Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
eisteacht-liomhainti-bhlathnaid-ui-chofaigh-faoi-chiapadh-gneis-curtha-siar-agus-covid-19-ar-fhinneithe

Éisteacht líomhaintí Bhláthnaid Uí Chofaigh faoi chiapadh gnéis curtha siar agus Covid-19 ar fhinnéithe

| Tuairisc.ie | ,

Cuireadh siar ag an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inniu cás an chraoltóra Bláthnaid Ní Chofaigh atá ag maíomh go ndearnadh ciapadh gnéis agus íospairt uirthi agus í ag obair do RTÉ.

Cuireadh an éisteacht siar sa WRC mar gheall nach raibh fáil ar fhinnéithe tábhachtacha de chuid an chosantóra toisc Covid-19 a bheith orthu.

Bhí sé i gceist an cás a éisteacht as seo go ceann roinnt laethanta ach is mí Mheán Fómhair anois a bheidh sé ar siúl.

Meastar go dtabharfaidh an láithreoir teilifíse as Gaeltacht Ráth Chairn fianaise maidir leis na líomhaintí an uair sin.

Faoi ordú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ní ainmneofar na daoine a bhfuil na coireanna á gcur ina leith. D’aontaigh lucht dlí go dtabharfaí códainmneacha ar na daoine a bhfuil na líomhaintí déanta ina n-aghaidh.

Tá a gearán déanta ag Bláthnaid Ní Chofaigh in aghaidh an chraoltóra náisiúnta faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, agus í ag maíomh go ndearnadh idirdhealú uirthi le ciapadh le linn mhí Iúil 2019 agus go ndearnadh íospairt uirthi ina dhiaidh sin.

Ag réamhéisteacht a bhí ar siúl an mhí seo caite, dúirt abhcóide an chraoltóra, Mairéad McKenna BL, go raibh na líomhaintí ar fad in aghaidh RTÉ, á séanadh ag an gcraoltóir.

D’iarr an t-abhcóide más éisteacht phoiblí a bheadh ann go dtabharfaí treoir nach n-ainmneofaí na daoine a bhfuil na líomhaintí curtha ina leith.

Dúirt sí go mbeadh RTÉ ag iarraidh go dtabharfaí treoir do na meáin chumarsáide nach n-ainmneofaí aon duine a raibh líomhaintí á gcur ina leith, fiú dá dtarlódh go n-ainmneofaí de thimpiste iad le linn na héisteachta.

D’aontaigh Breiffni O’Neill, an t-oifigeach breithnithe, leis an nós imeachta sin.

Dúirt an tAbhcóide Claire Bruton nach raibh “fadhb ar bith” aici leis an treoir nach n-ainmneodh an preas na daoine a raibh na coireanna á líomhnú ina gcoinne ach dúirt sí gur theastaigh ó Bhláthnaid Ní Chofaigh “go rachfaí ar aghaidh leis an éisteacht go poiblí”.

Dúirt Bruton gur ainmníodh triúr i dtuarascáil imscrúdaithe inmheánaigh agus go bhfuil duine amháin acu sin “i mbéal an phobail”.

Dúirt an breithneoir go gcaithfí cuid de na rudaí a líomhnaítear a dúradh i ndiaidh dreas fótagrafaíochta a éisteacht ag seisiún príobháideach.

Dúirt an tAbhcóide Bruton go ndearnadh íospairt ar a cliant agus gur “cuireadh i leataobh í san oifig” tar éis di an scéal sin a ardú.

Dúirt Abhcóide RTÉ, Mairéad McKenna go raibh a macasamhail d’imeachtaí ar bun maidir leis an Ard-Chúirt sa chás. Dúirt an tAbhcóide Bruton gur rialaigh an Chúirt Achomhairc cheana go bhféadfadh cás díobhálacha pearsanta agus fiosrúchán reachtúil faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta dul ar aghaidh ag an am céanna.

Dúirt Bruton go mbeadh beirt nó triúr finnéithe eile á ngairm aici féin chomh maith le Bláthnaid Ní Chofaigh, agus go dteastódh trí huaire ar a laghad uathu le fianaise dhíreach a thabhairt.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge