6,329 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna bunaithe ar thástálacha PCR.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,810 duine a raibh toradh dearfach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Tháinig treoir nua i bhfeidhm Dé hAoine seo caite nach raibh ar dhaoine a raibh toradh dearfach faighte acu ar thástáil antaigine tástáil PCR a lorg.
1,006 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 41 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Bhí 97 díobhsan in aonad dianchúraim, naonúr níos mó ná mar a bhí I gceist inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 3,295 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
394 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim.