Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Athruithe cearta de dhíth anois tar éis an toghcháin

| Dáithí Anraí |

Concubhar Ó Liatháin

Ritheann cúpla seanrá liom an tseachtain seo agus mé ag meabhrú ar thorthaí thoghcháin an Tionóil ó thuaidh: “Plus ça change, plus ça le meme chose” agus “dá n-athródh toghcháin rud ar bith, bheadh cosc curtha orthu i bhfad ó shin”.

Ritheann na seanráitis úd liom agus na focail ‘stairiúil’ agus ‘seismeach’ á n-úsáid go minic agus tráchtairí ag déanamh cur síos ar na torthaí céanna.

Agus le bheith cothrom, tá blas stairiúil ar thoradh an toghcháin sa mhéid is go bhfuil ceannaire Shinn Féin ó thuaidh (tá cuma ‘Game of Thrones ar an dteideal sin, ritheann sé liom!) ar cheann an chomhairimh agus ise atá le toghadh lá níos faide anonn ina Céad-Aire.

Ná bac leis an gcaint faoi tharraingt na gcos ag na páirtithe aontachtacha dul isteach sa bhFeidhmeannas, agus go dtí go dtarlaíonn sin, ní thoghfar éinne i bpost ar bith, ach tá an bua seo chomh tábhachtach le bua Chath Chluain Tairbh is torthaí iliomad coimhlintí eile a tharla inár stair. Cumfar amhráin faoin mbua seo, beidh filí ag cur laoithe le chéile leis na laochra a chomóradh agus a mholadh.

Stairiúil agus, sea, seismeach, freisin.

Téarma tíreolaíoch é seismeach a chuireann síos ar athrú tírdhreacha de bharr crith talún. D’athraigh an toradh toghcháin seo an tírdhreach go siombalach gan aon agó.  An stáitín a cruthaíodh bliain agus céad ó shin le go mbeadh móramh buan aontachtach ann, tá an aisling sin ina smidiríní.

An rud is íorónaí ar fad, gan amhras, ná go bhfuair iarrthóirí aontachtacha sciar níos mó den vóta céad rogha ná mar a fuair iarrthóirí náisiúnacha – 40% in aghaidh 39% – ach de bharr míeagair agus easaontais eatarthu féin, ní raibh an buntáiste sin le feiceáil ar chlár na scór, is é sin líon na suíochán ag gach páirtí.

Nuair a dhéantar anailís fhuar ar na torthaí, ní bhfuair Sinn Féin ach 1% sa bhreis ar an vóta a fuair siad in 2017 agus ní bhfuair siad aon suíochán sa bhreis. Laghdaigh líon suíochán an DUP ó 28 go 25. I bhfianaise na batrála a bhí á tuar sna pobalbhreitheanna roimh an toghchán, thug Jeffrey Donaldson na cosa leis – agus d’éirigh leis fáil réidh le seandineasár nó dhó.

Is é an fhírinne lom ná go bhfuil sciar na bpáirtithe móra ar an dá thaobh tar éis bheith ag meath leis le blianta fada agus, an uair seo, gur tháinig ardú mór, dúbailt, ar sciar an vóta ag Páirtí na Comhghuaillíochta.

Ar feadh na mblianta a chaitheas i mBéal Feirste, ní raibh glacadh leis an Alliance ar aon taobh. Bhí siad ró-aontachtach (agus frith-Ghaelach, tuigeadh dom) le bheith ina gcáirde sa chúirt ag náisiúnaithe agus ró-Ghaelach is naisiúnach le go bhfáilteodh aontachtóirí rompu. Chonac fiú tagairtí don ‘IRA/Alliance’ ar bhallaí éagsúla timpeall an bhaile le linn an fheachtais seo.

As seo amach, tá cumhacht bás is beatha (polatúil) ag an Alliance agus iad i lár an aonaigh. Seans gurb í an éiric a bheidh á lorg ag Naomi Long is a páirtí ná leasú ar na rialacha a ligfeadh di nó a comharba a bheith tofa ina céad-aire nó leas-chéad-aire sa todhchaí, leasú a chuirfeadh ionadaithe ‘eile’ ar chomhchéim le hionadaithe náisiúnacha nó aontachtacha. Chothromódh sin an pháirc imeartha do gach eite agus d’aithneodh sé an t-athrú nach beag atá tar éis teacht ar an saol ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998.

Mar gheall ar an gcéim chun tosaigh atá glactha ag an Alliance an uair seo, anois tá trí mhór pháirtí ann agus an chuid eile – is iad Sinn Féin, DUP agus Alliance na maithe móra. Tá an SDLP agus an UUP, a bhí cumhachtach tráth, fágtha ar gcúl acu agus níos faide siar arís tá an TUV agus Pobal Seachas Brabhús.

Táimid anois greamaithe i leamhsháinn. Ní bheidh an DUP sásta teacht ar bhord an Fheidhmeannais go dtí go mbeidh a mbuairimh faoin bPrótocal réitithe – cé chomh fada is a mhairfidh a gceanndánacht, sin an cheist. Ach níor bhuaigh éinne airgead riamh ar gheall go ngeillfeadh aontachtaithe gan feitheamh fada frustrach.

Is í an eagla atá ag teacht i réim anois go mbeidh an DUP níos deacra a bhogadh óna seasamh siocaithe mar gheall ar theacht chun cinn an TUV. Cé go bhfuair páirtí Jim Allister sciar níos mó den vóta an babhta seo, níor éirigh leis an bpáirtí aon chomhghleacaí a chur go Stormont in éineacht leis an gceannaire. Sin ráite, tá Jeffrey Donaldson ag leanacht an chúrsa atá leagtha amach ag Allister agus daoine níos aintoiscí ná é taobh amuigh de pholataíocht na bpáirtithe.

Maidir le SF, cheapfá gurb é seo an buaicphointe acu. Tá leas-Uachtarán an pháirti i dteideal bheith tofa ina Céad-Aire agus tá Mary Lou McDonald ag smaoineamh ar chuirtíní nua a chrochadh in Oifig an Taoisigh. Is é sprioc an pháirtí an tír a athaontú ach le cumhacht a bhaint amach ó thuaidh, bhí orthu díriú ar na ceisteanna bunusacha, an costas maireachtála agus a leithéid agus gan caint a dhéanamh ar an aisling.

A luaithe agus a bhí na vótaí á gcomhaireamh, bhí Mary Lou ag caint ar reifreann teorainn laistigh de chúig bliana. Beidh le feiceáil an mbeidh sí ag caint ar a leithéid le linn feachtas olltoghcháin ó dheas san am atá le teacht.

An fhadhb is mó ná cé go bhfuil caint ar Éirinn Aontaithe imithe i dtreis, tá an tacaíocht dó i measc na bpáirtithe polaitiúla ag dul i leig ó thuaidh. Ní féidir le Sinn Féin an svae a thabhairt leo ar an gceist seo leo féin agus tá an SDLP treascartha acu. An mbeidh sé níos éasca an Alliance a thabhairt leo ar an gceist seo? Is ar éigean é.

Anois go bhfuil an toghchán seo thart agus na vótaí áirithe, tá caint ann faoin Tionól a bheith ag teacht le chéile le linn na seachtaine seo. Ach ní bheidh an Feidhmeannas ar ais go dtí tar éis an tSamhraidh mar is é sin an t-am a bhíonn na hAontachtaithe ag gabháil dá séasúr máirseála. An bhfuil a leithéid de shéasúr ar mire in aon tír eile ar domhan? Go gcuirtear gach rud ar an méar fhada go dtí go mbíonn deireadh leis an riastradh oráiste seo a ghabhann seilbh ar an gcúigín trí nó ceithre mhí den bhliain? Tugtar ceadúnas de shórt éigin do pholaiteoirí aontachtacha gan bheith ag plé go dáiríre le ceisteanna tromchúiseacha a bhíonn ag imirt tionchar ar fhíorshaol na ndaoine a fhaid is atá an tsais á caitheamh acu.

Má tá ré an athruithe ag breacadh ó thuaidh, nár cheart gurb é seo an chead rud a d’athródh? Mar a deir Clann Stark, tá an Geimhreadh ag teacht agus beidh fuacht i réim arís.

An rud eile go gcaithfear féachaint air as an nua ná deireadh a chur leis an gcogadh bréige faoin bhfeachtas chun an tír a athaontú. B’fhearr liom féin go mbeadh níos mó ama againn chun an cheist a phlé ach tá an Breatimeacht agus an Prótocal tar éis an dragan a mhúscailt agus ní shuaimhneofar é anois go mbeidh sásamh aige. Creidim go mbeidh ar Rialtas na hÉireann dul i ngleic leis an gceist.  Ba thús maith an tAonad Uile-Oileánda ach tá an rás imithe chun tosaigh air sin. Moladh atá agam ná go mbeadh reifreann laistigh de chúig bliana ar cé acu an bhféadfaí cainteanna foirmeálta a thosnú idir na páirtithe agus na rialtais ar an gceist agus, an faomhadh sin faighte, go ndéanfaí na ceisteanna go léir a bhaineann leis a phlé go dtí an t-eireaball siar agus go mbeadh ag comhaontú le cur os comhair an phobail i reifreann dearbhaithe ag deireadh an phroisis sin. Dá nglacfaí leis, thuaidh agus theas, bheadh tréimhse ama go dtí go dtiocfadh lá an aontais. Mura nglacfaí leis, bheadh ar na páirtithe is an dá rialtas filleadh ar an bplé.

Idir an dhá linn, tá gá fáil réidh leis an gcóras lochtach atá sa Tionól ó thuaidh a ligeann do na mórpháirtithe cros a chur ar chumadh is ar fheidhmiú an Fheidhmeannais. Go dtí go dtarlaíonn sin, ba cheart go n-athródh an Alliance a lipéad go ‘aontachtach’ agus go n-ainmneofaí Naomi Long ina Leas-Chéad-Aire. D’fhéadfadh an Feidhmeannas teacht le chéile ansan leis na pairtithe atá ar son rialtas a bheadh ag feidhmiú agus d’fhágfaí an DUP agus a gcomhionann ar bhinsí an fhreasúra ar feadh seala.

Tá Feidhmeannas feidhmiúil ag teastáil – ní féidir chun ligean do chúrsaí dul ar aghaidh le hathruithe siombalacha ach gan aon ‘athrú ceart’.

Níos mó