Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘ta-gaire-aine-ni-bhreisleain-nios-togalai-na-omicron’

‘Tá gáire Áine Ní Bhreisleáin níos tógálaí ná Omicron’

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Is pléisiúrtha ar fad an turas é An Cósta Thiar i gcuideachta Áine Uí Bhreisleáin mar a dhéanann sí a bealach síos an cósta ó Dhún na nGall go Ciarraí. 

Tosaíonn an t-aistear amach i gcomhluadar Áine agus a cairde, ina baile dúchais ar an mBun Beag i nGaoth Dobhair. Cuireann muid aithne ar mhná misniúla an chiorcail snámha ‘Uisce Beatha’ a bhíonn dá dtumadh féin in uisce úr Ghaoth Dobhair gach lá  agus labhraítear ar na tréithe diamhaire  a dhéanann idirdhealú idir an duine a bhfuil cónaí orthu cois farraige agus a gcomharsana isteach ón gcósta. Mar a deir Eileen Nic Suibhne, duine de na snámhaithe, “Duine ar bith a d’fhás aníos cois na farraige, tá rud beag difriúil faoi dtaobh daofa!” Gealltar dúinn go gcasfar sin ar roinnt den dream uathúil úd nuair a thugann Áine faoina turas mór.

Díríonn céad chlár na sraithe ar mhuintir chósta Dhún na nGall agus níl aon dabht ach gur uathúil, siamsúil na daoine iad a bhfuil an cósta agus an fharraige ag croílár a saoil. Castar sinn mar shampla ar bheirt fhear farraige a shaothraíonn a gcuid ón uisce ar bhealaí fíordhifriúla; an t-iascaire Éamonn Mac Ruaidhrí agus Aiden Ó Fearraigh, fear óg a thugann daoine ar thurais chadhcála treoraithe go hUaighe.

Casann muid leis an staraí áitiúil Donncha Ó Baoill leis, a thugann siar sa stair muid agus a labhraíonn ar mar a mhair an pobal cois cósta i nDún na nGall fadó. Ar dhuine den phobal céanna bhí an ceannaire cáiliúil Aodh Ruadh Ó Domhnaill, ar a dtugtaí Aodh na mBradán mar gheall ar an mórcheangal a bhí aige siúd le hiascaireacht agus díol bradán. Ní raibh an leasainm sin cloiste agam féin riamh go dtí gur bhraitheas ar an chár na hoíche aréir é.

Is aoibhne na radharcanna a fhaigheann muid ar fharraige lonrach an iarthair mar a thugann Áine faoi na dúshláin éagsúla a gcuirtear roimpi le linn an chláir, iascaireacht farraige agus cadhcáil in aghaidh na gaoithe ina measc, agus is lón machnaimh a comhráití leis na daoine a gcasann sí orthu. 

Láimhseálann sí gach ábhar go cumasach agus cuireann a teacht i láthair mealltach, gealgháireach go mór leis an gclár. Is léir  a scileanna mar iriseoir leis, gan drogall uirthi ceisteanna deacra a chur. Cíortar ceisteanna móra, faoi mheath na hearnála iascaireachta agus faoi chonspóid na bhfeirmeacha oisrí ach ní bhíonn aoibh an gháire i bhfad ó bhéal an láithreora riamh. 

Tá cloiste agam ar na sráideanna leis, gur chruthaigh taighde eolaíoch le déanaí go bhfuil gáire Áine níos tógálaí fiú ná an t-athraitheach Omicron. 

Ní rún é go bhfuil áilleacht ar leith ag baint le cósta thiar na hÉireann agus ó tháinig ‘Slí an Atlantaigh Fhiáin’ chugainn tá níos mó cáile ar an áilleacht sin ná mar a bhí riamh, ach go háirithe le rath na ‘staycations’ le blianta beaga anuas. Díreach nuair a shíl muid go raibh aithne mhaith againn ar an gcósta úd áfach, éiríonn leis An Cósta Thiar a thaispeáint dúinn go bhfuil rúin le nochtadh aige fós. 

Táim ag tnúth go mór leis an gcéad chlár eile cheana féin, agus beidh mé ag déanamh brionglóid faoi phluaiseanna mistéireacha Uaighe ar feadh i bhfad.

Tá an chéad chlár de ‘An Cósta Thiar’ ar fáil ag seinnteoir TG4 anseo.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge