15 leid bhronntanais do Lá na nAithreacha
Níl Lá na Máithreacha ach caite dínn, shílfeá, ach Lá na nAithreacha ag druidim linn go tréan. Ceiliúrtar an lá seo ar an tríú Domhnach de mhí an Mheithimh, agus is ea 19 Meitheamh Lá na nAithreacha i mbliana.
B’fhéidir go ndeireann do Dhaid nach bhfuil aon rud ag teastáil uaidh, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach má tá sé ar intinn agat rud éigin a fháil dó, seo rogha de bhronntanais do gach póca, mar spreagadh duit.
€7. Gallúnach lámhdhéanta d’fhir ó TheHandmadeSoapCo. Úsáideach, le boladh deas úr – d’fheilfeadh sé seo an fear praiticiúil,
€10. Luchtaire gan sreang ó Dunnes Stores. Má tá go leor gléasanna aige, bheadh sé seo úsáideach.
€15. Stocaí dar ndóigh! Seo péire ar a dtugtar ‘stocaí baile’, déanta i nDún na nGall as snáth athchúrsáilte. Le fáil ón IrishDesignShop.
€18. Cupán in-athúsáide ó HomeStore+More. Ólann formhór de na hÉireannaigh níos mó ná cupán caifé amháin sa lá; is féidir an cupán seo a úsáid arís is arís eile.
€19. T-léine le do théacs féin ó gifts.ie. Bí cúramach leis an téacs ionas gur féidir níos mó ná lá amháin a bhaint as an t-léine.
€28. Earraí níocháin d’fhir féasógach ón DublinGroomingCo. Tá siad fós thart, ach le cuma níos cóirithe, deirtear.
€25. Ceardlann mhanglaim i ndrioglann fhuisce Roe & Coe i mBaile Átha Cliath. Seo ceann de na drioglanna is nuaí sa phríomhchathair.
€40. Ceacht cadhcáil i nGaillimh ó Rusheen Bay Windsurfing. Nó b’fhéidir triail a bhaint as an ngaothsurfáil freisin.
€40. Ticéid lae don Revival Festival leis The Waterboys i mí Lúnasa i Lios Tuathail i gCiarraí. Ceol ó bhannaí as na hochtóidí.
€45. Turas báid timpeall na Scealga i gCiarraí le skelligislands.com. B’fhéidir an bhliain seo! Is féidir siúl thart ar Sceilg Mhichíl freisin, ach tá sé níos costasaí.
€60. Buidéal fuisce ‘Green Spot’ ó spotwhiskeys.com. Tá na mílte rogha agat sa chatagóir seo, níl anseo ach ceann acu, a d’fheileadh an chuid is mó do dhaoine.
€75. Leathuair in ionsamhlóir eitilte i gcontae an Chláir ó Golden Moments. B’fhéidir go cuireadh ainm an dreama seo as dó, áfach!
€105. Suathaireacht shuaimhneach ag an Chill Spa i gcontae Mhaigh Eo. Is deas sos beag a thógáil i dtimpeallacht álainn chiúin.
€120. Gearrchúrsa tumoideachas Ghaeilge le hOideas Gael i nDún na nGall. Chun snas a chur ar a chuid Gaeilge.
€130. Ceardlann ar bháicéireacht aráin le Bread41 i mBaile Átha Cliath.
Tá rogha chártaí as Gaeilge le fáil ón Siopa Leabhar agus an Celery Rose Studio agus, gan dabht, i siopa gar duit. Cinnte gur is leor cárta, amanna!