Amhránaithe Éireannacha ar fiú éisteacht leo
Aoife Ní Chrualaoich
Gan aon amhras, tá muintir na hÉireann thar a bheith cumasach; sa spórt, san fhilíocht, sa dráma, tá an liosta ag dul i méid i gcónaí. Agus is tír cheolmhar í Éire, freisin. Tugann an ceol daoine le chéile. Cé go bhfuil clú agus cáil ar bhannaí cosúil le Hozier, The Coronas, The Cranberries, agus The Script, tá go leor amhránaithe eile a bhfuil gealladh fúthu in Éirinn faoi láthair. Seo liosta de na cinn is fearr liom.
Saint Sister
Is grúpa mná iad Saint Sister. Is as Doire í Gemma Doherty agus is as Béal Feirste í Morgan MacIntyre. Bhuail an bheirt le chéile i mBaile Átha Cliath agus tá a fhios ag madraí an bhaile cén chríoch a bhí ar an scéal. Tá camchuairt timpeall an domhain déanta acu agus bhí siad mar bhanna tacaíochta ag Hozier agus Lisa Hannigan.
Deirtear go bhfuil a stíl an-chosúil le hEnya agus Lisa Hannigan. Seinneann siad in ionaid éagsúla draíochtacha ar fud na hÉireann; mar sin, bígí ag faire amach. Tuilleadh eolais faoin mbeirt anseo.
Wyvern Lingo
Is tríréad iad Wyvern Lingo, a d’fhás aníos le chéile leis an bpaisean céanna sa cheol.
Is mná cumasacha iad le glórtha neamhghnácha. Chuaigh siadsan freisin ar camchuairt le Hozier agus bíonn ceol úr á eisiúint acu go seasta thar na blianta.
Cosúil le Saint Sister, is minic a fheictear Wyvern Lingo in ionaid leithleacha ar fud na hÉireann mar shampla i gConnollys of Leap i Léim Uí Dhonnabháin i gcontae Chorcaí, nó St. Luke’s sa chontae chéanna. Leigh níos mó fúthu anseo.
Fontaines DC
Tá an-tóir ar an ngrúpa seo in Éirinn, gan dabht, agus thar lear freisin. Is banna rac iad Fontaines DC a bhunaíodh i mBaile Átha Cliath i 2017. Feictear iad ar an stáitse in Éirinn, sa Fhrainc, sa Bheilg, san Iodáil agus san Eilvéis go minic.
Ní hamháin sin, ach tá lucht leanúna mór acu sna Stáit Aontaithe chomh maith. Is léir gur grúpa an-rathúil iad Fontaines DC mar is minic a bhíonn na ticéid go léir don a gceolchoirmeacha díolta amach. Níos mó eolais fúthu anseo.
CMAT
Is ceoltóir, cumadóir amhráin, agus amhránaí í CMAT. Tá stíl shuaithinseach dá cuid féin ag an bhean seo. Cloíonn sí lena stíl ailtéarnach seo agus dá bharr sin, spreagann sí daoine eile chun bheith níos muiníní ina stíl féin. Chuir sí a céad albam amach i mí Feabhra 2022. Gan amhras, cuireann sí a lucht leanúna faoi gheasa lena glór mistiúil. Tuilleadh fúithi anseo.
Is léir go bhfuil amhránaithe uathúla draíochtacha againn ar Oileán Iathghlas Éireann. Cuirtear mórtas cine, mórtas teanga, agus an meas atá againn ar ár gcultúr in iúl trí cheol na hÉireannaigh. Ní gá a thuilleadh cuardaigh a dhéanamh, téigh ar Spotify agus tacaígí leis na hamhránaithe Éireannacha!