Tá coicís ag rialtas na Catalóine lena chinntiú gur i Spáinnis a dhéantar 25% den teagasc i scoileanna an réigiúin, de réir cinneadh cúirte.
D’fhógair Ard-Chúirt na Catalóine an tseachtain seo go bhfuil 15 lá ag an rialtas le cloí le rialú a rinneadh cheana go gcuirfí le líon na n-uaireanta teagaisc a dhéantar trí Spáinnis i scoileanna poiblí.
Is í an Chatalóinis teanga an tseomra ranga sa réigiún le dhá scór bliain ach tá conspóid ann faoin tumoideachas ó rialaigh Uaschúirt Bhreithiúnais na Catalóine go gcaithfidh ar a laghad 25% den teagasc sna scoileanna a bheith trí Spáinnis.
Tá rialtas na Catalóine ag cur i gcoinne an chinnidh ó thús ach d’ordaigh breithiúna an tseachtain seo go dtabharfadh an tAire Oideachais treoir do scoileanna chun a chinntiú go gcuirfí an rialú i bhfeidhm.
D’fhágfadh sin go gcaithfí ar a laghad croí-ábhar amháin nach teanga é a mhúineadh trí Spáinnis chomh maith leis na ranganna Spáinnise féin atá á dteagasc i scoileanna na Catalóine cheana féin.
Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfuil sé i gceist acu achomharc a lorg maidir leis an ordú.
Tá achomharc déanta cheana ag rialtas na Catalóine i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte go gcaithfí 25% den obair scoile a dhéanamh sa Spáinnis. Nuair a dhiúltaigh Cúirt Uachtarach na Catalóine don achomharc sin, scríobh an rialtas litir chuig breis is 5,000 stiúrthóir oideachais ar fud na Catalóine ag moladh dóibh gan cur leis an líon uaireanta teagaisc sa Spáinnis ina gcuid scoileanna.
Déantar an teagasc i scoileanna sa Chatalóin trí Chatalóinis d’fhonn í a chosaint mar theanga mhionlaigh sa Spáinn agus tá imní i measc phobal na Catalóinise go bhféadfadh an rialú seo a bheith ina bhuille mór do chúrsaí tumoideachais.
Is í an Chatalóinis príomhtheanga na scolaíochta sa Chatalóin ó 1983 ach sa bhliain 2014, rialaigh Uaschúirt Bhreithiúnais na Catalóine go raibh sé de cheart ag scoláire go múinfí ar a laghad 25% dá chuid ábhar i Spáinnis sa seomra ranga dá n-éileodh sé a leithéid. I mí na Nollag 2020 d’eisigh an chúirt chéanna rialú a chuir d’iallach ar chóras oideachais uile na Catalóine cloí leis an gcéatadán sin Spáinnise sa seomra ranga “go héifeachtach agus láithreach”.