Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
3,633-cas-nua-fogartha,-43-duine-eile-basaithe-le-seachtain-anuas

3,633 cás nua fógartha, 43 duine eile básaithe le seachtain anuas

| Tuairisc.ie | , ,

3,633 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur 43 duine a bhí buailte ag an ngalar a bhásaigh le seachtain anuas. 74 duine a bhásaigh an tseachtain roimhe sin.

Tá 8,423 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,609 ó dheas agus 2,814 ó thuaidh.

634 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, scór níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 119 díobhsan in aonad dianchúraim, seisear níos mó ná inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh dhá duine dhéag eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,848 cás nua a fógraíodh.

427 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Deir Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tonly Holohan, go bhféadfadh 400,000 cás nua den Covid-19 a bheith ann idir seo agus Nollaig mura dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.

Fiú mura mbeidh ach leath an mhéid sin cásanna ann, d’fhágfadh 200,000 cás go mbeadh 4,000 duine sna hospidéil leis an víreas aimsir na Nollag, dar leis an Dr Holohan.

Agus é ag labhairt ar an gclár News at One ar RTÉ, dúirt Holohan gur chóir go mbeadh daoine ag cur imeachtaí sóisialta ar ceal chun iarracht a dhéanamh an mhaidhm is deireanaí den víreas a cheansú.

“An rud a theastaíonn uainn a sheachaint ná an víreas seo a bheith tolgtha ag 200,000 duine nó a dhá oiread sin mí na Nollag,” a dúirt an Dr Holohan.

“Níl an víreas tolgtha ag aon duine díobh sin go fóill ach má bhíonn an Covid-19 tolgtha ag 200,000 duine, beidh cúram ospidéil ag teastáil ó 4,000 acu faoi Nollaig.

“D’fhágfadh sin go mbeadh ar 200,000 féinleithlisiú a dhéanamh agus fanacht amach ó dhaoine le linn séasúr na Nollag agus gan cead acu bualadh lena gcairde, lena muintir ná le haon duine eile.

“Is iontach an t-ualach é sin le cur ar an bpobal an tráth seo bliana murar féidir linn ar fad cloí níos fearr leis na srianta.”

Dúirt an Dr Holohan nach n-éireodh leis na srianta is deireanaí atá fógartha ag an rialtas mura mbeadh daoine sásta cloí leo.

Fógraíodh inné go gcaithfidh tábhairní, bialanna agus clubanna oíche dúnadh ag meán oíche ón lá amárach. Ón Aoine seo moltar do dhaoine obair ón mbaile más féidir agus iarrtar ar fhostóirí an deis sin a thabhairt dá bhfostaithe más féidir.

Maidir le cóisirí Nollag, dúirt an Dr Holohan go mbeadh ar chomhlachtaí cinntí “stuama” a dhéanamh agus iarrachtaí á ndéanamh scaipeadh an víris a chur faoi smacht

“Ba chóir do gach eagraíocht breathnú uirthi féin agus ar na bearta a chaithfear a dhéanamh. Táimid ag comhairliú do dhaoine fanacht sa mbaile chomh mór agus is féidir agus oibriú ón mbaile. Cinntí críonna iad sin.”

Dúirt an Dr Holohan nach raibh aon bheart amháin ann a chuirfeadh srian le scaipeadh an víris agus na bearta a bhí ann a úsáid “mar is ceart agus is cóir”.

Thug sé le fios go bhfuil an uimhir R, ráta scaipthe an ghalair, anois ag 1.25 agus “nach mbeadh go leor le déanamh chun í a thabhairt síos faoin a haon”.

Níos luaithe tráthnóna, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnnelly nach bhféadfaí dianghlasáil eile “a chur as an áireamh”.

Dúirt an tAire go bhféadfadh idir 200-450 othar a bheith in aonaid dianchúraim seachtain na Nollag mura ndéanfaí iarracht feabhas a chur ar chúrsaí.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin aréir nach bhféadfadh aon chóras sláinte áit ar bith déileáil leis an mbrú a bheadh ann dá leanfadh líon na gcásanna agus líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil ag ardú leo mar atá.

Níos mó