Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
amhras-leirithe-ag-an-taoiseach-faoi-chursai-nua-gaeilge-don-ardteist

Amhras léirithe ag an Taoiseach faoi chúrsaí nua Gaeilge don Ardteist

Tá amhras mór léirithe ag an Taoiseach faoin moladh go dtabharfaí dhá scrúdú Gaeilge nua isteach don Ardteist.

Ag labhairt dó ar Newstalk inniu, dúirt Micheál Martin gurb í a thuairim nár chóir dúshlán níos mó a leagan roimh chainteoirí líofa Gaeilge go dtí an tríú leibhéal.

Dúirt sé go gcaithfí tuilleadh plé a dhéanamh faoin moladh go dtabharfaí na cúrsaí nua T1 agus T2 isteach don Ardteist.

Tá an NCCA ag moladh go dtabharfaí dhá chúrsa nua isteach don Ardteist – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

“Tá mé ar an eolas faoi na pleananna atá ag an Roinn agus an NCCA agus caithfimid níos mó machnaimh a dhéanamh air seo,” arsa Micheál Martin.

“Tá na pleananna leis an NCCA faoi láthair agus tá an chuma ar an scéal go bhfuiltear ag iarraidh scrúdú nua Gaeilge atá níos dúshlánaí a chruthú do dhaoine atá níos líofa.

Nuair a maíodh go raibh an scrúdú T1 sa tsraith shóisearach níos déine ná an t-ardleibhéal ag an Ardteist, dúirt an Taoiseach go gcaithfí a bheith “cúramach” faoi sin.

“Sea, agus ní mór dúinn a bheith cúramach. An aidhm ba cheart a bheith againn ná go mbeadh grá ag daoine don teanga, go mbainfí sásamh aisti agus nach mbíonn daoine ag féachaint uirthi mar chonstaic eile le sárú, is cuma cé chomh maith is atá tú [ag an nGaeilge].

“Ceann de na rudaí maithe faoi na gaelscoileanna agus na gaelcholáistí is ea líon na ndaoine a bhfuil eolas maith acu ar an teanga agus atá ábalta í a labhairt go nádúrtha, daoine b’fhéidir nach leanann ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh na scoile.

“Buailim go minic le daoine óga, cairde le mo pháistí féin, a d’fhreastail ar ghaelscoileanna agus d’fhéadfainn comhrá an-nádúrtha a bheith agam leo agus craic a bheith agam leo agus rudaí a phlé leo. Sin bun agus barr an scéil, i ndáiríre.”

Thug sé le fios gur chóir féachaint ar an líofacht sa Ghaeilge mar bhua agus é a fhágáil mar sin.

“Agus tuigim conas go mbíonn daoine áirithe an-mhaith ag an nGaeilge go nádúrtha, má thagann tú ó ghaelscoil nó más ón Gaeltacht tú, agus mar sin. Ach ligimis dó sin a bheith mar bhua atá agat.”

Thagair sé do léachtóir ollscoile a bhí aige féin a thug don rang naomhsheanchais na ceisteanna faoin roimh an scrúdú. Ní raibh an léachtóir sin ag iarraidh breith amuigh ort, ach bhí sé ag iarraidh seans a thabhairt duit a léiriú gur thuig tú an t-ábhar agus go raibh tú ábalta an méid sin a chur in iúl, a dúirt an Taoiseach.

“Sin é an t-oideachas. Ní faoi a bheith ag iarraidh breith amuigh ar dhaltaí atá sé. Má féidir leat a léiriú go bhfuil tú go maith ag an nGaeilge agus má dhéanann tú go maith ag an nGaeilge, bhuel sin sin, déanfaimid tú a chúiteamh as.

“Ní mór dúinn plé a dhéanamh mar sin faoin smaoineamh seo go gcaithfimid dúshlán níos mó a chur romhat mar go dtarlaíonn sé go bhfuil do chuid Gaeilge níos fearr ná Gaeilge duine éigin eile.

“Glacaim le gnéithe áirithe de, ach is do lá níos faide ar aghaidh sa saol é, ag an tríú leibhéal agus ina dhiaidh, má tá daoine ag iarraidh a bheith ina scríbhneoirí, filí, taighdeoirí agus mar sin de. Lig dóibh taitneamh a bhaint aisti [an Ghaeilge] ag an dara leibhéal.”

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie le déanaí, thug 93% de phríomhoidí Gaeltachta le fios nach mbeidís sásta moladh dá ndaltaí an cúrsa nua Gaeilge T1 atá beartaithe don Ardteist a dhéanamh.

De réir an tsuirbhé, dúirt 14 den 26 príomhoide a d’fhreagair an cheist gur chóir go mbeadh marcanna bónais ag dul leis an gcúrsa T1. Dúirt deichniúr gur cheart dhá chúrsa a bheith ann agus cead ag dalta an dá cheann a dhéanamh.

Tá go leor díospóireachta agus conspóide cothaithe ag na dréachtsonraíochtaí Ardteiste T1 agus T2 ó foilsíodh iad mí Feabhra.

Nach mór míle freagra a fuair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi na hathruithe conspóideacha atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste, aighneacht ó choiste Oireachtais ina measc.

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua – T1 agus T2 – lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar cuireadh tús leis mí Feabhra i mbliana, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle (CNCM).

Tá anailís anois le déanamh ar an aiseolas uile agus súil ann go mbeidh tuarascáil faoin bpróiseas comhairliúcháin réidh le foilsiú i rith an earraigh 2022.

Níos mó