Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Conas d’imeacht féin a chur suas ar PEIG.ie

| fionnuala |

Is ceann de phríomhchuspóir PEIG ná an pobal a choimeád ar an eolas faoi na himeachtaí trí Ghaeilge (beag ná mór) atá ar siúl timpeall na tíre agus thar lear. Tá an liosta d’imeachtaí lárnach ar an leathanach baile, mar a léirítear thíos.

Is féidir le haon duine ón bpobal imeacht nua a chur leis an liosta sin, ach an t-eolas seo a leanas a thabhairt faoin imeacht –  teideal, suíomh, dáta agus am an imeachta, agus sonraí teagmhála an eagraí.

Léiríonn an t-alt seo conas d’imeacht a chlárú ionas go mbeidh sé ar an liosta ar PEIG. Sula bhfoilsítear an t-imeacht, déanann foireann PEIG athbhreithniú air chun bheith cinnte go bhfuil gach rud i gceart – mar sin, bain triail as!

Íomhá don imeacht

Ar dtús, moltar duit íomhá a chruthú nó a aimsiú don imeacht. Mura bhfuil tú in ann ceann a aimsiú, roghnóidh foireann PEIG ceann cuí don imeacht nuair atáimid ag déanamh athbhreithniú air sula bhfoilsítear é. Moltar duit íomhá i bhformáid tírdhreacha a chruthú/aimsiú, más féidir, ach níl sé sin riachtanach.

Mar shampla:

Cláraigh an t-imeacht

Chun tús a chur le clárú an imeachta ar PEIG, roghnaigh Cláraigh Imeacht ar an leathanach baile ar shuíomh PEIG.ie. Taispeánfar duit an fhoirm dár dteideal Cláraigh Imeacht.

Líon isteach an t-eolas faoin imeacht san fhoirm, mar a léirítear thíos.

Teideal, catagóir agus cur síos an imeachta

Líon isteach teideal an imeachta, roghnaigh an chatagóir is fearr, agus líon isteach an cur síos ar an imeacht.  Is féidir an téacs a fhormáidiú (focal a chur i gcló iodálach, mar shampla), agus naisc a chur sa téacs freisin. Más imeacht ar líne atá á reáchtáil agat, cuir isteach an nasc chuige sa téacs freisin (mar shampla, an nasc Zoom).

Sampla:
Teideal an Imeachta Oíche Cheoil
Catagóirí Imeachta Siamsaíocht
Cur síos ar an Imeacht Beidh oíche cheoil ar siúl Tigh Mheaic, le ceol ó Beirní Ní Neachtain (tuilleadh fúithi anseo). Cuirfear soláistí ar fáil freisin.
Failte roimh chách!
Íomhá an imeachta

Roghnaigh an íomhá don imeacht má tá ceann socraithe agat. Taispeánfar an íomhá seo leis an téacs i liosta na n-imeachtaí, agus freisin leis an imeacht féin. Mar a luadh thuas, roghnófar ceann duit mura gcuireann tú ceann leis san fhoirm.

Suíomh an imeachta

Is féidir imeacht a bheith ar siúl go hiomlán ar líne nó ar siúl in áit fhisiciúil. Léiríonn an chuid seo conas an t-eolas seo a shonrú san fhoirm.

An t-imeacht ar líne

Más imeacht ar líne atá i gceist, cuir isteach an nasc a úsáidfear chun freastal ar an imeacht – mar shampla, an nasc Zoom, nó eventbrite.

Roghnaigh do chontae. Mura bhfuil tú in Éirinn, roghnaigh ‘Thar Lear

Sampla:
Ar Líne Is ea
Nasc https://us02web.zoom.us…
Roghnaigh Contae Gaillimh
An t-imeacht fisiciúil

Más imeacht fisiciúil atá i gceist, caithfear an seoladh a chur os comhair an phobail – de réir sin, caithfear an seoladh iomlán a dheimhniú ar an bhfoirm.

Líon isteach suíomh an imeachta in Ainm Aite.

Sampla:
Ar Líne Ní hea
Ainm Áite Tigh Mheaic

Má tá an suíomh aitheanta mar lárionad ar PEIG, is féidir é a roghnú agus cuirfear an seoladh isteach duit go huathoibríoch.

Mura n-aithníonn PEIG an suíomh mar lárionad, taispeánfar ‘Níl an t-ionad sin sa chóras. Déan seic ar an litriú nó cuir ionad nua leis an gcóras anseo’ duit. Cliceáil ar ‘anseo‘ chun dul ar aghaidh chun an seoladh a aimsiú do PEIG.

Seoladh don imeacht atá ar siúl in Éirinn

Má tá an t-imeacht ar siúl in Éirinn, cliceáil ar Féach an Léarscáil chun seoladh an tsuímh a aimsiú.

Cuir isteach ainm na háite (mar shampla, ‘Tigh Mheaic’) sa bhosca cuardaigh ar an léarscáil agus roghnaigh an ceann cuí ón liosta a thagann ar ais. Dún an léarscáil nuair atá an seoladh roghnaithe agat.

Deimhnigh na sonraí a chuireadh i Seoladh. Roghnaigh an contae.

Sampla:
Idirnaisiúnta Ní hea
Seoladh Carna Road, Contae na Gaillimhe, Éire,
Contae Gaillimh
Seoladh don imeacht atá ar siúl lasmuigh d’Éirinn

Má tá an t-imeacht ar siúl i dtír eile seachas in Éirinn, ní bheidh ort an seoladh a aimsiú ar an léarscáil. Roghnaigh ‘Idirnáisiúnta’ ar an bhfoirm agus cuir seoladh an imeachta go díreach isteach i Seoladh.

Sampla:
Idirnaisiúnta Is ea
Seoladh Rue Des Arbres, Páras, An Fhrainc
Dáta agus am an imeachta

Chun dáta agus am an imeachta a léiriú, cliceáil Cuir Am Nua Leis

Cuir isteach an dáta atá an t-imeacht ar siúl agus an t-am a thosaíonn sé agus a chríochnaíonn sé.

Sampla:
Dáta Tosaigh an Imeachta 01/07/2022
Am 21:00
Dáta Deiridh Imeachta 01/07/2022
Am 23:00

Más imeacht é a tharlaíonn níos mó ná uair amháin, is féidir Imeacht Athrá a roghnú ar an fhoirm, tar éis na ndátaí agus amanna a chur isteach, chun na sonraí athráite a chur isteach.

Cliceáil Cuir Isteach nuair atá tú sásta leis na dátaí agus sonraí athráite atá roghnaithe agat.

Sampla – imeacht a bheidh ar siúl gach lá
Sampla:
Imeacht Athrá Is ea
Bíonn an ócáid ​​ar siúl gach XX Gach lá
Go dtí 08/07/2022

Beidh an t-imeacht seo gach lá ó 1 Iúil go dtí 8 Iúil – ocht n-uaire.

Sampla – imeacht a bheidh ar siúl gach seachtain
Sampla:
Imeacht Athrá Is ea
Bíonn an ócáid ​​ar siúl gach XX Seachtain
Ar na laethanta Dé hAoine
Go dtí 05/08/2022

Beidh an t-imeacht seo ar siúl gach seachtain, ar an Aoine, ó 1 Iúil go dtí 5 Lúnasa – sé uair.

Sampla  – imeacht a bheidh ar siúl gach mí
Sampla:
Imeacht Athrá Is ea
Bíonn an ócáid ​​ar siúl gach XX
Ar an gcéad Dé hAoine
Go dtí 02/09/2022

Beidh an t-imeacht seo ar siúl gach chéad Aoine sa mhí ó 1 Iúil – 2 Meán Fómhair – trí huaire.

Eolas faoin eagraí

Cuir isteach an t-eolas faoin eagraí. Gheobhaidh an t-eagraí ríomhphost nuair a fhoilsítear an t-imeacht.

Is féidir na sonraí faoin eagraí a bheas le feiceáil a roghnú anseo.

Sampla:
Ainm Tadhg Ó’Dónaill
Ná taispeáin go Poiblí
Ríomhphost t.odonaill@coras.com
Taispeáin go Poiblí
Fón Ná taispeáin go Poiblí
Nóta Ná taispeáin go Poiblí
Críoch

Cliceáil Cuir Isteach ag bun na foirme nuair atá na sonraí uile go léir curtha isteach faoin imeacht. Má tá gach rud curtha isteach agat, cuirfear ar ais chuig Cláraigh Imeacht arís thú, chun imeacht nua a chlárú!

Mar a luadh thuas, ní fhoilseofar an t-imeacht go dtí go ndéantar athbhreithniú air; mar sin, caithfidh tú fanacht tamaillín beag. Nuair atá sé foilsithe, gheobhaidh an t-eagraí ríomhphost leis an nasc chuig an imeacht ar PEIG. Is fiú go mór duit athbhreithniú a dhéanamh ar an imeacht ar PEIG.

Má bhíonn aon fhadhb agat, déan teagmháil linn – tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh. Beidh míle fáilte freisin roimh aon aiseolas.

Go n-éirí libh!