Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
teideal-‘seafoideach’-an-choimisneara-ultaise-cainte-le-linn-ple-faoi-bhille-teanga-in-westminster

Teideal ‘seafóideach’ an Choimisnéara Ultaise cáinte le linn plé faoi bhille teanga in Westminster

Cuireadh tús tráthnóna inné i dTeach na dTiarnaí i Londain leis an mionphlé ar an mbille teanga atá le tabhairt isteach in Westminster do Thuaisceart Éireann.

45 leasú a moladh ag céim an choiste den bhille mar a ndéantar mionscrúdú agus plé líne ar líne ar aon leasú atá le déanamh ar phíosa reachtaíochta.

Pléadh le linn an chruinnithe leasuithe a cuireadh chun cinn chun laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mbeadh veto ag an DUP ar na cearta teanga sa reachtaíocht.

Pléadh freisin leasuithe a bhain leis na cumhachtaí nua atá á mholadh do Státrúnaí an Tuaiscirt, cumhachtaí a cheadódh dó feidhm a thabhairt don bhille é féin dá dteipfeadh ar Stormont an cúram a dhéanamh.

Pléadh chomh maith cuid mhaith leasuithe a bhain le stádas na hUltaise agus le maoiniú breise a thabhairt di. Rinneadh cuid mhaith cainte faoi leasú ar theideal fada 24 focal an Coimisinéara Ultaise atá molta sa bhille.

Tabharfaidh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair. Cheapfaí faoin reachtaíocht beirt Choimisinéirí Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Tá sé ina imní, áfach, go bhfágann cuid den bhille go mbeadh veto ag polaiteoirí aontachtaithe ar na cearta teanga ann.

Mar shampla, is le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a cheapfaí an Coimisinéir Teanga agus ina dhiaidh sin, is le cead na n-airí sin a thabharfaí isteach na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras. Fágann sin go bhféadfadh an DUP bac a chur ar chearta teanga, mar atá déanta acu go dtí seo in Stormont.

De réir ceann de na leasuithe a mhol Banbharún Dhún Pádraig Margaret Ritchie ní bheadh na caighdeáin a leagfadh an Coimisinéir Teanga nua síos ag brath ar bheannacht a fháil ón gCéad-Aire agus an Leas-Chéad Aire.

D’fhágfadh leasú eile a mhol Ritchie go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí cloí leis na caighdeáin i dtaobh seirbhísí seachas “aird mar is cuí” a thabhairt orthu, mar atá sa bhille faoi láthair.

Mhol Ritchie agus an Banbharún Mary Goudie ó Pháirtí an Lucht Oibre leasú a d’fhágfadh go mbeadh ar Státrúnaí an Tuaiscirt cinneadh a dhéanamh faoi fheidhm a thabhairt don reachtaíocht taobh istigh de 30 lá ón uair a chuirfí bac uirthi in Stormont.

Ach mhol an Banbharún Kate Hoey, iarbhall de pháirtí an Lucht Oibre, atá go láidir i gcoinne an bhille, agus an Tiarna Daniel Moylan ó na Tóraithe nach mbeadh cead ag an Státrúnaí gníomhú i leith na reachtaíochta ach amháin sa chás go mbeadh Feidhmeannas Stormont imithe ar feadh sé mhí.

Chuaigh leasú a mhol polaiteoirí de chuid an DUP níos faide ná sin agus iad den tuairim gur cheart na cumhachtaí a thugtar don Státrúnaí a bhaint as an mbille ar fad. Ba iad na polaiteoirí a chuir an leasú sin chun cinn Maurice Morrow, Tiarna Morrow Ghleann an Chlochair, William McCrea, Tiarna McCrea Mhachaire Fíolta, Willie Hay, Tiarna Hay Ballyore agus Nigel Dodds, Barún Dhuncairn.

Mhol an ceathrar céanna go mbeadh ar an Státrúnaí tuarascáil airgeadais a ullmhú gach bliain faoi chostas na reachtaíochta. Bhain roinnt de leasuithe eile an DUP leis an Ultais.

Moladh mar shampla go gciorrófaí teideal an Choimisinéara Ultaise – An Coimisinéir um Fhorbairt agus Bisiú ar an Teanga, na hEalaíona agus an Litríocht a luaitear le Traidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.

Mhol ceathrar an DUP freisin go leasófaí an bille le go mbeadh deontais ar leith le dáileadh ag an Roinn Oideachais chun a dualgais nua maidir le cur chun cinn na hUltaise a chomhlíonadh.

Níor ghlac Rialtas na Breataine le haon cheann de na leasuithe a moladh le linn an phlé ach dúirt an Tiarna Jonathan Caine, a bhí ag labhairt thar ceann Rialtas na Breataine, go bhfillfeadh sé ar roinnt acu ag an gcéad chéim eile, Céim na Tuarascála.

I measc na leasuithe a dúirt an Tiarna Caine go bhfillfeadh sé orthu bhí an ceann a mhol an DUP faoi theideal Choimisinéir na hUltaise a athrú. Dúirt an Tiarna Morrow go raibh an teideal a leagadh amach sa bhile “seafóideach” agus go ndéanfaí “ceap magaidh” den ról.

Jonathan Caine

Tuairiscíodh go raibh an mhíshástacht faoi theideal Choimisinéir na hUltaise ar cheann de na cúiseanna go raibh an oiread moille ag baint le tabhairt isteach na reachtaíochta in Westminster.

Agus é ag tagairt don leasú, dúirt an Tiarna Caine gur thuig sé go maith buairt an Tiarna Morrow agus a chomhghleacaithe agus go bhfiosródh sé an scéal tuilleadh roimh Chéim na Tuarascála.

Mheas an DUP go raibh leithcheal i gceist freisin i dtaobh na gcumhachtaí a bhronnfar ar an dá choimisinéir. Dúradh gur bhain cuid den ábhar a bhí sa bhille siar as an bpobal Aontachtach sa Tuaisceart. Bheadh cumhachtaí i bhfad níos mó ag an gCoimisinéir don Ghaeilge, a dúradh. Dúirt an Tiarna McCrea go raibh “an t-idirdhealú” a bhí á dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Ultais “dochosanta amach is amach”.

Dhiúltaigh an Tiarna Caine glacadh leis an leasú agus dúirt sé nach mbeadh sé cuí na cumhachtaí a bheadh ag coimisinéir amháin a leasú gan cumhachtaí an choimisinéara eile a leasú freisin. Dúirt sé go mbeadh na coimisinéirí ag freastal ar na “riachtanais éagsúla atá ag an dá phobal ó thuaidh”.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge