Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
an-ucrain,-inne-agus-inniu

An Úcráin, inné agus inniu

| Dáithí Anraí |

Cíorann Panu Höglund cuid de stair na hÚcráine, ceist a bhíonn faoi chaibidil go minic i láthair na huaire i gcomhthéacs an chogaidh

Rud nach dtuigim is ea go mbeadh aon duine ag cur i leith na hÚcráine gur ”frithréabhlóid” a bhí i gceist leis nuair a d’éirigh bunadh na hÚcráine amach in aghaidh rialtas Viktor Yanukovich – is é sin ”frithréabhlóid” in aghaidh chumhacht an phobail.

Mar sin féin chluinfeá a leithéid de ráiteas aiféiseach ó shean-Chumannaigh in Éirinn agus i mo thír dhúchais féin, agus is éadócha nach mbeadh an tseafóid seo coitianta i dtíortha eile. Chaith mé féin na blianta fada ag déanamh staidéar ar thíortha agus teangacha Oirthear na hEorpa, agus bhí scoth na Polainnise i mo phluc sular chrom mé ar an nGaeilge a fhoghlaim i ndáiríribh, agus is é mo thuairim féin ná nach féidir a rá gur ”tír Fhaisisteach” í an Úcráin nó gur ”canúint Rúisise” í an Úcráinis. Ar ndóigh tá gaol dlúth ag an dá theanga le chéile, ach tá na teangacha Slavacha go léir cosúil go maith le chéile. Ina dhiaidh sin féin ní thabharfá ”canúint Seicise” ar an bPolainnis, mar shampla, toisc go bhfuil a traidisiún liteartha ag an bPolainnis le fada.

Cuid de stát dúbailte na Polainne-Liotuáine a bhí san Úcráin ar dtús, agus san am sin bhí teanga liteartha ar leith á saothrú ag na hÚcránaigh cheana féin. Nuair a rinne an Rúis, an Phrúis agus an Ostair críochdheighilt ar an bPolainn faoi dheireadh na hochtú haoise déag, thit an Úcráin leis an Ostair agus an Rúis. Rinne Impireacht na Rúise iarracht a teanga féin a chur in áit na hÚcráinise díreach cosúil leis an dóigh a mbítí ag cur na Gaeilge faoi chois in Impireacht na Breataine. Ní raibh polasaithe chomh dian céanna i bhfeidhm sa Ghailís – an chuid Iartharach den Úcráin a bhí á rialú ag an Ostair – agus mar sin mhair traidisiúin na teanga in Iarthar na hÚcráine ní ba bheoga ná san Oirthear, áit a raibh an Rúisis ag dul i bhfeidhm ar chaint na ndaoine. Dá réir sin, bíonn deacrachtaí áirithe ag baint le caighdeánú na teanga, ach is ar éigean is féidir a rá nach mbeadh tuiscint éigin ag lucht na Gaeilge ar cheisteanna den chineál sin. Saolaíodh file náisiúnta na hÚcráine Taras Shevchenko in Oirthear na hÚcráine, ach ní féidir a rá ar aon nós gur ”canúint Rúisise” a bhí sé a scríobh, ach oiread le muintir Iarthar na hÚcráine. Agus ní bhfuair sé oideachas foirmeálta sa teanga – ba í caint na ndaoine a chleachtadh sé ina chuid scríbhinní, seachas teanga ”shaorga” liteartha.

Maidir leis an liomhain a chloistear go minic gur tír Fhaisisteach amach is amach í an Úcráin, ní mór a rá go bhfuil a traidisiún radacachais den eite chlé féin ag an Úcráin. B’as an Úcráin do Nestor Makhno, ainrialaí mór de chuid na Rúise. Tháinig gluaiseacht na heite clé agus gluaiseacht neamhspleáchais na hÚcráine ar an bhfód faoin am chéanna, agus iad ag imirt tionchar ar a chéile dá réir. Nuair a tharla an chéad réabhlóid sa Rúis, sa bhliain 1905, agus páirtithe polaitiúla á mbunú nó ag teacht chun solais, ní raibh ach lucht na Rúisise san Úcráin i bhfách leis an eite dheas – páirtithe clé ab ea na páirtithe Úcránacha go léir.

Bhí Cumannaigh Úcránacha ann a raibh páirtí dá gcuid féin acu, na Borotbisty – ón bhfocal Úcráinise borotba a chiallaíos ”cath, troid” (gaolmhar le borba na Rúisise). Nuair a chuaigh an Úcráin san Aontas Sóivéadach, ní raibh de rogha ag na Borotbisty sa deireadh ach éirí as a neamhspleáchas polaitiúil agus dul sna Boilséivigh uile-Shóivéadacha. Sna fichidí bhí an Úcráinis á cur chun cinn go fairsing san Úcráin Shóivéadach, agus an chuid de na Borotbisty a bhí sásta comhoibriú leis na Boilséivigh Rúiseacha ghlac siad páirt san obair seo; nuair a bhí Iósaf Stailín agus Leon Trotscaí in iomaíocht faoi cheannasaíocht na gCumannach, bhí na Cumannaigh Úcránacha, na sean-bhorotbisty san áireamh, ag tacú le Stailín, ó chreid siad go raibh siad faoi chomaoin aige siúd as athbheochan na teanga. Nuair a thosaigh purguithe móra Stailín, áfach, ba iad na sean-bhorotbisty ba mhó a cuireadh chun báis nó a príosúnaíodh san Úcráin.

Is léir go raibh náisiúnaithe Úcránacha ag comhoibriú leis na Naitsithe nuair a d’ionsaigh Hitler agus a chuid díormaí an tAontas Sóivéadach, ach ní eisceacht a bhí iontu. Bhí cuid mhór de mhuintir ilnáisiúnta an Aontais dubh dóite de Stailín faoin am sin, agus tháinig na Gearmánaigh ar dhaoine a bhí sásta cabhrú leo i measc a lán grúpaí eitneacha, na Rúisigh féin san áireamh. Ní raibh na comhoibrithe sin ina Naitsithe amach is amach, ach an oiread: an ceannaire náisiúnaíoch úd Stepan Bandera a gcaitheann na bolscairí Rúiseacha anuas air, chaith seisean tréimhse fhada i gcampa géibhinn Sachsenhausen agus níor theastaigh a chuidiú ó na Naitsithe sula raibh an cogadh ag tosú ag teip orthu.

Níos mó