Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
is-fearr-‘cha’-na-‘ni’-a-usaid-–-eadar-ghaelg-iv

Is fearr ‘cha’ ná ‘ní’ a úsáid – Eadar-Ghaelg IV

NÓS
| ciaran dunbar | ,

D’fhoilsigh mé roinnt smaointe ar ‘Eadar-Ghaelg’ cheana, córas nó comhairle a bhfuil mar aidhm aige cumarsáid ‘pan-Ghaeilge’ a éascú. 

Tá an smaointeoireacht seo faoi thionchar mór na teanga chúnta Interlingua, teanga a thuigfeadh duine ar bith a bhfuil teanga rómánsach acu gan lá staidéir a dhéanamh uirthi agus a d’éascódh teagmháil idir mhuintir Laidine an domhain – dá dtabharfaí deis dó. 

Déanta na fírinne, níor chaith mé ach ar a mhéid trí uair a chloig ag foghlaim Interlingua (bhí Iodáilis mheasartha agus Béarla agam roimhe) ach is doiligh smaoineamh gurbh fhéidir am a chaitheamh ar bhealach níos fearr.

Chaith mé roinnt laethanta i gcomhluadar Spáinneach ar na mallaibh agus rinne an trí uair a chloig sin go leor chun tuiscint na Spáinnise a éascú agus chun ligin dom mé féin a chur in iúl go pointe. 

Tá cuid mhaith Interlingua ar fáil ar YouTube agus tá beagán de ar an aip foghlamtha Memrise chomh maith. Tá a leithéid ann agus ‘Eadar-Slavais’ lena chois ach ní heol dom mórán fúithi seo go fóill.

Tá mo chuid smaointe ar an ábhar seo ag éabhlóidiú de réir a chéile, de réir mar a fhoghlaimím níos mó faoi Ghaeilge na hAlban agus de réir mar a dhéanaim obair trí mheán na canúna seo. Deirtear liom go bhfuil ‘Gáidhlig lár na Srutha’ agam faoi am seo, agus ní miste é sin, seans gur leor é sin?

Go dtí seo, bhí na pointí a bhí idir lámh agam maidir le hEadar-Ghaelg measartha éasca – ach anois, bheadh cinntí móra le déanamh. 

Ní vs cha

Is é ceann de na príomhcheisteanna ná, agus tá sé idir chasta agus shimplí, ar cheart an mhír dhiúltach ‘ní’ nó ‘cha’ a úsáid? 

Is é ‘ní’ an leagan is údarásaí agus is clasaicí dar liom. Cé nach bhfuil ‘ní’ beo in Albain anois, thuigfeadh Albanach nó Manannach oilte sa teanga ‘ní’ go cinnte, seans nach dtuigfeadh gnáth-Ghael na croite é áfach. 

Measaim go dtuigfeadh daoine ‘cha’ níos forleathana in Éirinn ná mar a thuigfí ‘ní’ in Albain agus i Manainn, mar gheall ar Raidió na Gaeltachta go príomha, agus tá údarás na staire aige fosta. 

Tá / bhí sé le cloisteáil in Acaill, chuala mé ‘chan’ ag cainteoir dúchais Chonamara fiú (duine sna meáin, tá’s agat). Chomh maith leis sin baineadh úsáid choitianta as idir an Bhóinn agus Cnoc Fola tráth. 

Agus, thar rud ar bith eile, tá ‘cha’ beo in Éirinn go fóill, baintear úsáid as i gcló, ar an aer, agus tá sé san fhoclóir, agus go dtí le déanaí bhí sé sa chaighdeán oifigiúil – cad sa diabhal eile atá uait?

Mar sin – cloígh le ‘cha’, sin a mholaim, mar mhír dhiúltach na hEadar-Ghaelg. 

Uime sin:

Ní > Chan fheil. (deir ‘il’)
Ní raibh > Cha rabh (deir robh)
Ní dheachaigh > Cha deachaidh 

Agus mar sin de. 

An briathar ‘bí’

Is é an briathar ‘bí’ an ceann is tábhachtaí i dteanga ar bith. Smaoinigh ar cé chomh minic is a deir tú ‘tá mé’.

Ach seans go ndeir tú ‘táim’ nó ‘tháim’ go fiú. In Albain deir siad ‘tha mi’, i Manainn deirtear ‘ta mee’.

Sa chéad dul síos, cé go raibh foirmeacha táite (ar nós (a)táim, (a)táid) sa Ghaeilge Chlasaiceach, mar atá go fóill i nGaeilge na Mumhan, ar mhaithe le tuiscint is fearr na foirmeacha scartha a úsáid, measaim.

Thuigfeadh fear i gCléire ‘tá mé’ ach gach seans nach dtuigfeadh fear as Muile ‘tháim’, mar shampla.

‘Tha’ a deirtear in Albain, ‘tá’ a deirtear in Éireann de ghnáth (cé go bhfuil ‘thá’ le fáil go minic i gcúige Mumhan, go háirithe sa Rinn, agus corr-uair in Ultaibh fiú, i bhFánaid cuir i gcás) agus in Oileán Mhanann.

Cé ceann acu is fearr mar sin?

Sa chás áirithe seo bheinn ag moladh ‘tá’ a úsáid ach ní bheinn docht fiú – sílim gur féidir an dá rud. 

Mar sin de, seo paraidím den bhriathar ‘bí’ san aimsir láithreach san Eadar-Ghaelg. 

Tá mi*

Tá tú

Tá í**

Tá é** 

Tá sibh

Tá sinn

Tá iad*

* Tá ‘mi’ roghnaithe agam óir measaim go dtuigfeadh Éireannach é níos furasta ná mar a thuigfeadh Albanach ‘mé’. Chomh maith leis sin, cluintear ‘mi’ in Éirinn ó am go ham i gCúige Mumhan, cloiseadh é in Reachraidh, i nGlinntí Aontroma agus in Inis Eoghain uair amháin den tsaol lena chois sin. 

** Is fearr nós na hAlban agus Mhanann (agus Oileán Reachraidh) a leanúint maidir leis na forainmneacha de, is é sin le rá an fhoirm chuspóireach a úsáid i gcónaí. Cinnte, tá cuma aisteach ar sin dúinn in Éirinn – ach thuigfeadh Éireannach ‘Tá iad’ gan stró, muise cluintear a leithéid i dtuaisceart Thír Chonaill cibé ar bith

Bain triall as cibé ar bith agus cuir in iúl dom cad é mar a d’éirigh leat, le leithéid Zoom agus mar sin de, cén leithscéal atá agat? 

Seo Eagrán IV den tsraith Eadar-Ghaelg: Comhtheanga na nGael le Ciarán Dunbar. Is féidir na heagráin eile a léamh anseo:

Eagrán I
Eagrán II
Eagrán III

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge