noel Thomas as Tulaigh Mhic Aodháin go bhféadfaí roinnt faoisimh a fháil ó chruóg na reiligeacha dá gcuirfí spásanna beaga sna sconsaí le haghaidh taisí na ndaoine a gcréamtar a gcoirp.

‘Columbarium’ a thugtar ar a leithéid sein de spás adhlactha i dtíortha eile, tá siad coitianta go maith i Meiriceá.

Ach shíl an Comhairleoir Pádraig Mac an Iomaire gur iomaí sin duine a bheadh le cur i gcré na cille sula mbeadh glacadh go forleathan leis an gcréamadh. “Sílim go dtiocfaidh an lá sin,” arsa an Comhairleoir Mac an Iomaire “ach d’fhéadfadh sé a bheith deich mbliana fichead uainn nó tuilleadh. Beidh go leor spás reilige ag teastáil idir seo agus sin.”

Adhlacóir é an Comhairleoir Mac an Iomaire agus tá eolas an-mhaith aige ar reiligí an cheantair. Shiúil sé an taobh ó dheas de Chonamara ag ’speáint na reiligeacha agus na suíomhanna d’fheidhmeannaigh na Comhairle Contae. Feiceann sé na deacrachtaí chuile lá.

“Tá reilig an Chnoic lán,” a deir Pádraig Mac an Iomaire “agus tá reilig Mhaírois [ar an mBánrainn i gCois Fharraige] faoi bhrú. Anois tá sochraidí as an Spidéal, as Indreabhán agus as taobh Ros an Mhíl ag teacht ansin.”

Dúirt an Comhairleoir Dáithí Ó Cualáin go bhfuil sé de dhualgas ar an gComhairle Contae reiligeacha agus spás adhlactha a chur ar fáil don phobal.

An féidir, a d’fhiafraigh seisean, reilig a mhúnlú sa gcaoi agus go mbeidh glacadh léi ag na húdaráis sláinte, “nó an bhfuil Plean B ar bith againn?”

“Tá sé chomh soiléir lena bhfaca tú riamh go gcaithfear áiteacha le haghaidh reiligeacha a líonadh isteach i gConamara,” a deir Séamas Breathnach, cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara [naonúr Comhairleoirí as toghcheantar Chonamara]. “Is léir go bhfuil lucht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag dul an-ghéar ar cheist na doimhneachta cré.”

Bhí plean ag an gComhairleoir Breathnach, cé nár cuireadh thrí chóras foirmeálta na Comhairle Bardasaí é an lá cheana.

“Ní sé uair an chloig ó bhí muid ag caint ar an gcaoi a scarfaí leis an lear créafóige a bainfear i Maigh Cuilinn ach a ndéanfar an obair ar an gcuarbhóthar thimpeall an bhaile sin. Nár mhaith an plean é go dtabharfaí an t-ábhar sin ó dheas agus go líonfaí isteach píosa talún a bheadh feiliúnach mar reilig?”

Tá an obair le tosaí ar shuíomh an chuarbhóthair i Maigh Cuilinn go gairid roimh an Nollaig agus beidh na mílte leoraí créafóige le cartadh amach sula leagfar bunchloch an chuarbhóthair. Ní hionann talamh Mhaigh Cuilinn agus an talamh tanaí carraigeach atá ó dheas agus siar Conamara.

B’fhéidir gur sa gcréafóg sin a thabharfaí suaimhneas dúinn uilig lá níos faide anonn.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge