Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
an-bille-teanga-i-bhfoisceacht-ceim-amhain-da-cheann-scribe-i-ndiaidh-diospoireacht-sa-seanad

An Bille Teanga i bhfoisceacht céim amháin dá cheann scríbe i ndiaidh díospóireacht sa Seanad

Tuairisc
| Tuairisc.ie | , ,

Níl ach céim amháin eile le sárú i dTithe an Oireachtais ag an mbille teanga a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Críochnaíodh i Seanad Éireann anocht Céim an Choiste den bhille rud a fhágann nach bhfuil fágtha ach Céim na Tuarascála sa Seanad.

Beidh an chéim sin ar siúl Dé Máirt seo chugainn.

Ina dhiaidh sin, fillfidh an Bille ar Dháil Éireann, áit a luafar aon leasú a rinneadh sa Seanad. Rachaidh sé as sin go dtí Áras an Uachtaráin chun go síneoidh an tUachtarán é.

Glacadh sa Seanad anocht le cúig leasú a bhí molta ag an Rialtas ar an mbille, ar leasuithe teicniúla iad, ach níor glacadh le haon cheann den 32 leasú eile a moladh.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile go raibh an bille i bhfad níos láidre ná mar a bhí roimh chéimeanna na Dála, ach gur trua nár tapaíodh an deis sa Seanad anocht é a dhéanamh “níos láidre fós”.

Léirigh diúltú an Rialtais do na leasuithe go léir ní hamháin nach raibh siad “dáiríre” faoi na fadhbanna “a réiteach” ach nach raibh siad sásta “iad a aithint”, arsa Ó Donnghaile.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfillfeadh sé ag an gcéad chéim eile lena leagan féin de dhá leasú, ceann a bhain leis an nGaeilge a bheith ar comhchéim leis an mBéarla ar ábhar margaíochta dátheangach agus ceann eile a bhain le fógraíocht i nGaeilge.

Ar na leasuithe a diúltaíodh bhí leasú traspháirtí a chuirfeadh spriocdháta docht lena bhfuil geallta sa bhille i dtaobh seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir an leasaithe a mhol Seanadóirí Shinn Féin, Seán Kyne agus Lorraine Clifford-Lee, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil,  chuirfí spriocdháta – an 31 Nollaig 2030 – leis an gcuspóir sa bhille go mbeadh gach seirbhís phoiblí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile gurb é seo an t-aon leasú a mhol oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta agus “b’fhéidir an ceann is tábhachtaí” ar fad.

I measc na leasuithe eile a diúltaíodh sa Seanad anocht bhí moladh ó Sheanadóirí Shinn Féin gur líofacht leibhéal B1 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha a bheadh ag teastáil chun go bhféadfadh duine cáiliú mar chainteoir líofa faoin reachtaíocht.

De réir phríomhsprioc an Bhille Gaeilgeoirí líofa a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030, ach mhaígh an Seanadóir Niall Ó Donnghaile (SF) nach mbeadh mórán fiúntais ag baint leis sin mura ndéanfaí sainmhíniú ar cad is ‘líofacht’ ann.

“Níl aon sainmhíniú ar céard is brí le líofacht, an leor go mbeidh 20% in ann ‘Dia Dhuit’ a rá nó an bhfuil muid dáiríre faoi seo?” a d’fhiafraigh an Seanadóir Ó Donnghaile.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go gcaithfí a bheith “réalaíoch” faoi líon na ndaoine a bheadh ar fáil chun postanna a líonadh.

Diúltaíodh chomh maith do leasú a d’fhágfadh go gcaithfí billí Thithe an Oireachtais a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

An Seanadóir Niall Ó Donnghaile

Dúirt Niall Ó Donnghaile gur “ábhar náire” é go mbeadh stádas iomlán ag an nGaeilge san Aontas Eorpach an bhliain seo chugainn ach gan reachtaíocht agus cáipéisí eile á bhfoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna ag baile.

“Níor chóir go mbeadh níos mó measa ag an Aontas Eorpach ar ár dteanga ná mar atá againn féin, go háirithe sa Teach seo,” a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile.

Diúltaíodh freisin do leasú traspháirtí a mhol go gcuirfí spriocdháta daingean leis an dualgas a leagfaí faoin mbille ar chomhlachtaí poiblí úsáid cheart a bhaint as an síneadh fada in ainmneacha daoine.

I measc na leasuithe eile ar diúltaíodh dóibh, bhí leasú a bhain le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair, ceann a chuirfeadh cairt cearta teanga sa reachtaíocht agus moladh gur i nGaeilge amháin a bheadh lógónna comhlachtaí poiblí.

Diúltaíodh freisin do leasú a mhol an Seanadóir Alice Mary Higgins go mbeadh buntáiste áirithe i gcomórtais stáit ag comhlachtaí a bheadh in ann an tseirbhís atá á lorg a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith le Béarla.

An t-eiteach a tugadh chomh maith do mholadh Sheáin Kyne, an t-iar-aire stáit Gaeltachta agus Seanadóir de chuid Fhine Gael, a mhol go mbeadh Aire na Gaeltachta agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin mbille.

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn freagrach as polasaí earcaíochta na státseirbhíse.

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers

Ritheadh sa Dáil an Bille Teanga an mhí seo caite, áit ar aontaigh an freasúra agus an Rialtas go raibh an dréachtreachtaíocht “i bhfad níos láidre ná mar a bhí”.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge